about-top.jpg

Cead Isteach

Iarrthóirí Lánfhásta

I gcoitinne, measfar gur “Mac Léinn Lánfhásta” tú má tá tú ag cur isteach ar an chéad bhliain agus beidh tú 23 bliana d’aois (nó níos mó) faoi 1 Eanáir na bliana beartaithe iontrála. Níl aon bhrí leis an téarma “Mac Léinn Lánfhásta” maidir le hIontráil ag céim chun cinn.

An bhfuil aon bhuntáiste ag baint le cur isteach mar Mhac Léinn Lánfhásta?

Tá. Cuirtear cuóta teoranta áiteanna in áirithe do Mhic Léinn Lánfhásta ar na cúrsaí uile. Féadfar an t-íoschaighdeán acadúil a mhaitheamh ar iarrthóirí lánfhásta agus iad a ligean isteach sa chuóta seo trí roghnú randamach, gan beann ar thorthaí scrúduithe cáilíochta. Lasmuigh de sin, is féidir le hiarrthóirí lánfhásta dul san iomaíocht le haghaidh áiteanna neamhchuóta ar bhonn a gcáilíochtaí acadúla.

An mbeidh orm tosú ar an mBunleibhéal?

Ní gá san.
Tosaíonn roinnt iarrthóirí lánfhásta sa chéad bhliain agus déanann siad staidéar lánaimseartha. Má’s é seo an bealach is rogha leat, ba chóir duit chur isteach ar an chéad bhliain tríd an CAO, féach thíos.
Sa chás go bhfuil Ardoideachas Deimhnithe/Creidiúnaithe de chineál éigin agat cheana féin, b’fhéidir go mbeidh tú ábalta maitheamh a fháil ar ábhair áirithe.
Má tá bliain amháin Ardoideachais, ar a laghad, críochnaithe go sásúil agat, i gcúrsa go bhfuil gaol gairid aige don chúrsa atá á iarraidh agat, d’fhéadfá a bheith incháilithe le haghaidh Iontrála ag céim chun cinn. Cliceáil anseo le haghaidh tuilleadh eolais ar Advanced Entry.
Fiú mura bhfuil aon cháilíochtaí foirmiúla agat, má’s féidir leat a thaispeáint gur bhain tú amach cheana féin cuid de na torthaí foghlama atá riachtanach againn – trí do chuid oibre, nó trí staidéar aonair, nó fiú trí chaitheamh aimsire – seans go bhféadfá creidiúint a ghnóthú as an saothar seo agus do chuid oibre um chlárú a laghdú. Cliceáil anseo le haghaidh tuilleadh eolais ar Recognition of Prior Learning, (RPL).

Conas is féidir liom cur isteach ar an chéad bhliain mar Iarrthóir Lánfhásta?

Ba chóir d’iarrthóirí lánfhásta ar an chéad bhliain iarratas a sheoladh tríd an CAO system, roimh 1 Feabhramás Féidir.  
Moltar iarratas idirlín, www.cao.ie.  Tá sé níos saoire agus níos gasta; is lú an seans botúin a dhéanamh seachas iarratas ar pháipéar.  Mura bhfuil rochtain agat ar an idirlíon, is féidir leat Foirm Iarratais páipéir a fháil ón CAO, Teach an Túir, Sráid Eglinton, Gaillimh.

Cad iad na cáipéisí tacaíochta nach mór dom a chur leis an iarratas?

  • Fianaise Aoise: (Seol cóipeanna den Teastas Breithe, ná seol an doiciméad bunaidh).
  • Cáilíochtaí/Teastais Oideachasúla, ina measc:
  •         Teastas na hArdteistiméireachta, fiú má rinne tú an scrúdú i bhfad ó shin, d’fhéadfadh sé a bheith tábhachtach.
  •             I gcás iarrthóirí lánfhásta a rinne scrúdú na hArdteistiméireachta in aon bhliain ó 1985 anuas, ba chóir bliain an scrúduithe agus an t-uimhir scrúduithe (má tá sé ar eolas) a thaispeáint san áit chuí ar leathanach 1 den fhoirm iarratais CAO.
  •             Má rinne tú an tArdteistimeireacht roimh 1985, cuir cóip den Teastas isteach, le do thoil
  •         FETAC 
  •             Má rinne tú cúrsa FETAC in 2002, tabhair d’uimhir scrúdaithe/d’uimhir PPS ar 2.
  •             Má rinne tú cúrsa FETAC in 2001 nó roimhe sin, cuir tic sa bhosca ar leathanach 3 den fhoirm CAO agus cuir cóip de na teastais isteach 
  •         Teastais/tras-scríbhinní eile oideachais.  Mar shampla, má chaith tú tréimhse i gcoláiste cheana féin ach nár chríochnaigh tú an cúrsa, b’fhéidir go mbeadh torthaí agat do na blianta a chríochnaigh tú.
  •         Má tá tú ag staidéar i láthair na huaire agus ag fanacht ar thorthaí, cuir in iúl dúinn ar leathanach 4 d’fhoirm iarratais an CAO cén cúrsa atá tú a dhéanamh agus cén dáta a bhfuil tú ag súil leis na torthaí a chur chuig an CAO.
  •         Fianaise ar obair ar bith nó ar chúrsaí oiliúna, etc, a bhaineann leis an gclár ar a bhfuil iarratas á chur isteach agat.

 

Cad é an Spriocdháta i gcás Iarrthóirí Lánfhásta?

Spriocdhátaí iondúil an CAO i bhfeidhm:
In Am 5.15 1 Feabhra Is é seo an dáta deireanach le haghaidh iarrthóirí ar chúrsaí teoranta, cóid lánfhásta altranais san áireamh.
Déanach 5.15 1 Bealtaine Tá sé níos costasaí cur isteach mar iarrthóir déanach. Ní féidir le hiarrthóirí ar aon chóid teoranta feidhm a bhaint as an dáta déanach seo.  Caithfear an cúrsa a bhfuil tú ag lorg rangú randamach faoina choinne a bheith liostaithe roimh an dáta seo.
Athrú Intinne 5.15. 1 Iúil Ni féidir iarratas ar chóid teoranta a chur isteach ag an bpointe seo.*                                                                                                                                          Ní bheidh aon chúrsa a chuirtear isteach ag an am seo curtha san áireamh sa roghnú randamach. Caithfear an cúrsa a bhfuil tú ag lorg rangú randamach faoina choinne a bheith liostaithe roimh Bealtaine 1. Is féidir leat cur isteach ar chúrsaí eile má tá torthaí scrúdaithe cáilíochta agat.

An mbeidh agallamh nó aon chineál eile measúnaithe?

Don mhórchuid cúrsaí, ní bhíonn aon agallamh nó measúnacht ar bith eile d’iarrthóirí lánfhásta. Féadfar áit a ofráil d’iarrthóirí lánfhásta trí phróiseas Rogha Randamach ag babhtaí  A nó Náid nó, más infheidhmithe, d’fhéadfaí áit a ofráil dóibh bunaithe ar thorthaí scrúdaithe incháilithe ag babhtaí 1 agus níos moille. Mar sin féin, tá measúnacht breise i gceist dóibh sin a dhéanann iarratas ar chúrsaí altrachta lánfhásta.  I ndiaidh iarratas a dhéanamh tríd an CAO, agus uimhir CAO a fháil, caithfidh iarratasóirí don altranas do mhic léinn lánfhásta clárú le PAS (an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí) chomh maith agus iarratas a dhéanamh le PAS, chun an tástáil mheasúnaithe d’iarrthóirí lánfhásta a ghlacadh. Tá 4 chéim riachtanach:

 1.     Cuir iarratas chuig an CAO                                                                                                                        

Cuir iarratas chuig an CAO roimh 1ú Feabhra ag 5.15pm

 2.     Cláraigh le PAS                                                                                                                                  

Cláraigh le PAS tríd an suíomh gréasáin, www.publicjobs.ie.  Chun an clárú a chríochnú, is gá duit d’uimhir CAO, seoladh bailí ríomhphoist agus d’uimhir PSP a thabhairt. Is féidir clárú ó 15ú Feabhra. Nuair a chláraíonn tú le PAS gheobhaidh tú ainm úsáideora agus pasfhocal; ba chóir iad seo a choimeád le haghaidh úsáide feasta. Caithfidh tú iad a úsáid chun teacht ar Chlár Fógraí PAS agus chun teachtaireachtaí, cinntithe agus fógraí PAS a fháil.

 3.    Iarratas um Thástáil                                                                                                                                     

Tar éis duit clárú mar úsáideora PAS, caithfidh tú foirm iarratais um thástáil altranais a fháil. Beidh sé seo ar fáil faoin chatagóir poist ‘Leighis’, san fhochatagóir ‘Altranas/Bainistíocht Altranais’. Comhlánaigh agus seol isteach an fhoirm iarratais. Caithfidh foirm iarratais, comhlánaithe go cuí, a bheith istigh roimh 5ú Marta ag 5.15pm.

 4.     Deimhniú                                                                                                                                                      

Má tá iarratas déanta i gceart agat ba chóir duit cinntiú ríomhphoist a fháil laistigh de 2 lá. Tar éis duit an fhoirm iarratais um thástáil a sheoladh isteach, féach an clár fógraí PAS (atá lonnaithe sa phróifíl phearsanta agat). Gheobhaidh tú cinntiú ríomhphoist má tá an t-iarratas seolta i gceart agat. Coimeád cóip den chinntiú seo mar thaifead duit féin. Sá chás ná faigheann tú cinntiú ríomhphoist laistigh de 2 lá, tá sé tábhachtach teagmháil a dhéanamh láithreach le 01 8587480.

Má theipeann ort na céimeanna uile a chríochnú i gceart agus in am ní bheidh an t-iarratas agat bailí.  

De ghnáth, déantar an triail i mí Aibreáin agus bíonn 3 ionad tastála ann go hiondúil: Baile Átha Cliath, Gaillimh agus Corcaigh, ar 27ú Aibreán. Seolfar cuireadh um thástáil chugat tríd an chlár fógraí PAS agat i lár mhí Aibreáin. Má theipeann ort an tástáil a fhreastal ní rachaidh d’iarratas ar aghaidh. Beidh na torthaí tástála ar fáil ar Chlár Fógraí PAS i mí an Mheithimh. Tiocfaidh na tairiscintí tosaigh ón CAO i mí Iúil. 

Roghnú Randamach d'Iarrthóirí Lánfhásta (do chúrsaí eile seachas an t-altranas)  

Ins na cúrsaí eile ar fad, beidh cuóta teoranta áiteanna in áirithe d’iarrthóirí a ghlacfar ar bhonn lánfhásta amháin. Déanfar rogha randamach don chuóta lánfhásta ar Bhabhta A agus ar Bhabhta Zero.  Nuair amháin atá spriocdáta Bealtaine 1 thart, sannfar rangú randamach do gach iarrthóir lánfhásta atá ar chomhad ag an am sin do gach cúrsa atá luaite. (Nóta: ciallaíonn sé seo go gcaithfidh iarrthóirí lánfhásta, atá ag súil le bheith roghnaithe don chuóta randamach,  a gcuid roghanna a bheith tugtha chun críche acu roimh Bealtaine 1. Ní chuirfear athruithe ar bith a déantar ina dhiaidh sin san áireamh sa roghnú randamach). Déantar an t-ord rangaithe a ríomh go leithleach do gach cúrsa. Dá bhrí sin, d’fhéadfadh iarrthóirí a chuir isteach ar chúpla cúrsa a bheith ag barr an liosta rangaithe do cheann amháin dá gcúrsaí roghnaithe agus ag bun an liosta do cheann eile. Oibríonn ríomhaire amach an t-ord rangaithe do gach cúrsa go randamach agus níl aon rud le déanamh aige le torthaí acadúla nó le roghanna. Chun tairiscintí a thabhairt, tosaíonn muid ag barr an liosta randamach do gach cúrsa agus síos ó sin go dtí go bhfuil an cuóta líonta againn. De ghnáth, cuireann roghnú randamach críoch le babhta zero.

Iarrthóirí Lánfhásta Roghnaithe ar Thorthaí                                                                                              

Beidh iarrthóirí lánfhásta, a bhfuil torthaí scrúdaithe cáilíochta acu, i dteideal a bheith rannpháirteach i gcomórtas ar leith d’áiteanna neamhchuóta i mBabhta 1 agus i mbabhtaí ina dhiaidh sin. Tá roghnú i mBabhta 1 agus i mbabhtaí ina dhiaidh sin iomaíoch agus bunaithe ar phointí ó scrúduithe cáilíochta. Cuimhnigh, ní thig leat a bheith curtha san áireamh sna babhtaí seo mura bhfuil cruthúnas againn ar do thorthaí scrúdaithe.

Cad a tharlóidh má ligim thart an Spriocdháta Iarratais?                                                                              

Má tharlaíonn go bhfuil Áiteanna Folmha ar chúrsa ar bith tar éis Babhta 1, osclófar fuinneog iarratais nua. Is iondúil nach bhfuil na hÁiteanna Folmha seo ar oscailt ach d’iarrthóirí a bhfuil torthaí scrúduithe cáilíochta acu. Gheobhaidh siad seo tairiscintí go huathoibríoch agus tharlódh go líonfaí go gasta aon áiteanna folmha. Ach, ag brath ar an éileamh, féadfar iarrthóirí breise lánfhásta a mheas le haghaidh na n-áiteanna folmha. Moltar go láidir d’iarrthóirí lánfhásta gan bheith ag brath ar áiteanna folmha, ach cloí leis na spriocdhátaí normálta iarratais.

Cathain a bheidh a fhios agam gur éirigh le m’iarratas?

Eiseofar na tairiscintí is túisce chuig iarrthóirí lánfhásta ar Bhabhta A, in Iúil. Tá mórán babhta tairiscintí. Mura líontar cuóta/cúrsa ar bhabhta amháin, eisítear tairiscintí ar na babhtaí ina dhiaidh sin go dtí go mbíonn an cuóta/cúrsa lán. Ní gá aon imní a bheith orthu san a bhfuil torthaí scrúduithe cáilíochta acu, mura bhfaigheann siad tairiscint ar bith in Iúil. Tá seans ann go bhfaighidh siad tairiscint níos déanaí. Ach sa chás nár chuir tú torthaí cáilíochta i láthair, agus nach bhfuair tú tairiscint ar Bhabhtaí A nó Zero, ní dóichí go bhfaighidh tú tairiscint ar bith.
Is ar Bhabhta 1 a eisítear formhór na dtairiscintí, i lár Lúnasa nuair atá torthaí na hArdteistiméireachta ar fáil agus is féidir an rangú a chur i gcrích.
I ndiaidh Babhta 1, mura bhfuair tú tairiscint ar bith, is féidir teagmháil a dhéanamh le hiontráil chun d’áit ar an liosta feithimh a aimsiú.
RPL (Recognition of Prior Learning)
ACCS (Accumulation of Credits and Certification of Subjects)

Oifig Rochtana agus Mic Léinn Lánfhásta

Is mic léinn lánfhásta iad 23% de na mic léinn ag LYIT. Tá roinnt seirbhísí speisialta le haghaidh mic léinn lánfhásta ar fáil ón Oifig Rochtana, féach Access Office le haghaidh tuilleadh eolais.

Cad fá Tháillí/Deontais &rl.?

Do chuspóirí deontais na mac léinn, d'fhéadfaí mac léinn a mheas mar mhac léinn lánfhásta neamhspleách má:

  • Tá sé/sí 23 bliain d'aois ar an 1 Eanáir den chéad iontráil chuig cúrsa faofa (nó chuig filleadh ar oideachas i ndiaidh briseadh de thrí bliana, ar a laghad, sa staidéar), agus
  • Nach raibh sé/sí ina c(h)ónaí le tuismitheoirí nó caomhnóirí ón Deireadh Fómhair deireanach.

Seachas sin, beidh sé/sí a m(heas) ar bhonn ioncam na dtuismitheoirí nó na gcaomhnóirí.

Tá tuilleadh faoi tháillí le fáil anseo.

Le tuilleadh eolais a fháil ar dheontais, féach www.susi.ie nó www.studentfinance.ie

Raibh an t-eolas seo úsáideach? Cliceáil anseo chun aiseolas a thabhairt.

 

Updated: Wed, 01 Feb 2017 11:54:27 GMT