Lá na Gaeilge ag LYIT
Lá spraoi as Gaeilge ar champas
Don chúigiú bliain as a chéile reachtaigh Institiúid Teicneolaíochta Leitir Ceanainn Lá na Gaeilge Dé Máirt, 12 Márta 2013 chun Seachtain na Gaeilge a chomóradh. Tharla réimse leathan imeachtaí Gaeilge ar feadh an lae. Bhí baill foirne agus mic léinn páirteach agus iad ag baint úsáid as an cúpla focal.
Bhí deasc eolais ar fáil i rith an lae a thug deis do mhic léinn teacht ar eolas faoi chúrsaí Gaeilge, acmhainní foghlama agus seirbhísí.
Um thráthnóna ag An Dánlann, fuair na mic léinn an deis chun foghlaim conas rince céilí a dhéanamh ón saineolaí Sharon McGlinchey, céimí den Institiúid agus tar éis sin, bhí ceol traidisiúnta i gcomhluadar Pat Campbell (Méarchláir) agus Rachel Akkoç (Amhráin).
Gabhann an Institiúid buíochas do gach duine a chabhraigh bealach ar bith.
Thu, 25 Apr 2013 12:24:00 BST


