Seimineár Luathchúram Leanaí ar 5 Deireadh Fómhair

Seimineár Luathchúram Leanaí ar 5 Deireadh Fómhair

News, Staff News, Events, Staff Events / Dé Máirt 27 Lúnasa 2019

LYIT le Seimineár a reáchtáil i gcomhar le Coiste Cúram Leanaí Chontae Dhún na nGall

Beidh seimineár faoi Luathchúram Leanaí agus Oideachas Luath-Óige ag LYIT, i gcomhar le Coiste Luathchúram Leanaí Co Dhún na nGall, ar an Satharn 5 Deireadh Fómhair.

Is é an tOllamh Mathias Urban, ón Ionad Taighde Luath-Óige ag DCU an príomhchainteoir. Beidh cainteanna freisin ó bhainisteoirí áitiúla seirbhísí, Early Years Inspectorate, Tusla agus Better Start Quality Mentor. 

Tabharfar eolas maidir le cleachtais áitiúla agus léiriú ar fhorbairt seirbhísí áitiúla san Earnáil Luathchúram Leanaí agus Oideachais Luath-Óige. 

Dúirt an Dr Louise McBride, Ceann na Roinne Altranais agus Staidéar Sláinte: “taispeánfaidh an seimineár seo gnéithe cáilíochta cleachtais, riachtanais rialachais, aitheantas saothair go dtí seo agus conas dul chun cinn a dhéanamh mar lucht saothair ghairmiúil. Beidh deiseanna um dhíospóireacht maidir le heispéiris chomhroinnte, tacú le comhoibrithe agus meantóireacht foirne ó lá go lá chun an toradh is fearr le haghaidh leanaí agus a dteaghlaigh a chinntiú”.  

Imeasc na gcainteoirí eile beidh:

  • Catherine Cullen, Cigire Oideachais Luath-Óige, an Roinn Oideachais agus Scileanna 
  • Sandra McLaughlin, Speisialtóir Luath-Óige, Better Start Quality Development Service 
  • Breda Cloney, Bainisteoir – Cigireacht agus Clárú, Ceantar Thiar-Thuaidh, TUSLA 
  • Theresa Gallen, Bainisteoir, Seirbhís Cúraim Leanaí Twin Towns agus céimí ECCE LYIT. 

Beidh an seimineár ar siúl ar an Satharn 5 Deireadh Fómhair, 10 am – 3 pm, Léachtlann 1101 ag LYIT.

Sonraí Áirithinte:  

  • Cláraigh trí ríomhphost chuig ecceseminarbookings@lyit.ie
  • Costas €15 le híoc ar an lá um chlárú
  • Is gá réamh-áirithint toisc teorainn tinrimh. 

An nuacht is déanaí

Imeachtaí