Seoltar clár imeachtaí ‘Donegal Connect’

Seoltar clár imeachtaí ‘Donegal Connect’

News / Dé Luain 12 Lúnasa 2019

Sheol Donegal Connect clár le haghaidh imeachtaí thar 10 lá ón 27ú Meán Fómhair go dtí an 6ú Deireadh Fómhair ar fud an chontae. Clúdaíonn an clár 45 ócáid agus seoladh é le déanaí ag an Óstán Radisson Blu, Leitir Ceanainn. Tá áthas ar LYIT tacú le Donegal Connect, tionscnamh gur aidhm dó deiseanna nua don chontae a chruthú trí nascadh leis an Diaspóra, thar lear agus in Éirinn, agus le héinne atá ag smaoineamh ar chuairt a thabhairt ar Éirinn. 

Foilsíodh eolas ar fheachtas fógraíochta ocht seachtain atá dírithe ar na himeachtaí a fhógairt ar fud an domhain. “Beidh lá #lovedonegal Twitter ar an 14ú Lúnasa, ag iarraidh ar gach duine a bhfuil ceangail acu le Dún na nGall a rá linn cad é faoin chontae is geal leo,” a dúirt Michael Tunney ó Donegal LEO – páirtnéar tosaíochta san tionscnamh. 

Image

“Beimid ag glaoch ar ambasadóirí Donegal Connect mar Sarah Jessica Parker, Packie Bonner agus daoine eile tacú leis an lá Twitter, chun an scéal a scaipeadh níos leithne fós.” 

“Seolfar freisin comórtas do chách um ghearrfhíseán ar na meáin sóisialta. Is mian linn cumas agus cruthaitheacht gnáthdhaoine a chur ag obair, chun a léiriú conas a fheiceann siad Dún na nGall taobh istigh de 20 soicind nó níos lú. Is mian linn fís Dhún na nGall agus mórtas as an gcontae a roinnt chun atmaisféar domhanda ar líne a chruthú.” 

“Ní fhéadfaí aon chuid de seo a dhéanamh gan an maoiniú agus an tacú atá faighte againn ó Fáilte Ireland faoin Tionscnamh Gaelach Domhanda. Tá Donegal Connect fíorbhuíoch as an deis seo atá againn leathnú amach ar fud an domhain.” 

Sonraí an Chláir

Sheol Cathaoirleach Chomhairle Contae Dhún na nGall, an Comhairleoir Nicholas Crossan, an clár imeachtaí. “Is aidhm do Donegal Connect iad siúd a bhfuil préamhacha acu sa chontae a mhealladh teacht abhaile ar cuaird, chun oibre, chun scoradh, chun infheistiú nó chun gnó a thosú. Tá ábhar do chách sa chlár agus léireofar a mhéid atá againn  anseo le cur os comhair cuairteoirí. Tá gach eolas ar www.donegalconnect.com.”

Féile agus Fáilte 

Ar na príomhimeachtaí ceoil beidh Altan agus Christy Moore. “Beidh carnabhal taibhseach LUXE, chomh maith le taispeántais ealaíne ar Shaol na Gaeltachta, agus ar Imirce na mBan. Léireoidh imeachtaí Chósta Bia Dhún na nGall tairgí áitiúla, bia na mara agus scileanna cócaireachta.”

“Beidh ceardlanna ginealais, siúlóidí, turais, peil Ghaelach, galf, turais ar oileáin agus leath-mharatón. Beidh spraoi do theaghlaigh, filíocht, amhráin agus cóir. Léireoidh Lá na Gaeltachta oidhreacht stairiúil na Gaeltachta agus an fás atá i ndán di amach anseo.” 

“Mar sin, tá flúirse deiseanna chun teacht chuig na himeachtaí againne agus do ghaolta agus do chairde a thabhairt leat chun spraoi linn,” a dúirt an Comhairleoir Crossan.

Díriú ar Ghnó agus ar Leathnú 

Dúirt Príomh-Fheidhmeannach na Comhairle, Séamus Neely: “Baineann Donegal Connect freisin le deiseanna um leathnú eacnamaíoch a chruthú. Beidh imeachtaí speisialta ag díriú ar dheiseanna gnó agus infheistíochta. Beimid ag díriú freisin ar oideachas agus forbairt ghairmréime, ag taispeáint cad tá le tairiscint ag fostaitheoirí áitiúla. Beidh ócáidí um líonrú agus ceardlanna faoi athshuíomh nó filleadh ar Dhún na nGall.” 

“Baineann Donegal Connect le líonra domhanda a chruthú do dhaoine a bhfuil préamhacha nó ceangail acu le Dún na nGall, deis a thabhairt don Diaspóra seo nascadh le Dún na nGall agus lena chéile ar mhaithe le cách. Sa chaoi seo, is mian linn deiseanna nua a chruthú don chontae – infheistíocht, forbairt gnó agus deiseanna fostaíochta.” 

Tairiscintí Speisialta le haghaidh Donegal Connect

“Má tá cairde nó gaolta ag teacht abhaile le haghaidh Donegal Connect, tá réimse tairiscintí taistil ar fáil”, a dúirt Garry Martin, Stiúrthóir Seirbhíse ag Comhairle Contae Dhún na nGall. “Orthu seo tá lascainí ar eitiltí ó na Stáit Aontaithe, atá ar oscailt um áirithint go deireadh mhí Lúnasa.”

“Tá pacáistí eitilte/óstáin ó Bhaile Átha Cliath agus ó Ghlaschú. Chomh maith leo sin, tá Leabhar Dearbhán le haghaidh Donegal Connect, a thugann lascainí ar chóiríocht agus imeachtaí.” Féadfar an Leabhar Dearbhán a íoslódáil ón suíomh gréasáin. 

Tá gach eolas ar www.donegalconnect.com, ríomhphost info@donegaldiaspora.ie, nó glaoigh ar +353 74 9160735. 

Tá Donegal Connect maoinithe ag Fáilte Ireland faoin Tionscnamh Gaelach Domhanda. Tagann maoiniú breise, tacú oibríochta agus urraíocht ó: Comhairle Contae Dhún na nGall, Oifig Áitiúil Fiontair Dhún na nGall, Diaspóra Dhún na nGall, Turasóireacht Dhún na nGall, Institiúid Teicneolaíochta Leitir Ceanainn, Údarás na Gaeltachta, IDA Ireland, Donegal Food Coast, Pramerica, Abbots Diabetes Care, Randox, Óstán Harvey’s Point, agus Donegal Global Irish.

 


An nuacht is déanaí

Imeachtaí