Leanann Regatta Choláiste an Iar-Thuaiscirt ag Déanamh Tonnta ar an Fheabhail

Leanann Regatta Choláiste an Iar-Thuaiscirt ag Déanamh Tonnta ar an Fheabhail

News, Student News, Staff News / Dé Máirt 7 Bealtaine 2019

Foireann agus mic léinn LYIT ag tabhairt aghaidh ar Rásaí Bád an Fheabhail

Ó d’éirigh thar cionn le Rásaí Bád Choláistí an Iar-Thuaiscirt anuraidh,eagraithe ag Foyle Sailability agus urraithe ag Foyle Port, táthar gnóthach ag ullmhú le haghaidh rásaí na bliana seo, a bheidh ar siúl ag Marina an Fheabhail Dé Céadaoin, 8 Bealtaine 2019, ó 13.00. 

Ócáid ar leith í seo i gcúrsaí seoltóireachta – ceithre choláiste, ó dhá thaobh na teorann, páirteach i rásaí bád do dhaoine le míchumais agus riachtanais bhreise. 

Thárla sé don chéad uair anuraidh ag Marina an Fheabhail, de thoradh ar ghearrchúrsa oiliúna do mhic léinn agus baill foirne faoi mhíchumas ó Institiúid Teicneolaíochta Leitir Ceanainn, Coláiste Réigiúin an Iar-Thuaiscirt, an Líonra Náisiúnta Foghlama (Leitir Ceanainn) agus Ollscoil Uladh (Mag Aoidh). Leanfar leis an múnla i mbliana agus tá méadú ar an líon daoine atá rannpháirteach. Is coiste deonach a ritheann Foyle Sailability ar bhonn trasteorann. 

Dúirt Ken Curry, Rúnaí Foyle Sailability: “Tá níos mó daoine páirteach i mbliana, teist ar rath na hócáide. Táimid ag súil go bhfásfaidh sé ó bhliain go céile. It is something we hope to grow year on year.  Is mór an tacaíocht atá tugtha ag na coláistí chun an tionscnamh seo a sholáthar”. 

Dúirt Brian McGrath, POF Foyle Port, atá i mbun urraíochta don dara bhliain as a chéile: “Táimidne ag Foyle Port ag tacú le Foyle Sailability le tamall anuas, ní amháin  ó thaobh airgid, ach le cuidiú dá dtionscnaimh agus don seoltóireacht samhraidh ón marina againne i gcroílár na cathrach. Is aoibhinn imeachtaí geala bríomhara a fheiceáil ar an Fheabhail, agus is fearr fós gur imeachtaí do chách iad”. 

Tá gach rud nach mór réidh do Rásaí Bád Choláistí an Iar-Thuaiscirt agus súil le tosú ó Mharina an Fheabhail ag 13.00. Anuraidh, rug Gary an corn abhaile chuig an Líonra Náisiúnta Foghlama (Leitir Ceanainn), le cuidiú ó Barry as Ionad Oideachais Lasmuigh Ghartáin. Cé bhéarfaidh an corn leis i mbliana? Beidh fáilte roimh lucht tacaíochta agus lucht féachana ar fud an ché.   


An nuacht is déanaí

Imeachtaí