Ard-iontráil/Breise

Má chríochnaigh do chuid oideachais ag an dara leibhéal, níl tú i dteideal cur isteach ar Ard-Iontráil.

De ghnáth, is é a bheidh ag Iarratasóirí le haghaidh Ard-Iontráil:

  • cáilíocht Ardoideachais a bheith acu agus bheith ag iarraidh dul ar aghaidh go dtí an chéad leibhéal eile anois nó
  • beidh siad tar éis 1 bhliain amháin ar a laghad a bhaint amach de chlár a bhaineann leis an gclár Ardoideachais in áit éigin eile agus ag iarraidh aistriú go dtí LYIT anois chun leanúint ar aghaidh agus cúrsa a chur i gcrích ag an leibhéal céanna.

Ní mór fianaise cáilíochta atá aitheanta ag an NQAI (Údarás Náisiúnta Cáilíochtaí na hÉireann) ag leibhéal oiriúnach (6 nó 7) ar Chreatlach Náisiúnta na gCáilíochtaí a bheith ag gnáth-iarratasóirí.

Ní mór dámhachtainí Ardoideachais choibhéiseach a bheith ag iarratasóirí nach gnáth-iarratasóirí iad, i.e. cinn a bhfuil an líon riachtanach de chreidiúintí ECTS (córas Eorpach aistriú creidiúna) agus/nó torthaí foghlama oiriúnacha.

Liosta Cúrsaí

Le breathnú ar an liosta iomlán de na cúrsaí breise, cliceáil anseo

Cá háit a bhfaighidh mé Foirm Iarratais?

Cliceáil ar Foirm Iarratais Díriontrála chun an fhoirm a íoslódáil (le bheith úsáidte d’iontráil i mbliain 2, 3 agus 4 nó d’iontráil ACCS).

Mura n-éiríonn leat an fhoirm iarratais a íoslódáil, dean teagmháil linn anseo nó glaoch orainn ag 074 918 6125/6126/6129

Tá an Fhoirm Iarratais Díriontrála fóirsteanach dóibh siúd atá:

  • Ag cur isteach ar ard-iontráil, i.e. do bhliain 2, 3, nó 4,
  • Ag iarraidh staidéar a dhéanamh i modh ACCS (páirtaimseartha).

Má chríochnaigh do chuid oideachais ag dara leibhéal agus gur mian leat staidéar a dhéanamh go lánaimseartha, caithfidh tú d’iarratas a dhéanamh trí chóras an CAO chun dul isteach sa chéad bhliain.

Más iarrthóir seachtrach tú, ceangail iad seo a leanas le d’iarratas:

  • Tuairisc scríofa ar do Thorthaí Scrúduithe Ardoideachais go dtí seo
  • Cóip de Sceideal/Sceidil na gCúrsaí Faofa is bun leis na torthaí sin (siollabas mionsonraithe) – a léiríonn sonraí ábhar, creidiúintí bronnta de réir ábhair, etc.
  • Más rud é nach bhfuil na doiciméid i mBéarla/i nGaeilge, caithfear aistriúcháin, a bhfuil nótaireacht déanta air, a chur ar fáil.

Mura bhfuil an doiciméadú tacaíochta oiriúnach agat, ní féidir an t-iarratas a phróiseáil

Ba chóir Foirmeacha Iarratais Ard-Iontrála a chomhlánú agus a sheoladh ar ais chuig an seoladh ag bun an leathanaigh roimh an 1ad lá de mhí Aibreáin.

How to Apply QQI_1Má éiríonn le m’iarratas, cén Staid/Bliain ag a dtig liom tosú?

De ghnáth, beidh clár NQAI, a mhair dhá nó trí bliana, curtha i gcrích go rathúil ag Iarrthóirí Caighdeánacha atá i dteideal Ard-Iontráil agus de ghnáth rachaidh siad ar aghaidh go dtí an chéad chéim eile (i.e. bliain 3 nó bliain 4) de chlár atá bainteach go díreach leis an chúrsa a rinne siad. Níl iontráil i mbliain 2 chomh coitianta sin ach d’fhéadfaí breithniú ar a leithéid i gcás iarratas den chineál seo a leanas:

  • Aistriú ó choláiste eile iar chríochnú rathúil ar bhliain 1 de chlár NQAI atá díreach bainteach leis an chúrsa beartaithe.
  • Aistriú ó choláiste eile iar chríochnú rathúil ar bhliain 2 de chlár NQAI nach bhfuil baint dhíreach aige leis an chúrsa beartaithe.
  • Iontráil iar chríochnú rathúil ar dhámhachtain NCVA Leibhéal 3/FETAC Leibhéal 6 ag a bhfuil torthaí foghlama atá beagnach ar chomhchéim leis na dtorthaí foghlama ónár gcuid clár i mbliain a haon.
  • Iontráil iar chríochnú rathúil ar aon dhámhachtain Ardoideachais nach de chuid NQAI í ach torthaí foghlama atá beagnach ar chomhchéim leis na torthaí foghlama ónár gcuid clár i mbliain a haon.

An féidir liom iarratas ar Ard-Iontráil a dhéanamh fiú mura bhfuil Cáilíochtaí Caighdeánacha NQAI agam?

Is féidir. Beidh cáilitheacht ag brath ar oiriúnacht an chláir neamhchaighdeánach atá a chur i láthair agat agus cé chomh sásúil a fhóireann na torthaí foghlama agus grádanna atá bainte amach agat le riachtanais ár gcuid clár. Mar shampla, bíonn iarrthóirí ó Thuaisceart Éireann nó ón Bhreatain, a bhfuil HND acu, cáilithe, de ghnáth, le dhul ar aghaidh chuig cláracha céime ag leibhéal 7. Má tá baint dhíreach ag an HND leis an chlár a bhfuil iarratas déanta acu air, féadfar iad a ghlacadh isteach i mbliain na dámhachtana (bliain 3) de chlár céime. Má tá baint neamhdhíreach aige, féadfar iad a ghlacadh isteach i mbliain 2.

I gcás iarrthóirí atá ag cur i láthair cáilíochtaí seachas na gnáth dhámhachtainí ó NQAI ag Leibhéal 6 & 7, ba chóir dóibh na nithe seo a leanas a chur isteach le Foirm Iarratais Ard-Iontrála an LYIT:

  • Cóip den siollabas ar a bhfuil a ndámhachtain bunaithe.
  • Cóip deimhnithe d’athscríbhinn an scrúdaithe, a thaispeánann teideal na dámhachtana agus na marcanna/grádanna a fuarthas.
  • Más rud é nach bhfuil an t-eolas thuasluaite i mBéarla/i nGaeilge, caithfear aistriúchán, a bhfuil nótaireacht déanta air, a chur ar fáil.
  • Ní féidir measúnú a dhéanamh ar iarratais neamhchaighdeánacha mura bhfuil an t-eolas thuasluaite go léir curtha san áireamh iontu.

Cá huair a bheidh a fhios agam ar éirigh le m’iarratas?

Is i mí Iúil a déantar an chéad fhógra a eisiúint do na hiarrthóirí ar éirigh lena n-iarratais ar Ard-Iontráil. Mura líonfar clár ón chéad bhabhta tairiscintí, d’fhéadfadh iarrthóirí nach bhfuair tairiscint i mí Iúil, tairiscint a fháil níos moille. Nuair atá níos mó iarrthóirí cáilithe do chláracha fhorlíontacha ná mar atá áiteanna ann, déanfar na hiarrthóirí a rangú de réir a dtorthaí Ardoideachais. Gheobhaidh na hiarrthóirí leis na grádanna is airde tairiscintí i dtús báire, le linn an dara leath de mhí Iúil de ghnáth. Rachaimid síos tríd an rangú, in ord fiúntais, go dtí go mbeidh na háiteanna go léir líonta.

Má tá mé ag déanamh iarratais ar ard-iontráil, an dtig liom iarratas a dhéanamh ar bhliain 1 chomh maith – mar chúltaca?

Tig leat. Is féidir iarratas a dhéanamh ar ard-iontráil (m.sh. isteach i mbliain 2) agus, go comhthreomhar, iarratas CAO a chur isteach do bhliain 1.

D’fhéadfadh iarrthóirí roghnú an dá iarratas a dhéanamh nuair, mar shampla, atá siad ag cur i láthair dámhachtainí neamh-chaighdeánacha agus iad imníoch cé acu a nglacfar leo i mbliain 2.

Nuair a chuirtear isteach an dá iarratas, is é iarratas an CAO an cúltaca – ar eagla nach n-éireodh lena n-iarratas ar ard iontráil.

Tabhair faoi deara, le do thoil go bhfuil iarratais an CAO agus iarratais ar ard-iontráil ina mhodh iarratais atá scartha go hiomlán san am i láthair san LYIT, a dhéantar a láimhseáil i ndóigheanna difriúla agus le próisis difriúla.

Faoi choinne sonraí ar conas iarratas CAO a dhéanamh, féach: conas iarratas a dhéanamh ar chúrsaí na chéad bhliana nó www.cao.ie

Maidir le hiarratas CAO, agus aon tairiscint a fhaightear as sin, ní bhaineann sé ach le hiontráil i mbliain 1 amháin. Má dhéanann tú an dá iarratas agus tairiscint a fháil ón CAO sula bhfuil cinneadh déanta ar ard-iontráil, ba chóir duit dul ar aghaidh agus glacadh le tairiscint CAO.

Ní chuirfidh glacadh le tairiscint chéad bhliana ón CAO aon bhac ort tairiscint ar ard-iontráil a fháil má tá tú incháilithe.