Comórtais Chef Ireland

Comórtais Chef Ireland

News, Student News / Dé Máirt 5 Márta 2019

Fuair foireann ó Scoil Turasóireachta LYIT – deichniúr mac léinn agus triúr ón bhfoireann acadúil – an líon gradam is mó fós i gComórtais Chef Ireland i mBaile Átha Cliath, a tionóladh ón 26 – 28 Feabhra 2019.

Bhí triúr Léachtóir in Ealaíona Cócaireachta - Eddie McMenamin, Jonathan Sultan and Karl McNulty – á dteagasc agus á dtreorú. Bhí na mic léinn páirteach i réimse comórtas éagsúil, ar a n-áirítear uaineoil bhlasta, mairteoil, lacha agus iasc; cístí agus milseoga, seacláidí agus dealbhóireacht ime. Mar thoradh ar a n-iarrachtaí agus a ndiansaothar, d’éirigh leo flúirse bonn a bhaint ins na comórtais.

Ainm an Mhic Léinn Comórtas Torthaí
Dé Máirt 26 Feabhra
Fionn Feeley, Kevin Buchanan Chicken for Sauté and Cookery Relay Junior Class 2 Silver Medals
Mateusz Ferenc Irish Pork Competition Junior Class 1 Silver Medal
Nuwan Herath Works in Butterfat Open Class 1 Silver Medal and Best in Class award
Dé Céadaoin 27 Feabhra
Kevin Buchanan, Fionn Feeley Fish Filleting Larder Skills and Cookery Relay Competition Junior Class 2 Gold Medals
Noreen Donaghey Vegan Dish Competition Open Class 1 Gold Medal
Daniel Lambert, Kevin Buchanan Mystery Basket Competition Open Class 2 Silver Medals
Katie McCloskey Duck Competition Open Class 1 Silver Medal
Leanna McHugh Duck Competition Open Class 1 Silver Medal
Daniel Lambert Duck Competition Open Class 1 Bronze Medal
Dorothy Canavan Irish Beef Competition Open Class 1 Silver Medal
Nuwan Herath Hand Crafted Chocolates, Tasted, Open Class 1 Silver Medal
Orla Cloughley Hand Crafted Chocolates, Tasted, Open Class 1 Silver Medal
Katie McCloskey FSPA Food Hygiene Award Class Winner (Best of all competitors on Wednesday. The busiest competition day!) Certificate and Prize
Déardaoin 28 Feabhra
Kevin Buchanan, Daniel Lambert Butchery Larder Skills (Lamb) and Cookery Relay Competition Junior Class 2 Gold Medals and Best in Class Award
Katie McCloskey FSPA Food Hygiene Overall Competition Award Chef Ireland 2019 (Best of all competitors over all three days of competitions) Plaque and Prize

 

Nuair a bhí an ócáid trí lá thart, thug Eddie McMenamin, comhordaitheoir an chomórtais ardmholadh do na mic léinn as an tiomantacht, an díogras agus an ghairmiúlacht a léiríodar ar feadh an chomórtais. “Tá na mic léinn faoi an-bhrú le linn na gcomórtas seo, agus go háirithe ins na comórtais oscailte mar a bhfuil cócairí gairmiúla ón dtionscal san iomaíocht, ach thugadar uile aghaidh ar an ndúshlán agus táimid bródúil as gach duine acu. Rinneadar éacht oibre iontu féin ach freisin thugadar tacaíocht dá chéile mar fhoireann. Ba mhaith linn buíochas a ghabháil don bhfoireann agus do na mic léinn sa Scoil Turasóireachta as a dtacaíocht roimh na comórtais agus lena linn”.

Image

Tá an Scoil Turasóireachta bródúil ach go háirithe as Nuwan Herath, a tháinig chuig LYIT ó Shrí Lanca i mí Dheireadh Fómhair seo caite. Shocraigh sé anseo go han-mhaith agus is léir go gcuireann sé cumas do-chreidte ealaíona i bhfeidhm ar a shaothar ime agus seacláide. Bhí Nuwan páirteach i mbanna ceoil i Srí Lanca agus rinne sé staidéar agus obair ar dhearadh inmheánach ar feadh deich mbliana. Ach d’aimsigh sé a dhúil sa chócaireacht nuair a thug sé faoi dhioplóma bácála i Srí Lanca. Ansin chinn sé ar staidéar a dhéanamh in institiúid a raibh cáil uirthi maidir le cláir ealaíona cócaireachta. Dúirt Nuwan: “Nuair a chuas i mbun taighde chun coláiste a roghnú, tháinig Na Cealla Beaga chun cinn arís agus arís eile mar an áit is fearr in Éirinn; tá cáil domhanda ar an Scoil Turasóireachta. Tá an cáil sin le feiceáil ins na boinn agus na gradaim uile a bhuaigh an fhoireann ón Scoil Turasóireachta i mbliana ag Chef Ireland”.

Image

Tá aitheantas speisialta freisin ag dul do Katie McCloskey; as Na Cealla Beaga di féin agus tá sí sa dara bhliain den Ard-Teastas Ealaíona Cócaireachta. Bua suntasach aici is ea an Gradam Uile-Chomórtas FSPA um Shláinteachas Bia. Bhí Katie ar an duine is fearr de na hiomaitheoirí uile, idir mhic léinn agus lucht gairme. Dúirt Elizabeth McKenzie, Léachtóir Ealaíona Cócaireachta agus ionadaí ag na hInstitiúidí Teicneolaíochta ar an gCoiste Náisiúnta Comhpháirtíochta um Bainistiú Sláinteachais: “Ag Scoil Turasóireachta LYIT tá sárchaidreamh againn leis an gComhpháirtíocht Náisiúnta Sláinteachais agus an leis an gCumann Sláinte Comhshaoil. Tá sábháilteacht bia ina chuid lárnach de na cúrsaí cócaireachta agus óstaíochta againne; is sampla í Katie de na hardchaighdeáin agus den ghairmiúlacht a leanann na mic léinn atá againn”.

Image

Thraoslaigh an Dr Ciarán Ó hAnnracháin, Ceann na Scoile Turasóireachta, leis an bhfoireann as a mbua. “Choinnigh an fhoireann seo na caighdeáin is airde ar a bhfuil cáil an choláiste ar Na Cealla Beaga bunaithe. Bhí an bua fíorthábhachtach i mbliana óir tá 50 bliain  ó bhunú an choláiste á chomóradh againn agus thug na mic léinn seo cúis bhreise chomórtha dúinn”.

Image

Is é Painéal Cócairí Éireann a eagraíonn Chef Ireland – Craobh Ealaíona Cócaireachta na hÉireann, le linn CATEX, an taispeántas is mó in Éirinn don earnáil óstaíochta. I mbliana tá Painéal Cócairí Éireann ag comóradh 60 bliain ó bunaíodh iad. Is é an misean atá acu ná cáilíocht agus barr feabhais a chothú i ngach rud a bhaineann leis na healaíona cócaireachta, agus an cheard a chur chun cinn in Éirinn ach go háirithe. Tugann an mhórócáid ealaíona cócaireachta seo deis do bhaill an phainéil agus do chócairí ar fud Éireann a gcuid sárscileanna, cruthaitheacht, nuálaíocht agus teicnící ealaíona cócaireachta a thaispeáint don phobal.

Cuireann Scoil Turasóireachta LYIT réimse leathan clár, idir lánaimseartha agus páirtaimseartha, ar fáil in óstaíocht, turasóireacht agus ealaíona cócaireachta. Tá an-tóir ar chéimithe ó na cláir seo ag lucht an tionscail, sa bhaile agus thar lear araon.

 


An nuacht is déanaí

Imeachtaí