about-top.jpg

Baineann mac léinn LYIT an dara háit as gléas nuálach

Innealtóireacht mar chuidiú le leanaí faoi uathachas

Fiona Borkin & Speak Out for Eng Award_13Mar13Bhuaigh Fiona Borkin as Leitir Ceanainn, mac léinn Meicníochta 3ú bliana ag LYIT, an dara háit ins na Gradaim Náisiúnta Speak Out for Engineering. Tugadh aitheantas di mar gur thug sí “Gléas Ilchéadfach do Leanaí faoi Uathachas” chun cinn, a thóg sí i dteannta le Oisín Rodgers atá in aon rang léi.

Ba é Dave Kavanagh, Léachtóir ag LYIT, a ghríosaigh an bheirt chun cur isteach ar na Gradaim Náisiúnta Speak Out for Engineering. Comórtas náisiúnta tríú leibhéal é seo a thugann aitheantas do réitigh innealtóireachta ata nuálach agus inmharthana. “Bhí idir ionadh agus alltacht orm nuair a cuireadh an Gléas Ilchéadfach againne ar an ghearrliosta deiridh ar a raibh sé dtionscadal,” dúirt Fiona.

Aonad so-iompartha ilchéadfach é an gléas; is féidir é a úsáid chun scileanna cumarsáide ag leanaí faoi uathachas a neartú agus a thógáil. Tuigtear freisin gur féidir scileanna cumarsáide imeasc leanaí a bhfuil géardheacrachtaí foghlama acu a fheabhsú go mór trí spreagadh céadfach.

Aonad de thomhas bhosca A4 atá ann, le gnéithe chun leanaí a spreagadh agus a chur i dteagmháil e.g. cluiche liathróidí pionna, braiteoir cumhartheiripe, malartú pictiúr PECS, sortálaí crutha, iltaobhanna le dromchlaí éagsúla tadhlacha agus lúbra le tual gráinneach. Smaoineamh simplí nuálach atá ann, nach minic a shamhlófaí le hinnealtóireacht mheicniúil.

Míníonn Fiona: “Go bunúsach, sé an smaoineamh atá ann ná seomra céadfach a athchruthú chomh fada agus is féidir. Tá uathachas ar nia le cara liom, mar sin thuig mé an toradh fiúntach ar sheomraí céadfacha agus na srianta rochtana a bhaineann leo. Múinteoir scoile í cara eile liom a oibríonn le leanaí a bhfuil géar-riachtanais acu; deir sí go mbaineann ardchostas le seomraí céadfacha. Cheap mé, mar sin, go bhféadfaí teacht ar réiteach a thabharfadh airí an tseomra chuig an leanbh, seachas an bealach eile timpeall.”

“Bhíos féin agus Oisín ag cuimhneamh ar Ilchéadfacht mar thionscadal 3ú bliana agus mheas muid gur smaoineamh fiúntach a bheadh ann. Rinneamar an gléas a dhearadh chun freastal ar leanbh mo charad ach ní raibh aon chuimhneamh againn é a chur isteach ar chomórtas ar bith.”

“Is trua go raibh méala i gclann Oisín agus ní raibh sé ábalta an tionscadal a chur i láthair i mo theannta ach ghlac sé páirt an-tábhachtach ins an obair,” deir sí.

An dóigh le Fiona go spreagfaidh an Gradam seo níos mó mná chun tabhairt faoi Innealtóireacht Mheicniúil? “Níl cúis ar bith ná déanfaidh mná staidéar ar Innealtóireacht Mheicniúil. Baineann sé le díograis an duine féin. Theastaigh uaim i gcónaí a fháil amach conas a oibríonn rudaí agus bhíos fiosrach maidir le fadhbanna a réiteach. Tá ceathrar ban sa rang de 24 againne agus réitímid go léir le chéile.”

“Is dóigh liom go léiríonn an Gradam seo nach le cnónna agus boltaí amháin a phléann innealtóireacht mheicniúil. Baineann an-tábhacht freisin sa réimse seo le nuálaíocht agus le smaointeoireacht chliathánach”.

Is cinnte gur bean diongbháilte í Fiona; tá beirt leanbh faoi  bhun seacht mbliana aici agus tá sí ag obair le sé bliana anuas chun an chéim a ghnóthú. “Bainfidh mé amach an ceann cúrsa ach tamall breise a ghlacadh. Nuair a chuireann tú aidhm romhat, déanfaidh tú an obair chuige.”

Cuireann sí an dúthracht chéanna i bhfeidhm maidir leis an Gléas Ilchéadfach. “Tá súil agam é a olltáirgeadh lá éigin, chun tairbhe do leanaí faoi uathachas ar fud Éireann. Tá fréamhshamhail déanta againn le haghaidh tástála agus ansin beimid ag spreagadh dream éigin chun é a tháirgeadh. Bealach iontach é an Gradam seo chun feasacht faoin tionscadal a  ardú agus an fhís atá againn a chur i gcrích.”

Is mian le Fiona an Chéim le hOnóracha a chríochnú an bhliain seo chugainn agus dearcadh an-dearfach aici faoin todhchaí: “Bheinn sásta dul ag obair in iliomad réimsí; bhain mé an-taitneamh as an chúrsa agus as an choláiste. Braithim go bhfuil na scileanna agam chun foghlaim agus forbairt bhreise a dhéanamh. Tá fhios agam go bhfaighidh mé post a oirfidh dom.”



Wed, 13 Mar 2013 10:28:00 GMT

Nuacht & Imeachtaí

Tuilleadh sa mhír seo

Cuardaigh

Cuardaigh eolairí foirne & nuacht