about-top.jpg

Cead Isteach

Díchlárú

Má mhothaíonn tú míshona le do rogha cúrsa, nó le saol an choláiste i gcoitinne, agus má tá tú ag smaoineamh ar éirí as, tá sé tábhachtach gan aon chinneadh a dhéanamh róghasta. Sula gcuireann tú do chinneadh i gcrích ba chóir duit do staid a phlé le daoine cuí agus a gcomhairle a lorg. B’fhéidir go n-áireoidh siad seo cairde, tuismitheoirí, siblíní, léachtóir ar an gcúrsa, do Cheann Roinne, Comhairleoir Gairme an choláiste, Séiplínigh, Speisialtóir Tacaíochta Foghlama, nó an Comhairleoir Mac Léinn. B’fhéidir go mbeadh gach duine díobh seo ábalta dearcadh difriúil a sholáthar ar do chás. B’fhéidir go mbeidh siad ábalta cúnamh agus comhairle a sholáthar a chuideoidh leat leanúint ar aghaidh, nó b’fhéidir go dtreoróidh siad thú i dtreo roghanna nár smaoinigh tú orthu. Dá mhéid comhairle a lorgaíonn tú, is ea is fearr an seans go sroichfidh tú an cinneadh atá ceart duitse.

Ar aon chaoi, má chinneann tú LYIT a fhágáil i ndeireadh na dála, cibé an bhfuil tú ag éirí go hiomlán as an gcoláiste nó ag aistriú chuig cúrsa in áit éigin eile, tá sé an-tábhachtach go ndéanfaidh tú díchlárú go foirmiúil. B’fhéidir, i gcásanna áirithe, go mbeidh aisíoc ann mar thoradh ar dhíchlárú foirmiúil. Fiú mura bhfuil aon aisíoc dlite, má fhágann tú an coláiste gan díchlárú go foirmiúil, b’fhéidir go mbeidh tionchar diúltach aige ar do chás i dtaca le táillí má chinneann tú riamh filleadh ar an gcoláiste tráth níos déanaí.

Ag aistriú chuig cúrsa difriúil eile go hinmheánach (tar éis duit clárú).

Níl sé éasca ar chor ar bith aistriú go hinmheánach le linn na céadbhliana.  Ní féidir a dheimhniú do mhac léinn go mbeidh toradh rathúil ar iarratais um aistrithe inmheánacha.  Mar gheall air seo, moltar d'iarrthóirí dóthain taighde a dhéanamh roimh iontráil dóibh agus a roghanna chúrsa a chinneadh tráth nach déanaí ná 1 Iúil ag 5.15pm

Agus é sin ráite, féadfar ó am go ham aistrithe inmheánacha a éascadh, trí athiarratas ar Áiteanna Infhála CAO nó, cé gur neamhghnáthach é, trí Phroiséas faofa um Aistriú Inmheánach LYIT tar éis do shéasúr an CAO a dhúnadh.

Moltar go daingean d'iarrthóirí gan dul in muinín ceachtar dan dá bhealach seo mar

  1. A. Níl gach cúrsa ar liosta na n-Áiteanna Infhála - tharlódh go mbeadh an cúrsa atá á lorg um aistriú lán agus/nó ar liosta feithimh, a ghlacann tosaíocht.
  2. B. Fiú sa chás ina bhfuil spás ar fáil, caithfidh iarrthóirí ar aistriú cead a fháil ó na Cinnirí Roinne cuí agus ón Chlárlann.  Brathann a leithéid de chead, imeasc rudaí eile, ar an ábhar go gcomhlíonann an t-iarrthóir na riachtanais umh mháithreánach ginearálta agus na pointí araon maidir leis an gcúrsa nua.

Sa chás go gceadaítear aistriú inmheánach is gá duit díchláru go foirmiúil ón gcúrsa tosaigh sul ar féidir leath athchlárú le haghaidh an chúrsa nua.

Chun díchlárú go foirmiúil, lean an nasc thíos chuig an suirbhé díchláraithe. 

Tabhair faoi deara nach mór duit na 4 chéim seo a dhéanamh:

  • An suirbhé a chríochnú
  • An leathanach roimh an leathanach deiridh a phriontáil
  • An leathanach sin a shíniú agus a dhátú
  • An leathanach deiridh sínithe agus dátaithe a chur chuig Noeleen Lafferty san Oifig Iontrála.   

Tosaigh Díchlárú anois

Raibh an t-eolas seo úsáideach? Cliceáil anseo chun aiseolas a thabhairt.

Updated: Wed, 01 Feb 2017 11:59:37 GMT