about-top.jpg

Taispeántas Taighde LYIT

Réimse leathan ábhar

Research ShowcaseThionól LYIT Taispeántas Taighde go luath i mí na Márta chun na staidéir, atá idir suimiúil agus tráthúil, atá ar bun faoi láthair sa choláiste a léiriú. Thug cainteoirí ó institiúidí eile agus ó WiSAR léargais bhreise ar an lá. Ba iad Conor Mc Tiernan, Joe Coll, Aine Doherty, Gary Cullen agus Caitríona Mac Callum a chuir a gcuid oibre i láthair.

Bhí cúig thionscadal in iomlán a bhain le turasóireacht, dearadh, innealtóireacht agus gnó. Thugadar faoi cheisteanna atá an-bhainteach mar “The Role of Trust Innovation Systems,” “Identifying Creative Ways to Stimulate Dialogue between Industry and Education,” “Mobile Marketing in Business, “Extending the Indoor Location Based Systems using Mobiles” agus “Behaviour in Health Sector Evacuations.”

Thug an Dr Jim Morrison agus an Dr Nick Timmons léargas ginearálta ar chlár reatha taighde WiSAR san Scoil Innealtóireachta. Rinne an Dr Catherine Lynch agus Carla Harkin cur i láthair ar an tionscadal ChiBio san Scoil Eolaíochta.

Thug Paul Hannigan, Uachtarán LYIT, an t-aitheasc oscailte agus d'úirt sé: “Tá na téamaí agus an caighdeán ar fheabhas. Cuid bhunúsach den churaclam anseo is ea an taighde. Tréaslaím do gach duine as a gcuid oibre agus táim ag súil lena gcur i gcrích.”

Ba iad an Dr Willie Donnelly, Ceann Taighde ag WIT, agus Andrew Brownlee, Stiúrthóir RDI ag IoTI, na príomhchainteoirí. Léirigh Maeve McCauley agus Una Cronin ról na leabharlainne ag LYIT mar acmhainn taighde.

Láithreoireachtaí:

Andrew Brownlee
Joe Coll              
Gary Cullen   
Aine Doherty
Dr Willie Donnelly
Carla Harkin

Dr Catherine Lynch      
Catriona MacCallum
Maeve McCauley and Una Cronin                                                                                                      
Conor McTiernan

 



Fri, 30 Nov 2012 14:12:00 GMT

Nuacht & Imeachtaí

Tuilleadh sa mhír seo

Cuardaigh

Cuardaigh eolairí foirne & nuacht