Bród ar LYIT tacú le hiarrachtaí aghaidh a thabhairt ar dhúshláin Covid-19

Bród ar LYIT tacú le hiarrachtaí aghaidh a thabhairt ar dhúshláin Covid-19

News, Student News, Staff News / Déardaoin 16 Aibreán 2020

Foireann agus mic léinn LYIT ag obair as láimh a chéile chun dúshláin Covid-19 a fhreagairt

Tá foireann agus mic léinn LYIT ag obair le chéile le cúpla seachtain anuas ag tacú le lucht an túslíne chun dúshláin Covid-19 a fhreagairt. 

Image

Dúirt Paul Hannigan, Uachtarán: “Is mór an onóir againn cur leis na hiarrachtaí náisiúnta chun cuid de na dúshláin seo a fhreagairt  agus tacú le lucht an túslíne in am seo na práinne. Le cúpla seachtain anuas, tá foireann agus mic léinn LYIT ag saothrú ar bhealaí suntasacha chun tacú leis an bpobal áitiúil san tréimhse achrannach seo”. 

Tá ról lárnach ag mic léinn altranais LYIT san troid in aghaidh Covid-19. Tá mic léinn altranais na bliana deiridh fostaithe ag FSS agus iad ag obair ins na hospidéil áitiúla agus le comhpháirtithe cliniciúla. Thug an Dr Louise Mc Bride, Ceann na Roinne Altranais & Staidéar Sláinte, deis do na mic léinn altranais ó na blianta eile páirt a ghlacadh sa chomhaontú “HSE Be on Call”; agus tá mic léinn eile ag obair ar bhonn deonach ina bpobail áitiúla féin. Tá baill foirne ón Roinn ag obair freisin le FSS ar rianú teagmhálaithe. 

Dúirt an Dr McBride: “Is taispeántas misnigh agus díonachta é an glaoch seo a fhreagairt. Ambasadóirí iontacha ag LYIT agus ag gairm an altranais iad na mic léinn seo. Táimid thar a bheith bródúil as a saothar in uair dhúshlánach seo na práinne sa troid i gcoinne Covid-19.” 

Dheonaigh an Roinn Altranais & Staidéar Sláinte agus an Roinn Eolaíochta a gcuid PPE ar fad chuig Comhpháirtithe Altranais Shláinte Phoiblí sa phobal áitiúil, agus bhíodar san an-bhuíoch as seo. 

Tá Roinn Eolaíochta LYIT ag obair le Ospidéal Ollscoile Leitir Ceanainn (LUH) um díghalrán lámh a tháirgeadh, de réir treoirlínte WHO, le haghaidh lucht túslíne. Chomh maith leis an deontas PPE, tá an Roinn ag cuidiú le hiarrachtaí náisiúnta de réir mar is gá. Dúirt an Dr Joanne Gallagher, Ceann na Roinne Eolaíochta: “Tá áthas ar an Roinn cuidiú le saothar lucht túslíne agus pé cabhair is féidir a thabhairt”.

Image

Chuaigh foireann innealtóireachta in LYIT i gcomhar le múinteoirí teicneolaíochta ar fud na tíre chun aghaidhsciatha a sholáthar do lucht leighis trí úsáid a bhaint as an dteicneolaíocht is déanaí um chló 3D. Is cuid é seo den iarracht idirnáisiúnta, mar a chuirtear dearthaí ar fáil saor in aisce ar líne chun an tréimhse deartha agus déantúis a ghearradh siar. 

D’iarr an Dr Erik Korba, LUH, ar LYIT na haghaidhsciatha a sholáthar, tar éis dó dearadh a fháil ar líne ó innealtóir Seiceach. 

Chuaigh innealtóirí LYIT i mbun oibre láithreach, trí úsáid a bhaint as trealamh a úsáidtear de ghnáth le haghaidh tionscadail sa choláiste. Bhunaíodar clólann 3D i mbaile Dhún na nGall agus bhaineadar feidhm freisin as foirgneamh CoLab ar champas Leitir Ceanainn.  D’éirigh leo 520 aghaidhsciath a sholáthar sa chéad seachtain tairgíochta. 

Dúirt an Dr Jim Morrison, Ceann na Roinne Innealtóireachta Leictreonach & Meicniúil: “Tá áthas orainn go bhfuil ar ár gcumas na haghaidhsciatha seo a dhéanamh. Mar gheall ar scileanna luachmhara agus saineolas na foirne innealtóireachta bhí ar ár gcumas an dearadh a athrú agus tairgeadh níos tapúla a dhéanamh. Táimid buíoch dóibh siúd atá ag saothrú ar an túslíne”.

Tháinig comhlachtaí áitiúla eile isteach ar an dtionscadal agus táthar ag cuardach modhanna eile déantúsaíochta chun aghaidhsciatha den scoth a sholáthar chuig lucht túslíne chomh tapa agus is féidir. 

Tá LYIT ag cuidiú leis An Garda Síochána trí úsáid a bhaint as foirgneamh CoLab ar champas Leitir Ceanainn. 

Dúirt an tUachtarán Hannigan: “Is fada LYIT ina chuid lárnach den phobal áitiúil i Leitir Ceanainn agus an ceantar máguaird. Tá áthas orm a fheiceáil go bhfuil, baill foirne agus mic léinn, gnóthais agus daoine áitiúla, ag teacht le chéile sa troid i gcoinne Covid-19.  Leanann an obair ar aghaidh agus tá Ranna eile san Institiúid a bhfuil obair leanúnach ar bun acu”. 

Tabharfar tuilleadh eolais maidir leis na forbairtí cruthaíocha agus nuálaíocha seo de réir mar a thagann siad chun cinn. 


An nuacht is déanaí

Imeachtaí