Maoiniú faighte ag Aontas Chonnacht-Uladh chun Roghanna Nua Solúbtha Foghlama a fhorbairt san Iarthar agus san Iar-Thuaisceart

Maoiniú faighte ag Aontas Chonnacht-Uladh chun Roghanna Nua Solúbtha Foghlama a fhorbairt san Iarthar agus san Iar-Thuaisceart

News / Dé Céadaoin 13 Feabhra 2019

Tá €2.84m faoi chiste nua oideachais bronnta ar Aontas Chonnacht-Uladh chun Roghanna Nua Solúbtha Foghlama a fhorbairt san Iarthar agus san Iar-Thuaisceart

Tá €2.84m bronnta ar Aontas Chonnacht-Uladh (CUA), a chuimsíonn Institiúid Teicneolaíochta Leitir Ceanainn (LYIT), Institiúid Teicneolaíochta Ghaillimh-Mhaigh Eo (GMIT) agus Institiúid Teicneolaíochta Shligigh (ITS), faoin Chiste nua um Nuálaíocht agus Trasfhoirmiú Ardoideachais, chun Roghanna Nua Solúbtha Foghlama a fhorbairt san Iarthar agus san Iar-Thuaisceart.  
 
D’fhógair an tAire Oideachais & Scileanna Joe McHugh T.D. an maoiniú don ‘Tionscadal Deiseanna Nuálaíochta um Thrasfhoirmiú Oideachais’ (iNOTE) Project’ ag fáiltiú in LYIT ar an Aoine (8 Feabhra); bhí Uachtaráin na dtrí institiúid, baill foirne agus aoíonna eile i láthair. 

Dúirt an tAire McHugh: “Is fíorphribhléid dom bheith ábalta nuacht mar seo a scaipeadh - €2.84 milliún de mhaoiniú Rialtais thar thréimhse trí bliana mar thacú do LYIT, ITS agus GMIT. Tá an fhoireann acadúil ardchaighdeáin ag cuardach bealaí nuálaíocha chun breis daoine a mhealladh chuig oideachas tríú-leibhéal agus níos mó a dhéanamh chun roghanna solúbtha foghlama a chruthú san iar-thuaisceart.”  

“Tá LYIT chun tosaigh san tionscadal seo agus is maith é a fheiceáil go bhfuil coláiste i nDún na nGall ag tiomáint an tionscnaimh seo chun tosaigh agus ag fáil buíochais as. Tuigeann an Rialtas go gcaithfear níos mó a dhéanamh chun oideachas tríú-leibhéal a leathnú amach; táimid anois ag tacú leis an gcúis seo trí mhaoiniú a sholáthar do na tionscnaimh cearta.” 

Tá an t-aontas CUA tiomanta um Ollscoil Teicneolaíochta (TU) a chruthú in iarthar agus iar-thuaisceart Éireann, trí líonra campas scaipthe ar fud an réigiúin. Tá an tionscadal iNOTE ag teacht leis seo, agus beidh sé mar fhreagra díreach ar na príomhchuspóirí um Chóras Ard-Oideachais 2018 -2020 maidir leis na critéir um TU a chomhlíonadh. 

Dúirt an Dr Seán Duffy, Bainisteoir Tionscadail LYIT CUA agus Ceann Tionscadail iNOTE: “Tá áthas orainn an maoiniú a fháil don tionscnamh tábhachtach seo, ag obair lenár gcomhghleacaithe ins na hinstitiúidí CUA. Idir seo agus 2029, tiocfaidh méadú 20% ar líon na mac léinn san earnáil ardoideachais in Éirinn. Foghlaimeoirí lánfhásta feadh an saoil a bheidh sa chuid is mó de na foghlaimeoirí ‘nua’ seo. Is é an bealach is fearr chun freastal ar an éileamh seo ná soláthar solúbtha oideachais, trí chumais bhreisithe digiteacha.” 

Cuirfear cuspóirí an tionscadail iNOTE i bhfeidhm trí phacáistí oibre atá dírithe ar: (i) polasaí um chinntiú cáilíochta le haghaidh soláthair solúbtha a fhorbairt; (ii) cumasachtaí digiteacha imeasc foireann CUA a thógáil; (iii) réimse tacaí digiteacha a fhorbairt le haghaidh mic léinn atá i mbun cláir ar sholáthar solúbtha; (iv) cláir obairbhunaithe (WBP) a fhorbairt a úsáideann cumasachtaí digiteacha um sholáthar solúbtha; agus cumasachtaí digiteacha CUA um sholáthar solúbtha a phríomhshruthú, a scaipeadh agus a luacháil.  Beidh tionchar ag tionscadal seo an CUA ar fud an chórais ardoideachais trí mhodhanna nua um fhoghlaim dhigiteach comhdhírithe a fheidhmiú.” 

Dúirt Paul Hannigan, Uachtarán LYIT: “Tacú suntasach ón Udarás um Ardoideachas é seo leis an obair atá ar siúl ag an CUA agus is spreagadh é chun leanúint leis an dea-obair atá ar bun cheana féin imeasc na nInstitiúidí”. 

Chun tuilleadh eolais a fháil faoin Aontas Chonnacht-Uladh (CUA) féach: www.cualliance.ie.


An nuacht is déanaí

Imeachtaí