Ardmholadh do mhac léinn ó LYIT at Comórtas PCA Vision

Ardmholadh do mhac léinn ó LYIT at Comórtas PCA Vision

News, Events / Dé Máirt 2 Iúil 2019

Ag gradaim bhliantúil PCA a tionóladh i Londain ar 19 Meitheamh, tugadh ardmholadh do Marguerite Cowburn ón Bhroclais, mac léinn dara bliana BA Faisean le Cothú.  

Image

Bunaíodh an gradam seo chun aitheantas a thabhairt do sholáthar éidí oibre ar bhonn idirnáisiúnta; aithnítear éadaí oibre agus corporáideacha, agus PPE (trealamh cosanta pearsanta), suntasacha ó gach cearn den domhan. Ina saothar, ba ghá do Marguerite fís a chruthú um éadaí a bheadh galanta úsáideach agus gairmiúil  do phost ar leith i réimse dá rogha féin. Roghnaigh sí éide a athdhearadh le haghaidh foireann eitleáin Aer Lingus. 

Image

Bhí dreach agus dathann na tíre i nDún na nGall mar inspioráid ag Marguerite. Thug muintir Magee bréidín glas don seaicéad, rud a chuir sí le bríste glas de línéadach Éireannach, léine bán de línéadach Éireannach agus hata glas veilbhite. Bhí dearadh Marguerite ar taispeáint os comhair 300 duine at Óstán Montcalm Marble Arch i Londain, agus Anton Du Beke ó Strictly Come Dancing mar óstach.

Image

Dúirt Marguerite: “Bhain mé taitneamh as an dtionscadal seo agus d’fhoghlaim mé cuid mhór uaidh. Thug an comórtas féinmhuinín dom agus chuir sé ina luí orm go raibh an ceart agam an cúrsa faisin a leanúint. Táim sásta go raibh ar mo chumas na héadaí a dhéanamh de réir na smaointe a bhí agam agus mé ag dul isteach sa chomórtas”

Image

Dúirt Sharon Maxwell (Léachtóir Faisin LYIT) a bhí in éineacht le Marguerite: “Is iontach gur tugadh aitheantas do chumas agus do dhiansaothar Marguerite agus gur taispeánadh é ag ceann de na hócáidí is tábhachtaí sa réimse éadaí gairmiúla. Is iontach an dearthóir í agus sárchumas aici. Chruthaigh sí éide den scoth le haghaidh Aer Lingus, a réitíonn go cruinn le luacha branda an chomhlachta”.

Tréaslaímid do Marguerite agus Sharon as an éacht iontach seo. 

 

 

 

 

 

 


An nuacht is déanaí

Imeachtaí