Cead Isteach
Eolas: Matamaitic agus Pointí Bónais
Matamaitic:
Tá Matamaitic de dhíth faoi choinne formhór na gclár san Ardoideachas. Tá Matamaitic de dhíth faoi choinne formhór na gclár san LYIT. NÍL Matamaitic riachtanach áfach do na cláracha seo a leanas san LYIT.
| Cód | Teideal |
|---|---|
| LY207 | Dlí le Ceartas Coiriúil nó Teangacha |
| LY208 | Dlí |
| LY336 | Maoirseacht Beáir & Bialainne |
| LY346 | Ealaíona Cócaireachta, Leibhéal 6 |
| LY317 | Ealaíona Cócaireachta, Leibhéal 7 |
| LY327 | Fáilteachas agus Turasóireacht |
| LY406 | Fotagrafaíocht |
| LY427 | Scannán & Físeán Digiteach |
| LY437 | Beochan |
| LY447 | Faisean le Promóisean |
| LY408 | Dearadh, Comhiontráil |
I gcás LY106, Business, Accounting & Administration, tá matamaitic riachtanach de ghnáth. Mar sin féin, mura bhfuil matamaitic ag iarrthóirí, d’fhéadfaí iad a chur san áireamh don chlár LY106 ar choinníoll go bhfuil pas faighte acu in 6 ábhar, iad seo a leanas ina measc:
- Béarla nó Gaeilge,
- 2 ábhar tráchtála, ar a laghad, agus
- 1 teanga de chuid na Mór-Roinne.
Tá Matamaitic ag teastáil do gach clár eile. Is féidir an riachtanas Matamaitice a shásamh mar a leanas:
| Mata Gnáthleibhéil, grád O6 nó níos fearr | Gach clár, gach leibhéal. |
| Mata Bonnleibhéil, grád F2 nó níos fearr | cláracha leibhéal 6/7 amháin, seachas Innealtóireacht. |
| Mata Bonnleibhéil, grád H6 nó níos fearr | cláracha leibhéal 6/7 amháin. |
Pointí Bónais do Mhatamaitic Onórach
Tá sé léirithe ag roinnt staidéir go gcaithfear níos mó ama a chaitheamh le Matamaitic Onórach ná aon ábhar ar bith eile de chuid na hArdteiste. Ní roghnaíonn mórán daltaí matamaitic onórach agus gach bliain éiríonn tuairim is 2,000 dalta, a raibh rún acu i dtosach an páipéar ardleibhéil a dhéanamh, éiríonn siad as sna míonna roimh an scrúdú agus roghnaíonn siad an páipéar gnáthleibhéal a dhéanamh.
Ar mhaithe le dul i ngleic leis an cheist seo cuireadh tús le scéim bhronnta Pointí Bónais do Mhatamaitic Onórach sa bhliain 2012. Tá sé seo dírithe ar dhaltaí a ghríosadh chun matamaitic ardleibhéil a dhéanamh san Ardteist agus tá tacaíocht láidir a fháil ag an scéim ó Lucht Gnó agus ón Aire. Gheobhaidh daltaí a bhaineann amach grád H6, nó níos fearr, sa scrúdú Matamaitice Ardleibhéil (Onórach), gheobhaidh siad 25 pointe breise. Is scéim chothrom bónais atá i gceist, i.e. is é an bónas céanna a bheas i bhfeidhm, ní miste cibé a gheobhas an dalta H6 nó H1. Lena chois sin, bronnfar an bónas ní miste cén bhliain a rinneadh an scrúdú.
|
Matamaitic Ardleibhéal Amháin |
||
|
1992-2016 |
2017 nó níos déanaí |
Pointí 25 pointí bónais san áireamh |
|
Grád |
Grád |
|
|
A1 |
H1 |
125 |
|
A2, B1 |
H2 |
113 |
|
B2, B3 |
H3 |
102 |
|
C1, C2 |
H4 |
91 |
|
C3,D1 |
H5 |
81 |
|
D2,D3 |
H6 |
71 |
Mar is gnáth, déanfar na 6 ábhar leis na scóir is airde in aon iarracht amháin a comhaireamh le haghaidh pointí.
Le ceann ar bith de Mhata A-leibhéal, Mata sa Bhreis nó Glanmhata, áit a mbaintear amach iad in aon suí amháin, bronnfar 25 pointe bónais freisin.
Raibh an t-eolas seo úsáideach? Cliceáil anseo chun aiseolas a thabhairt.


