Mic léinn Altranais LYIT ag cabhrú le bochtáin i slumaí na hIndia
I mí an Mheithimh, rachaidh mic léinn Altranais 3ú bliana go Ponducherry i nDeisceart na hIndia chun tithe a thógáil do bhaintreacha agus dílleachtaí a bhfuil fíorbhochtaineacht orthu.
Ba é Gandhi a dúirt: “Is í an bhochtaineacht an foréigean is measa.” I mí an Mheithimh i mbliana, rachaidh foireann ón Roinn Altranais & Staidéar Sláinte ag LYIT go Ponducherry in Oir-Dheisceart na hIndia. Beidh siad ag obair le pobal atá i mbaol, gur baintreacha agus dílleachtaí a bhformhór, a bhfuil cónaí orthu i sluma gan séarachas ná fothain shubstaintiúil.
Sé seo an cheathrú turas ag an Roinn le Habitat for Humanity. Sa bhliain 2010 chuaigh foireann 17 go Mulange sa Mhaláivin, an tír is boichte ar domhan. Chuaigh cúigear (2011) agus naonúr (2012) go Kaniki, sa tSaimbia áit ar tógadh sé theach in iomlán. Is cuid é an turas seo den chaidreamh leanúnach ag an Roinn Altranais & Staidéar Sláinte ag LYIT leis an tionscadal Sráidbhaile Domhanda ag Habitat for Humanity.
Cumann carthanachta é Habitat for Humanity atá bunaithe ar an phrionsabail gur cóir go mbeadh áit chónaithe atá oiriúnach, slán agus inacmhainne ag gach fear, bean agus páiste.
Braitheann na mic léinn altranais 3ú bliana uile gur ceart dóibh a gcuid saothair a thabhairt don tionscadal, in ainneoin go bhfuil staidéar agus scrúduithe rompu. Caithfidh gach mac léinn €3000 a bhailiú le haghaidh an turais chun tithe a thógáil. Dúirt Niamh Fleming as Maigh Eo go bhfuil sí “ar bís” faoi thaisteal chun na hIndia agus casadh ar an phobal ann: “Bhí sé deacair airgead a bhailiú mar gheall ar an chúlú eacnamaíoch ach freisin mar go gcreideann roinnt daoine gur tír shaibhir í an India. Cé go bhfuil áiteanna san India atá faoi rath, tá fós ann réimsí móra fíorbhochtaineachta ina bhfuil bunáiseanna agus caighdeáin mhaireachtála i bhfad faoi bhun an mheáin. Sin an chúis a spreagann sinn chun dul ann.”
Dúirt Elaine Coleman, saorálaí eile as Maigh Eo, gur mian léi cion beag a thabhairt do phobail atá bocht agus an taithí saoil aici féin a leathnú: “Deis í seo chun taithí a fháil ar shaol nach bhfuil tuiscint ar bith againn air. Tá súil agam go mbeidh mé ábalta cúnamh praiticiúil éigin a thabhairt. Ba mhaith liom taisteal chuig tíortha bochta mar thaca le feidhmiú mo chuid scileanna altranais amach anseo.”
Mar chuid den turas, tabharfaidh an grúpa cuaird ar dhá ionad sláinte chun tuiscint a fháil ar chleachtais altranais i gceantar ina bhfuil fíordíothacht sóisialta agus eacnamaíochta. Ach caithfear an chuid is mó den tréimhse san India ar obair chrua thógála.
Dúirt Mary Dunnion, Léachtóir LYIT: “Ar an dúshláin atá roimh an fhoireann LYIT tá teochtaí an-arda, timpeallacht agus cultúr nua, fíorbhochtaineacht, an tionchar mothúchánach agus easpa soláthairtí. Ach ar gach ceann de na turais seo umhlaítear sinn le fáilte agus flaithiúlacht na ndaoine a chastar orainn.”
Maidir le spreagadh na mac léinn, deir Tony McGilloway, mac léinn Altranais lánfhásta as Dún Fionnachaidh, gur tabhairt ar ais atá i gceist: “Is mór an sásamh é rud praiticiúil mar thógáil tithe a dhéanamh, toisc an mhórdhifríocht a dhéanann a leithéid maidir le cáilíocht saoil duine. Rinne mé an obair seo cheana agus baineann tú níos mó ar ais ón taithí agus ó na daoine a chastar ort.”
Dúirt Siobhán Carey as Sligeach: “Tá sé spreagúil agus uaireanta scanrúil fiú, ach ar deireadh is mian leat cabhair a thabhairt. Tugann Habitat an deis duit rud éigin a dhéanamh a mhairfidh go ceann i bhfad.”
Coimeádfaidh Seán Gallagher as Na Clocha Liatha blag agus dialann laethúil: “Ba mhaith liom Facebook a úsáid chun na daoine a thug airgead dúinn a chur ar an eolas gach lá maidir le dul chun cinn na hoibre. Is bealach é chun gach duine a thabhairt isteach san taithí againne. Ar an iomlán, ceapaim go gcuirfidh an turas seo ina luí orainn chomh maith as agus atá an saol againne féin.”
Tá an grúpa fós ag bailiú airgid agus is féidir deontais a sheoladh chuig Mary Dunnion ar 074 9186395.
Teideal an phictiúir
Ar chúl, ó chlé: Sean Gallagher, Kevin O’Brien, Léachtóir, Tony McGilloway, agus Mary Dunnion, Léachtóir.
Chun tosaigh, ó chlé: Niamh Fleming, Elaine Coleman, agus Siobhan Carey.
Tue, 26 Mar 2013 12:46:00 GMT


