Deonaítear 234 saoráiteanna Springboard do LYIT don bhliain acadúil atá romhainn
Cúrsaí um uas-scilliú agus athscilliú saor in aisce do dhaoine dífhostaithe agus lucht tís, agus maoiniú 90% do dhaoine fostaithe
Sheol an tAire Oideachais agus Scileanna, Joe McHugh TD, sraith nua cúrsaí faoi Springboard+ 2019.
Tá athas ar LYIT gur tugadh 234 saoráiteanna ar chúrsaí i réimsí éagsúla don Institiúid. Tugann Springboard+ saorchúrsaí ardoideachais i réimsí ina bhfuil gá le scileanna do dhaoine atá dífhostaithe, do dhaoine a bhí féinfhostaithe cheana agus dóibh siúd atá ag filleadh ar obair. Féadfaidh daoine atá ag obair feidhm a bhaint anois as an tionscnamh Springboard+. Dóibh siúd atá ag obair, tá cúrsaí ar Leibhéal 6 NFQ saor in aisce; dóibh siúd ar chúrsaí Leibhéal 7 – 9 NFQ, ní gá ach 10% den táille a íoc, agus íocann an Rialtas an fuíollach.
Ta réimse leathan cúrsaí faofa ag LYIT ó Theastais go Dioplómaí Iarchéime. Áirítear ar na hábhair: Teicneolaíochtaí Mór-Ríomhaire; Cúrsaí Tiontaithe Ríomhaire; Teicneolaíocht Neil; Cibearshlándáil; Bainistiú Ionad Sonraí; Scileanna Cócaireachta; Oibríochtaí Bia agus Dí; Dioladh agus Seirbhís Chustaiméirí; BIM (Revit); Bainistíocht agus Cinnireacht; Dearadh um Thaithí Úsáideora; agus Nuálaíocht Fheidhmeach.
Dúirt John Andy Bonar, Ceann Forbartha ag LYIT: “Tá áthas orainn go bhfuil ar ár gcumas na saoráiteanna Springboard+ a sholáthar do dhaoine atá incháilithe. Ciallaíonn sé seo gur chuir LYIT breis agus 1,200 saoráiteanna Springboard ar fáil le naoi mbliain anuas. Fuair 90% de na céimithe fostaíocht da thoradh seo.”
“Cheap LYIT na cláir Springboard+ i gcomhar le fostaitheoirí sa réigiún chun freastal ar scileanna agus cáilíochtaí a raibh éileamh orthu san Iar-Thuaisceart agus ar fud na tíre. Is comhartha an fhorbairt seo ar thacaíocht leanúnach LYIT um dheiseanna Foghlama Fadsaoil a chruthú don phobal i réigiún an Iar-Thuaiscirt.”
Tá gach eolas maidir le Springboard+ 2019 ar fáil anseo. Um breis eolais, seol ríomhphost chuig brian.mcgonagle@lyit.ie nó glaoigh ar 074 918 6170.