Cead Isteach
QQI/FET (FETAC roimhe seo)
- Sa chás nach bhfuil tú incháilithe ar Ard-Oideachas bunaithe ar do thorthaí Ard-Teistiméireachta, tharlódh go bhféadfá cáilíocht a bhaint amach trí chúrsa PLC (Iar Ardteisiméireachta) nó FET (Breisoideachais agus Oiliúint), mar shampla, gradaim QQI ar Leibhéal 5.
- I gcásanna áirithe glactar le Gradam ar bith QQI ar Leibhéal 5 um iontráil ar Ard-Oideachas. Ach i gcuid mhór cás, agus maidir le cúrsaí ar ardéileamh (altranas, altranas tréidliachta, etc.), ní aithnítear ach líon teoranta gradam PLC/FET um iontráil ar choláiste. Tharlódh freisin go gcaithfeá modúil áirithe ar leith a chuimsiú taobh istigh den gradam PLC/FET agat. Mar sin, tá sé an-tábhachtach go mbeifeá cinnte faoi riachtanais choláiste roimh duit aon chúrsa PLC/FET a roghnú. Maidir le gach cúrsa Ard-Oideachais is spéis leath, is gá duit eolas a fháil ar Ainm agus Cód aon ghradaim PLC/FET atá inghlactha. Féadfaidh tú é seo a sheiceáil trí shuíomh gréasáin an CAO anseo.
- Chomh luath agus a chinntíonn tú cad é an cúrsa PLC/FET is gá duit a chur chun cinn, caithfidh tú a fháil amach cén áit a bhfuil an cúrsa sin ar fáil. Chun soláthar cúrsaí PLC/FET a chuardach cliceáil anseo. Cuir isteach ainm nó cód an chúrsa, agus gheobhaidh tú liosta de na cúrsaí uile a réitíonn le do chuardach, chomh maith le sonraí ar na háiteanna ina bhfuil siad ar fáil.
- Is é seo a leanas an riachtanas ginearálta is lú atá ag teastáil i gcomhair iontrála dóibh siúd ag cur i láthair QQI/FET:
| Leibhéal & Dámhachtain san LYIT | Riachtanas Iontrála FETAC/NCVA Leibhéal 2 |
|---|---|
| Ardteastas Leibhéal 6 | Dámhachtain iomlán QQI/FET leibhéal 5 |
| Céim Bhaitsiléara ab-initio Leibhéal 7 | Dámhachtain iomlán QQI/FET leibhéal 5 |
| Céim Onóracha ab-initio Leibhéal 8 (seachas na gclár altranais) | Dámhachtain iomlán QQI/FET leibhéal 5 i gcúrsa i réimse gaolmhar maraon le gradaim i dtrí mhodúl ar a laghad. |
| Cláracha Altranais Leibhéal 8 |
Dámhachtain QQI/FET leibhéal 5 in
Ní mór d’iarrthóirí gradaim a bhaint amach in 5 modúl, ina measc gradaim in
|
- Tabhair faoi deara go mbíonn 120 creidiúintí, de ghnáth, i nDámhachtain iomlán QQI/FET. Bronntar Teastas Comhpháirte nó Taifead Gnóthachtála ar iarrthóirí a n-éiríonn leo i modúl amháin nó níos mó de chuid QQI/FET leibhéal 5. Ní shásaíonn na Teastais Comhpháirte sin an riachtanais iontrála. Caithfidh iarrthóirí an dámhachtain iomlán ag Leibhéal 5/120 creidiúintí a bheith acu le bheith incháilithe le bheith curtha san áireamh do bhreithniúchán. I gcásanna áirithe, d’fhéadfaí modúil QQI/FET Leibhéal 5 a charnadh thar thréimhse níos faide ná bliain acadúil amháin. Ina leithéid de chás, tá sé de fhreagracht ar an iarrthóir é/í féin iarratas a chur chuig QQI chun an dámhachtain iomlán a fháil.
- D’ainneoin na n-íosriachtanas ginearálta iontrála thuasluaite, tá riachtanais bhreise ag teastáil i gcás roinnt cúrsaí de chuid an LYIT faoi choinne modúil nó cúrsaí QQI/FET ar leith. Tá na riachtanais seo liostaithe sa chomhad: FETAC Table Entry
- Pointí bunaithe ar thorthaí QQI/FETA Leibhéal 5
- Déantar pointí a áireamh ó na hocht (8) modúl is fearr a chuirtear i láthair. Bíonn luach de chreidiúint amháin (1) ag dul d’fhormhór na ndámhachtainí a ghlactar ag leibhéal 2. Déantar Modúil dá leithéid a scóráil mar a leanas:
-
Pas: Tuillteanas: Gradam: 20 pointe 35 pointe 50 pointe
- I gcás modúil le luach eile agus/nó ag leibhéil eile, déantar na scóir a choigeartú go pro rata mar a leanas:
-
Luach Creidiúintí Modúil Gradam Tuillteanas Pas Leibh.1 Leibh.2 Leibh.3 Leibh.1 Leibh.2 Leibh.3 Leibh.1 Leibh.2 Leibh.3 0.5 12.5 25 31.3 8.8 17.5 21.9 5 10 12.5 1.0 25 50 62.5 17.5 35 43.8 10 20 25 1.5 37.5 75 93.8 26.3 52.5 65.6 15 30 37.5 2.0 50 100 125 35 70 87.5 20 40 50
- Tairiscintí bunaithe ar Thorthaí QQI/FET Leibhéal 5
- Do roinnt clár sa Scoil Eolaíochta tá líon an-teoranta áiteanna ar fáil d'iarrthóirí QQI/FET leibhéal 5. (Féach an tábla)
-
CódTeideal an ChúrsaLeibhéalCuóta QQI/FETALY908Altranas Ginearálta82 áitLY918Altranas Síciatrach81 áitLY928Altranas do Dhaoine faoi Mhíchumas Intleachta81 áitLY906Cúram, Sláinte agus Oideachas Luath-Óige62 áitLY968Cúram, Sláinte agus Oideachas Luath-Óige82 áitLY916Cúram Sláinte agus Sóisialta62 áitLY917Cúram Sláinte agus Sóisialta71 áitLY806Teicneoir Cógaisíochta61 áitLY816Altranas Fiaclóireachta61 áitLY877Talmhaíocht71 áitLY847Altranas Tréidliachta71 áit
- Is ar scrúduithe a glacadh in aon suí amháin a bhunófar scóir QQI/FET leibhéal 5 do na cláir seo agus measfar iad ar bhabhta zero amháin. Maidir le hiarrthóirí QQI/FET leibhéal 5 ná bhfaigheann áit cuóta ag babhta náid, ach a bhfuil torthaí Ardteiste/GCSE acu fosta, is féidir leo cur isteach ar áiteanna neamhchuóta ag babhta 1.
- Bí ar an eolas nach mbreathnófar ach ar thorthaí na hArdteiste ag Babhta 1.
Ní bhreathnófar ar phointí bunaithe ar QQI/FET leibhéal 5 ag babhta 1 más rud é go bhfuil cuóta liostaithe thuas.
I gcás na gclár eile nach bhfuil líon áiteanna faoi leith liostaithe dóibh, féadfar pointí bunaithe ar thorthaí QQI/FET leibhéal 5 a chnuasach ó bhreis agus aon suí amháin, déantar scóir QQI/FET leibhéal 5 a áireamh san ord fiúntais i mbabhta 1.
Má shuigh mac léinn scrúdú fágála scoile chomh maith i.e. Ardteistiméireacht / GCSE, &rl., bainfear úsáid as an scrúdú is airde marcanna chun an rangú a dhéanamh. Déanfar tairiscintí i mbabhta 1 le haghaidh cúrsaí nach bhfuil cuóta QQI/FET leibhéal 5 ar leith acu.
Do scór 2017 QQI/FET a ríomhadh
Bunófar pointí ar uasmhéid 120 creidiúintí rannchuidithe. Measfar an 120 creidiúint is fearr chun críche scórála. Féadfar uasmhéid 390 pointe a bhaint amach.
-
Ar dtús, bí cinnte go bhfuil an dámhachtain agus modúil QQI/FET cearta agat le haghaidh an chúrsa LYIT is spéis leat. Féadfaidh tú é seo a sheiceáil anseo
-
Ansin, deimhnigh go bhfuil 120 creidiúint ar a laghad agat. Ná tabhair aird ar aon chreidiúintí os cionn 120.
-
Le haghaidh na creidiúintí atá á gcur isteach agat:
-
Méadaigh luach na creidiúna faoin ualú gráid, e.g.
-
Méadaigh faoi 3 do Ghradaim
-
Méadaigh faoi 2 do Chreidiúintí
-
Ná méadaigh do phas
-
Suimigh suas iad seo. Is é seo do scór lom. Ní cóir go mbeadh sé níos mó ná 360, e.g. 120 creidiúint do Ghradaim = 120 X 3 = 360
-
Méadaigh an scór lom seo faoi 13, ansin roinn an toradh faoi 12.
Is iad seo na pointí LOI don dámhachtain QQI/FET agat.
Ó 2017 sé uasmhéid na pointí LOI do dhámhachtain QQI/FET ná 390 pointe.
Tábhachtach Do chúrsaí LYIT ag a bhfuil cuóta teoranta gairme, beidh feidhm le pointí bunaithe ar dhámhachtainí gairme mar QQI/FE ar bhabhta zero amháin.
Do gach cúrsa eile LYIT féadfar pointí bunaithe ar dhámhachtainí gairme mar QQI/FE a úsáid ar bhabhta 1 agus ar bhabhtaí níos déanaí.
- QQI/FET Leibhéal 6
- D’fhéadfadh iarrthóirí atá ag cur Gradaim FET ar Leibhéal 6 i láthair a bheith incháilithe ar roinnt díolúintí nó fiú amháin ar iontráil ag céim chun cinn go bliain 2 de réimse gaolmhar; tharlódh sé seo sa chás go bhfuil comhpháirt go leor idir na torthaí foghlama a bhaineadar amach tríd an QQI/FET ar Leibhéal 6 agus na torthaí foghlama ag lucht céadbhliana againne. Is faoin Cheann Roinne cuí agus/nó oifigeach RPL ag LYIT atá sé an breithiúnas seo a thabhairt. Déanfar gach iarratas dá leithéid a mheas ann féin agus de bhua tuillteanais.
- Chun a chinntiú cad iad na díolúintí a fhéadfaí a fháil, más ann dóibh, ba chóir d’iarrthóir atá ag cur Gradaim QQI/FET ar Leibhéal 6 i láthair iarratas a sheoladh díreach chuig LYIT. Cuirfear an t-iarratas ar aghaidh chuig an Ceann Roinne lena chinneadh. Ar eagla ná beadh an t-iarrthóir incháilithe ar aon díolúintí nó iontráil ag céim chun cinn, moltar d’iarrthóirí le cáilíochtaí QQI/FET ar leibhéal 6 iarratas ar an chéad bhliain a sheoladh, tríd an CAO – mar chúltaca.
- Raibh an t-eolas seo úsáideach? Cliceáil anseo chun aiseolas a thabhairt.


