Tugann Gobharnóir an Bhainc Ceannais cuairt ar LYIT

Tugann Gobharnóir an Bhainc Ceannais cuairt ar LYIT

News / Dé hAoine 15 Márta 2019

An tseachtain seo caite bhí áthas ar LYIT fáiltiú roimh an Gobharnóir Philip Lane agus baill dá fhoireann ar chuairt chuig an campas. 

Thug an Gobharnóir Lane, Gráinne McEvoy (Stiúrthóir um Chosaint Tomhaltóirí), Kevin Mullen, (Ceann Maoirsithe um Bainistiú Sócmhainní), Geraldine Hannon (Ceann Maoirsithe Baincéireachta) agus Claire O’Gorman (Páirtnéar Gnó Daonacmhainne) cuairt ar Dhún na nGall chun tuiscint ar an mBanc Ceannais a chothú agus chun éisteacht le réimse tuairimí ó Réigiún an Iar-Thuaiscirt. 

Image

Dé Máirt 12 Márta, labhair an Gobharnóir i Leitir Ceanainn ag cruinniú faoi stiúradh ag an iriseoir Richard Curran. In ainneoin Storm Gareth, bhí slua mór i láthair ón bpobal áitiúil. Pléadh ceisteanna mar an Bhreatimeacht, iasachtaí chuig SME, na Comhair Creidmheasa agus iomaíocht ins na seirbhísí airgeadais.

An mhaidin dar gcionn, Dé Céadaoin 13 Márta, thug an grúpa cuairt ar LYIT. Labhair an Gobharnóir le mic léinn agus pléadh Rialú agus Comhlíonadh maidir le Seirbhísí Airgeadais. Dúirt Siobhan Cullen, Ceann na Roinne Dlí agus Daonnachtaí: “Bhí áthas orainn fáilte a chur roimh an Gobharnóir agus a fhoireann chuig LYIT. Is deis ar leith í seo do na mic léinn, ach go háirithe dóibh siúd atá ag déanamh staidéir ar Rialú agus Comhlíonadh maidir le Seirbhísí Airgeadais. Ba léir ón seisiún ceisteanna leis an Gobharnóir Lane cé chomh bainteach agus atá na téamaí seo faoi láthair.” 

Image

Dúirt Joanne Enright, Léachtóir Seirbhísí Airgeadais: “tá an chuairt seo thar a bheith tráthúil, óir táimid ar tí leagan ar líne a sheoladh den chúrsa MA/Dioplóma Iarchéime Seirbhísí Airgeadais (Rialú, Comhlíonadh agus Cosaint Sonraí), agus é mar aidhm againn réimse an chláir seo a leathnú”. 

Chríochnaigh an chuairt le turas ar CoLab, ionad nuálaíochta agus goir LYIT, agus ar chuid den 60 gnóthas teicneolaíochta atá lonnaithe ann. 

Faoi láthair, tá LYIT ag lorg iarratais ar an gClár Máistreachta agus Dioplóma Iarchéime Seirbhísí Airgeadais (Rialú, Comhlíonadh agus Cosaint Sonraí) a thosóidh i Meán Fómhair 2019. Chun tuilleadh eolais a fháil, déan teagmháil le siobhan.cullen@lyit.ie nó lisa.devlin@lyit.ie.


An nuacht is déanaí

Imeachtaí