Infheistíocht €1.8 milliún don Scoil Turasóireachta

Infheistíocht €1.8 milliún don Scoil Turasóireachta

News / Dé Máirt 13 Lúnasa 2019

Fógraíonn an tAire McHugh infheistíocht chaipitiúil €1.8 milliún le haghaidh champais LYIT na gCealla Beaga

Fáiltíonn LYIT roimh an bhfógra le déanaí maidir le hinfheistíocht chaipitiúil don Scoil Turasóireachta ar na Cealla Beaga. D’fhógair an tAire Oideachais agus Scileanna, Joe McHugh, TD, maoiniú €1.8 milliún um uasghrádú suntasach foirgníochta ar champas na gCealla Beaga.  

Tá an maoiniú á sholáthar faoi Project Ireland 2040 a gheallann infheistíocht ón Státchiste dar luach €2.2 billiún i mbonneagair ardoideachais thar an deich mbliain atá romhainn. Tiocfaidh an maoiniú faoi Project Ireland tríd an Údarás um Ard-Oideachas (HEA).

Dúirt Paul Hannigan, Uachtarán LYIT: “Bhí áthas orm gur fógraíodh an maoiniú seo. Is mórthionscnamh é Project Ireland 2040 a thacaíonn le gnóthais agus le pobail ar fud Éireann a n-acmhainneacht a bhaint amach. Tabharfaidh an maoiniú seo deis forbartha do LYIT agus timpeallachtaí nua-aoiseacha a sholáthar chun taithí foghlama na mac léinn a bhreisiú”.   

Tá an Scoil Turasóireachta 50 bliain ar an saol i mbliana. Leis an maoiniú breise seo, féadfar foirgnimh an champais a uasghrádú, le leabharlann agus áiseanna oideachais nua chomh maith le hoifigí riaracháin. 

Dúirt an tAire McHugh le déanaí: “Leis an maoiniú seo, admhaíonn an Rialtas an ról tábhachtach atá ag an Scoil Turasóireachta i gcónaí. Is láraidhm ag Project 2040 na tairiscintí ardoideachais ins na Réigiúin a fheabhsú.  Tá LYIT réamhghníomhach maidir le héagsúlacht ardoideachais a sholáthar – páirt aimseartha, Springboard+, foghlaim fadsaoil agus printíseachtaí. Tá áthas orm go dtacóidh an infheistíocht seo le LYIT chun na tairiscintí seo a fhorbairt agus a leathnú”.  

Tá foireann LYIT ar bís maidir leis an infheistíocht agus is gearr go dtosófar ar phleananna chun uasghrádú agus athchóiriú a chur chun cinn. 

 


An nuacht is déanaí

Imeachtaí