Seoladh tionscadail pleanála forbartha gairmiúla don fhoireann.

Seoladh tionscadail pleanála forbartha gairmiúla don fhoireann.

News, Staff News / Dé Céadaoin 22 Eanáir 2020

Seoltar tionscadal PROGRESS um fhorbairt ghairmiúil foirne a phleanáil

Sheol LYIT tionscadal PROGRESS um fhorbairt ghairmiúil foirne a phleanáil. Ciallaíonn PROGRESS: Professional Growth for Equity, Sustainability and Success.  Is tionscadal taighde é a thacaíonn pleanáil um fhorbairt ghairmiúil don bhfoireann ar fad ag LYIT, á mhaoiniú ag an bhFóram Náisiúnta um breisiú teagaisc agus foghlama san Ardoideachas. 

Image
LYIT PROGRESS Launch, with Paul Hannigan, Dr Lynn Ramsey and Dr Eilis Flanagan.

Dúirt an Dr Lynn Ramsey, Stiúrthóir um Chomhionannas, Éagsúlacht agus Cuimsiú: ‘Cinntíonn an tionscadal gníomhú mac léinn sa phróiseas pleanála agus cuidíonn sé linn a thuiscint conas a imríonn forbairt ghairmiúil foirne tionchar dearfach ar eispéireas na mac léinn ar dhul chun cinn san ardoideachas’. 

Image
LYIT PROGRESS team, Dr Lynn Ramsey, Dr Eilis Flanagan and Sheila Giblin pictured with Majella McBride and Ken Brown, two of the four staff winners of the Shop LK vouchers, awarded for participation in the PROGRESS survey. Winners not present were Vicky O’Rourke and Humphrey Murphy.

Ar na torthaí taighde tá an samhail PROGRESS – creat bunaithe ar fhianaise mar thaca le pleanáil um fhorbairt ghairmiúil – chomh maith le clár ar leith um Chomhpháirtíocht Mheantóireachta a chuimsíonn mic léinn agus baill foirne, agus samhail Teagaisc agus Foghlama  Bring Your Own Device (BYOD). Rinneadh suirbhé ar an bhfoireann ar fad maidir lena bhforbairt ghairmiúil. Dúirt príomh-thaighdeoir PROGRESS, an Dr Eílis Flanagan: ‘Bhí sárghníomhú sa thaighde ón bhfoireann agus léiríonn na sonraí a gcuid tosaíochtaí maidir le fás gairmiúil, chomh maith le tionchar uas-scileanna agus tógáil líonraí gairmiúla ar ghníomhú na mac léinn san oideachas’.  Bhí tionchar dearfach ar fhoghlaim na mac léinn agus ar a ngníomhú san oideachas eolaíochta ón chéad bhabhta den tionscnamh BYOD. Tosaíonn an chéad dream meantóirí mac léinn ag obair le baill foirne an mhí seo.  

Tionólfaidh an fhoireann um Theagasc, Foghlaim agus Gníomhú Mac Léinn seimineár ar 28 Bealtaine 2020 dar teideal Making Connections: Research and Professional Development.  Ar an ócáid seo, seolfar torthaí taighde PROGRESS; is é an tOllamh Merrilyn Goos, Ionad EPI*STEM, Ollscoil Luimnigh príomhchainteoir na hócáide. 


An nuacht is déanaí

Imeachtaí