Roghanna nua foghlama solúbtha le forbairt faoi thionscadal iNOTE
Tá Comhaontas Chonnacht-Uladh (GMIT, LYIT agus IT Sligeach) ag cur le cumas foghlama digiteach agus solúbtha ag foirne agus mic léinn ar fud an Iarthair agus an Iar-Thuaiscirt, chun na critéir um Ollscoil Teicneolaíochta a bhaint amach.
Tá Innovative Opportunities Transforming Education Project (iNOTE) tar éis maoiniú €2.8m a fháil ón Chiste Nuálaíochta agus Trasfhoirmithe Ardoideachais chun na roghanna nua seo um fhoghlaim solúbtha a fhorbairt ins na trí institiúid. Tá an Tionscadal iNOTE ailínithe leis na cuspóirí lárnacha le haghaidh an Chórais Ardoideachais 2018 -2020.
Ag cruinniú le déanaí (9 Nollaig) de Choiste Stiúrtha iNOTE, fógraíodh go bhfuil trí sainchomhairleoir seachtrach tagtha ar an gcoiste – an Dr Jim Murray, Stiúrthóir Gnóthaí Acadúla, CAO; an Dr Terry McGuire, Stiúrthóir, Fóram Náisiúnta um Breisiú Teagaisc agus Foghlama; agus Marie Lyons, Leas-Uachtarán USI don Réigiún Teorann Lár Tíre & Iarthair.
Dúirt an Dr Seán Duffy, Bainisteoir Tionscadail CCU LYIT agus Ceann Tionscadail iNOTE: “Tá áthas orainn na comhairleoirí seachtracha a bheith ar bord againn chun ról lárnach a ghlacadh i bhforbairt an tionscadail seo. Beart comhoibritheach ar scála mór is ea an tionscadal iNOTE, a chuideoidh go mór le comhpháirtithe CCU chun na riachtanais um ollscoil teicneolaíochta a fhreagairt.”
Photo caption:
Pictured at the Steering Committee meeting in THEA, Dublin, are (l-r): Billy Bennett, VP Academic Affairs & Registrar, LYIT; Dr Séamus Lennon, VP Academic Affairs & Registrar, GMIT; Marie Lyons, USI; Dr Jim Murray, THEA; Dr Sean Duffy, LYIT CUA Project Manager and iNOTE Project Lead; Dr Simon Stephens, LYIT iNOTE Project Lead; Dr Terry McGuire, National Forum; and Dr Carina Ginty, GMIT iNOTE Project Lead.
Tá GMIT, IT Sligeach agus LYIT ag obair le chéile chun Ollscoil Teicneolaíochta a chruthú in Iarthar agus Iar-Thuaisceart Éireann.