about-top.jpg

Comhdháil Chomharthaí & Chóras na hÉireann 2013

Déanfaidh an LYIT óstáil ar Chomhdháil Chomharthaí agus Chóras na hÉireann (ISSC) 2013

issc

Déanfaidh Institiúid Teicneolaíochta Leitir Ceanainn (LYIT) óstáil ar an 24ú Comhdháil Chomharthaí agus Chóras na hÉireann (ISSC), a eagraíonn an tInstitiúid Innealtóireachta agus Teicneolaíochta (IET). Beidh an LYIT ag déanamh óstáil ar an chomhdháil ar an 20 – 21 Meitheamh, 2013.

Tá an ISSC anois mar an phríomhchomhdháil in Éirinn a théann i ngleic le gach uile ghné de chomharthaí agus de chórais. Díríonn an chomhdháil ar Phróiseáil, Rialú agus Cumarsáid na gComharthaí Dhigiteacha, agus clúdaítear algartam agus samhaltú, dearadh agus cur i ngníomh córais,do réimse leathan feidhmeanna. I mbliana chomh maith, beidh topaic breise á plé sa chomhdháil, topaic ar Shlándáil Chórais agus Fhaisnéise, a chlúdóidh nithe macasamhail Códú Daingean, Néal-infreastruchtúr, Slándáil Mhóibíleach, Cripeagrafaíocht, Uiscemharcáil,  Stegeinagrafaíocht agus Fianaise/Fóiréinsic Dhigiteach.

Cliceáil anseo faoi choinne clárú nó chun tuilleadh eolais a fháil ar Chomhdháil Chomharthaí & Chóras na hÉireann 2013 IET.

 



Mon, 12 Nov 2012 11:55:00 GMT

Nuacht & Imeachtaí

Tuilleadh sa mhír seo

Cuardaigh

Cuardaigh eolairí foirne & nuacht