Fáiltíonn LYIT roimh athcheapadh Fintan Moloney mar Chathaoirleach ar an mBord Rialaithe

Fáiltíonn LYIT roimh athcheapadh Fintan Moloney mar Chathaoirleach ar an mBord Rialaithe

News, Student News, Staff News / Dé Céadaoin 12 Nollaig 2018

Fógraíonnn LYIT athcheapadh Fintan Moloney mar Chathaoirleach ar an mBord Rialaithe go ceann tréimhse cúig bliana.

Ag labhairt dó faoin athcheapadh, dúirt an tUas Moloney, “Tá áthas orm faoin athcheapadh mar Chathaoirleach ar Bhord Rialaithe LYIT; tá tacaíocht suntasach faighte agam le cúig bliana anuas ó chomhaltaí an Bhoird Rialaithe agus tugann a dtacaíocht leis an athcheapadh uchtach dom.” 

Tá an tUas Moloney mar Chathaoirleach ó 2013 agus tá dul chun cinn suntasach déanta ag an Institiúid le linn an ama sin. Léiríonn a athcheapadh leanúnacht tábhachtach tráth a bhfuil athruithe suntasacha i ndán don Institiúid. Sa chéad téarma eile beidh LYIT sáite in athstruchtúrú san earnáil ardoideachais i bPoblacht na hÉireann agus ar bhonn trasteorann. Tá pleananna ardaidhmeannacha forbartha ag an Institiúid; orthu san tá leathnú €20m ar champas Bhóthar an Chalaidh agus áiseanna suntasacha spóirt ar an dara láthair ag Cnoc na Móna. 

Chuir Uachtarán LYIT, Paul Hannigan, fáilte roimh an athcheapadh: “Is ceapachán fíorthábhachtach don Institiúid é seo. Bhí an tUas Moloney thar cionn mar Chathaoirleach ar an mBord Rialaithe, agus chuaigh sé i mbun plé réamhghníomhach le pobal an choláiste agus le páirtithe leasmhara. Táim ag súil go mór bheith ag obair leis chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin atá romhainn.” 

Téann an tUas Moloney i mbun an phoist láithreach. 

Teideal: Paul Hannigan, Uachtarán LYIT, agus Henry McGarvey, Leas-Uachtarán um Airgeadas & Seirbhísí Corporáideacha, ag aithint gur athcheapadh Fintan Moloney mar Chathaoirleach ar an mBord Rialaithe go ceann cúig bliana ag tosú i mí na Samhna 2018.
 


An nuacht is déanaí

Imeachtaí