Gradaim Mac Léinn 2019

Gradaim Mac Léinn 2019

News, Student News, Staff News / Déardaoin 11 Aibreán 2019

Comórann breis agus 230 mac léinn agus ball foirne Clubanna agus Cumainn LYIT

Tionóladh Gradaim Mac Léinn LYIT 2019 le déanaí (4 Aibreán) nuair a bhailigh breis agus 230 mac léinn agus ball foirne ag Óstán Radisson Blu, Leitir Ceanainn, chun éachtaí na bliana seo ag Clubanna agus Cumainn LYIT a aithint agus a cheiliúradh. 

Image
Pictured are members of the Malaysian Students Society – winners of the 2019 Best Society Award and the 2019 Best Society Promotional Video Award.

Image
Pictured are the Men’s GAA Team – winners of the 2019 Team of the Year Award.
   

Image
Pictured are members of the African Society – winners of the 2019 Award for Best Society Photograph.
 

Image
Pictured are members of the Badminton Society – winners of the 2019 Award for Best Society Poster.

Imeasc na gradaim a bronnadh bhí: an Ball Club is Fearr, an Gradam Cinnireachta, an Cumann is Fearr, agus an Gradam um Ghníomhú Cathartha, Carthanachta agus Pobail. I mbliana freisin bhí trí ghradam nua – an Póstaer is Fearr, an Grianghraf is Fearr, agus an Físeán is Fearr – a tharraing mórchuid iontrála. Bhí iomaíocht fíorláidir i mbliana ins na réimsí uile agus chuaigh sé dian ar an gcoiste roghnaithe buaiteoirí a phiocadh amach. 

Ba é Eamon McGee, buaiteoir 2012 Uile-Éireann le Dún na nGall agus a imríonn le Gaoth Dobhair faoi láthair, aoi-chainteoir na hoíche agus bhronn sé na Gradaim do Chlubanna agus do Chumainn. Ag caint dó, d’fhéach Eamon siar ar an saol coláiste aige féin, áit ar bhuaigh sé dhá bhonn Sigerson. Chuir sé béim ar an tábhacht a bhaineann le cothromú idir an staidéar agus an saol sóisialta. Mhol sé do mhic léinn a n-uaillmhianta a leanúint agus foghlaim ó thaithí a bpiaraí. Mhol sé freisin tábhacht na gclub agus na gcumann i saol an choláiste maidir le forbairt agus folláine pearsanta.  

Bronnadh Scoláireachtaí Club & Cumann ar naonúr, as réimse leathan iarratasóirí, club agus cumann. Fuair gach duine acu gradaim airgid as a bhí bainte amach acu. Bhronn Paul Hannigan, Uachtarán LYIT, na scoláireachtaí agus mhol sé na Clubanna agus Cumainn uile as a bpáirt suntasach i saol an champais. Chuir sé fáilte freisin roimh ghlacadh na hInstitiúide le héagsúlacht chultúrtha, ag teacht leis an méadú suntasach ar líon na mac léinn idirnáisiúnta atá ag teacht chuig LYIT chun a gcuid staidéar a chur chun cinn. 

Ba iad seo a leanas buaiteoirí na ngradam: 

Gradaim Club agus Cumann 

  • Gradam Cinnireachta 2019 – Annie Carr, An Cumann Gaisce 
  • Gradam um Ghníomhú Cathartha, Carthanachta agus Pobail 2019 – An Cumann Idirnáisiúnta 
  • An Ball Club is Fearr 2019 – Edward Ng, An Cumann Malaeisiach 
  • An Cumann is Fearr 2019 – An Cumann Malaeisiach
  • An Grianghraf Cumainn is Fearr 2019 – An Cumann Afracach
  • An Póstaer Cumainn is Fearr 2019 – An Cumann Badmantain 
  • An Físeán Cumainn is Fearr 2019 – An Cumann Malaeisiach  

Buaiteoirí Sccoláireachtaí 

  • Amira Adila Amiran, An Cumann Idirnáisiúnta  
  • Annie Carr, An Cumann Gaisce 
  • Oluwatosin Edunjobi, An tAontas Críostaí & Cumann Óráidíochta 
  • Jo Ezer Lau, Club Ultimate Frisbee 
  • Florian Moss, An Cumann Badmantain
  • Emily McTigue, An Cumann Folláine 
  • Edward Ng, An Cumann Malaeisiach  
  • Royce Rui Tze Tan, Ultimate Frisbee, Cumainn Malaeisiach & Badmantain
  • Lukas Vymlatil, An Cumann Idirnáisiúnta  

Buaiteoirí Gradaim Spóirt

  • Michael Langan (Fir CLG), An Gradam Réalta Aonair
  • Victoria Kelly (Mná CLG), An Gradam um Aitheantas Speisialta Spóirt
  • Foireann Fear CLG, Foireann na Bliana

Rachaidh Edward Ng, An Ball Club is Fearr, agus  An Físeán Cumainn is Fearr, An Cumann Malaeisiach, ar aghaidh mar ionadaí ó LYIT ag Gradaim Náisiúnta BICS (Bord na gColáistí Éireannach) i mBaile Átha Luain ar an Déardaoin 11 Aibreán. 


An nuacht is déanaí

Imeachtaí