about-top.jpg

Cead Isteach

Riachtanais Iontrála agus Córas na bPointí

Athraíodh an struchtúr grádála do Ardteistiméireacht na hÉireann agus do Scála na bPointí d'iontráil don bhliain 2017.  Cliceáil anseo le bhur dtoil, faoi choinne sonraí fá na scéimeanna athbhreithnithe.

Tá an rochtain chaighdeánach ar chúrsaí chéad bhliana san LYIT bunaithe de ghnáth ar Ardteistiméireacht na hÉireann, nó ar scrúduithe QQI/FET (a bhí mar FETAC roimhe seo), nó ar scrúduithe choibhéiseacha fhágála scoile a ghlactar nuair a chríochnaítear iar-bhunoideachas sinsearach. Tig leis an riachtanas máithreánach is ísle athrú, ag brath ar an leibhéal/chineál cúrsa a ndéan tú iarratas air:

Is próiseas dhá chéim atá sa roghnúchán.  Cé go bhfuil na céimeanna i ndiaidh a chéile, tá an tábhacht chéanna ag baint leo.

  • Ní mór duit an máithreánach a fháil nó íoschaighdeáin áirithe a shásamh le bheith incháilithe do bhreithniúchán.
  • Nuair amháin atá an máithreánach faighte agat caithfidh tú dhul san iomaíocht d’áiteanna le hiomlán iarrthóirí iarmháithreánacha eile. 

Céim 1  Máithreánach

Leibhéal 6: Ardteastas

Leibhéal 7: Céim Bhaitsiléara (ab initio)

  • Caithfidh iarrthóirí 5 ábhar difriúil, ar a laghad, ó Ardteistiméireacht na hÉireann (nó i scrúdú coibhéiseach fágála scoile a ghlactar ar chríochnú iar-bhunoideachas sinsearach) a bheith bainte amach acu.
  • Caithfidh Gaeilge Béarla a bheith ar cheann de na 5 ábhar a chuirtear i láthair.
  • Caithfidh Matamaitic a bheith san áireamh mar cheann de na 5 ábhar sin, seachas i gcás na gceann seo a leanas:
    • LY207 Dlí le Ceartas Coiriúil nó Teangacha
    • LY208 Dlí
    • LY336 Maoirseacht Bheáir & Bhialainne
    • LY346 Ealaíona Cócaireachta Leibhéal 6
    • LY317 Ealaíona Cócaireachta Leibhéal 7
    • LY327 Fáilteachas & Turasóireacht
    • LY406 Fótagrafaíocht
    • LY427 Scannán & Físeán Digiteach             
    • LY437 Beochan
    • LY447 Faisean le Promóisean
    • LY408 Dearadh, Comhiontráil
  • Le haghaidh chúrsa ar Leibhéal 7 amháin caithfidh iarrathóirí íosléibhéal 160 pointe a bhaint amach

Leibhéal 8: Céim Onóracha (ab initio)

  • Caithfidh iarrthóirí 6 ábhar difriúil, ar a laghad, ó Ardteistiméireacht na hÉireann (nó i scrúdú coibhéiseach fágála scoile a ghlactar ar chríochnú iar-bhunoideachas sinsearach) a bheith bainte amach acu.
  • Caithfidh Gaeilge Béarla a bheith i measc na 6 ábhar a chuirtear i láthair.
  • Tá Matamaitic ag grád 06/H7 nó níos fearr de dhíth.
  • Ní mór de 6 ábhar a bheith ag grád H5 nó níos fearr.

Matamaitic  

  • Do gach clár innealtóireachta agus d’iomlán na gclár ab initio ag leibhéal 8, caithfidh iarrthóirí grád O6/H7, ar a laghad, nó níos fearr a bheith bainte amach acu san Ardteistiméireacht.
  • Do gach clár ag leibhéal 6/7, caithfidh iarrthóirí Matamaitic na hArdteiste ag O6/H7 (nó níos airde) a bheith bainte amach acu.   
  • Lena chois sin, do chláracha ag leibhéal 6/7 seachas Innealtóireacht, is féidir riachtanas na Matamaitice a shásamh tríothu seo a leanas:
    • Matamaitic Bonnleibhéil ag grád F2 (nó níos airde)
    • Matamaitic na hArdteiste ag grád O6/H7 nó níos airde (HE in 2016 nó níos luaithe)
  • Bronnan LYIT 25 phointe bónais le haghaidh an ghráid H6 ar an ardpháipéar Matamaitice.  Samplaí

Riachtanais Eile

Go han-annamh, d’fhéadfadh ábhar agus/nó grádanna faoi leith a bheith ag teastáil do roinnt clár. Mar shampla:

  • Tá ábhar Eolaíochta saotharlainne de dhíth faoi choinne na cúrsaí Altrachta go léir, ar a n'airítear Altracht Fiachlóireachta agus Altracht Tréidliachta agus fosta do Theicneoir Cógaslainne.
  • Tá Ealaín (nó portfóilió) de dhíth faoi choinne roinnt cúrsaí sa Roinn Deartha, ar a n-airítear LY437 Beochan agus LY408 Amharcscileanna Cumarsáide agus LY427 Dearadh Grafach.

Más rud é go bhfuil ábhar agus/nó grádanna faoi leith ag teastáil do chlár, beidh siad liostaithe sa tuairisceoir don chlár ar leith sin.

Grinnfhiosrúchán an Gharda Síochána

Tá roinnt clár san LYIT a bhfuil gné socrúcháin iontu, agus d’fhéadfadh mic léinn theacht i dteagmháil le daoine fásta soghonta nó le páistí. Tá sé riachtanach d’iarrthóirí ar na cláracha seo a dhul faoi Grinnfhiosrúchán an Gharda Síochána. Ní bheidh mic léinn ábalta dul ar shocrúcháin nó a gcúrsa a chríochnú gan iarmhairt shásúil a bheith ar an ghrinnfhiosrúchán. Dá bhrí sin, tá tairiscintí agus clárú do na cúrsaí seo ar choinníoll go dtí go bhfuil an grinnfhiosrúchán curtha i gcrích agus toradh sásúil tuairiscithe. Tá tuairisc de dhíth faoi choinne tír ar bith inar chónaigh an t-iarrthóir ar feadh 6 mhí nó níos mó.  I dtaca le hiarrthóirí neamh-AE do chúrsaí ina bhfuil grinnfhiosrúchán an Garda Síochána de dhíth, ní chuirfear san áireamh iad mura dteipeann orainn cúrsa a líonadh óna hIarrthóirí AE cáilithe atá ar fáil.

Gnóthú Carntha d’Íos-Riachtanais Iontrála.

Is féidir na híos-riachtanais iontrála do Matamaitic, Béarla agus Gaeilge a charnadh ó níos mó ná suí amháin den Ardteistiméireacht. 

STEP 2  Iontráil Iomaíoch

Tá iontráil iomaíoch. Nuair atá líon na n-iarratas níos airde ná líon na n-áiteanna atá ar fáil, ní dócha go dtabharfaí tairiscint d’iarrthóir nach bhfuil aige/aici ach na híos-riachtanais iontrála.

Córas na bPointí

De bharr na hiomaíochta, déantar áiteanna a thairiscint de ghnáth ar bhonn pointí.  Tá pointí ag gabháil le gach grád a bhaintear amach sna scrúduithe éagsúla atá ar fáil do dhaltaí dara leibhéal: Ardteistiméireacht, GCSE, A-Leibhéil, &rl.  Go bunúsach, dá mhéad is fearr do chuid grádanna, is ea is mó pointí a gheobhaidh tú.  Dá mhéad pointí a ghnóthaíonn tú, is ea is airde do rangú agus ar an tséala sin, is ea is mó seans atá agat fáil isteach ar do chúrsa roghnaithe. 

Tá dhá rud le tabhairt faoi deara i dtaca le pointí de:

  • Ní thosaíonn muid fiú ag áireamh pointí mura ngnóthaíonn tú an máithreánach ar dtús.  Má tá Matamaitice de dhíth agus mura bhfuair tú grád cáiliúcháin sa Mhatamaitice, ní bhfaighidh tú an máithreánach.  I gcás ar bith, ní miste cad iad na grádanna a fuair tú i n-ábhair eile, ní thabharfar pointí ar bith duit.
  • Déantar pointí a áireamh ar bhonn suí amháin de scrúdú.  Má dhéanann mac léinn scrúdú a shuí níos mó ná uair amháin, déantar na pointí do gach suí a áireamh leo féin.  Déanfar an suí óna bhfaightear an scór is airde a bhreithniú don rangú.

Taispeántar sa tábla thíos na pointí a chuirtear i leith gach grád a bhaintear amach san Ardteistiméireacht. Déantar na pointí d’iarrthóir aonair a áireamh mar shuim na bpointí ó na sé grád is airde a fhaigheann sé/sí  i.e. is é 625 uasmhéid na bpointí atá ar fáil d’aon iarrthóir Ardteiste, iomlán na bpointí a d’fhéadfadh duine a fháil dá mbainfeadh sé/sí amach H1 (A1 in 2016 nó níos luaithe) in sé ábhar (nó níos mó) i bpáipéir onóracha, ar a n-áirítear ard-Mhatamaitice.

Le haghaidh eolais ar ríomhadh pointí féach le do thoil an rannóg Acmhainní Mac Léinn/Scóráil Iarrthóirí ar shuíomh gréasáin an LOI anseo 

An tArdteistiméireacht Fheidhmeach (LCAP)

  • Ní shasaíonn an LCAP na híos-riachtanais iontrála.
  • Moltar do dhaoine a ghnóthaigh an LCAP leanúint ar aghaidh agus cáilíocht oiriúnach QQI/FETAC a bhaint amach.

QQI/FETAC 

Cliceáil anseo i gcomhair riachtanais iontrála de QQI/FETAC.

Scrúduithe na R.A./Thuaisceart Éireann.

Cliceáil anseo faoi choinne eolas atá ábhartha d'iarrthóirí ón R.A. agus Tuaisceart Éireann.

Ábharthacht phointí na bliana roimhe sin

Go teoiriciúil, d’fhéadfaí fáil isteach ar chúrsa le chomh beag le 60 pointe, i.e. 5 ábhar ag grád O6 (grád D3 in 2016 nó níos luaithe).  Go praiticiúil, ciallaíonn soláthar agus éileamh gur dócha go mbeidh i bhfad níos mó ná sin de dhíth ort.  Cionn is nach bhfuil ach spás teoranta sna coláistí, roghnóidh siad i dtús báire na mic léinn leis na cáilíochtaí is airde. Ar an tséala sin, féadfaí na fíorphointí atá de dhíth ardú nó laghdú ó bhliain go bliain.  Má tá ráchairt mhór ar chlár, ardóidh na pointí. Má laghdaíonn an ráchairt, nó má thagann ardú ar áiteanna, d’fhéadfadh laghdú a theacht ar an líon pointí atá de dhíth.  Tá cartlann na bpointí de dhíth le blianta beaga anuas le fáil ar shuíomh gréasáin an CAO.  Tabhair faoi deara, le do thoil, nach dtugann na pointí stairiúla ach táscaire ginearálta ar na treochtaí. Ní gá go leanfaidh an treocht sin ar aghaidh sa bhliain reatha.

Ábharthacht na scoithphointí

Is ionann na scoithphointí, a fhoilsítear do gach clár, agus na pointí a ghnóthaigh an duine deireanach a cháiligh don chlár sin i mbliain áirithe ar bith. D’fhéadfadh an meánphointe iontrála a bheith i bhfad níos airde ná an scoithphointe, agus mar sin de, ní thugann an scoithphointe aon léargas ar mhianach na mac léinn ag staidéar ar chlár ar bith.  Fosta, ní insíonn sé rud ar bith duit fá chaighdeán an chláir féin.  Tá na cláracha i ngach uile choláiste liostaithe in ord ar An Chreatlach Náisiúnta Cáilíochtaí agus tá gnóthachan dámhachtana ag leibhéal ar bith bunaithe ar ghnóthachan thorthaí foghlama faoi leith. Cé go bhfuil sé níos éasca, ar an tséala sin, fáil thairis an bac iontrála do chlár ar leith i mblianta áirithe (nó i gcoláistí áirithe) i gcomparáid le cinn eile, ní chiallaíonn sé sin nuair amháin atá tú istigh, go mbeidh sé níos fusa an toradh foghlama riachtanach nó cáilíocht a bhaint.

Tá cartlann de na pointí a bhí de dhíth le blianta beaga anuas le fáil ar suíomh gréasáin an CAO.

Raibh an t-eolas seo úsáideach? Cliceáil anseo chun aiseolas a thabhairt.

  

Updated: Wed, 13 Sep 2017 11:48:21 BST