Buann LYIT gradam ins an Sunday Times Good University Guide 2018

Buann LYIT gradam ins an Sunday Times Good University Guide 2018

News, Student News, Staff News / Dé Máirt 30 Bealtaine 2017

Ins an Sunday Times Good University Guide 2018, a fhoilsítear gach bliain agus a rangaíonn ollscoileanna agus institiúidí teicneolaíochta, ainmníodh Institiúid Teicneolaíochta Leitir Ceanainn (LYIT) sa dara háit ins an Sunday Times Institute of Technology of the Year Award le haghaidh 2018.  Ainmníodh Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Luain (AIT) mar Institiúid Teicneolaíochta na Bliana agus ainmníodh OÉ Gaillimh mar Ollscoil na Bliana 2018.

Tá an Sunday Times Guide ar cheann de na treoracha neamhspleácha is cuimsithí ar chúrsaí le haghaidh fochéimithe in Éirinn. Meastar gach institiúid tríúleibhéal in Éirinn faoi réimse critéir ar a n-áirítear forbarthaí nua, áiseanna agus naisc le tionscal agus taighde. Is minic a úsáidtear é nuair a bhíonn tuismitheoirí agus mic léinn ar fud na tíre ag déanamh rogha idir institiúidí tríúleibhéal. 

Ag labhairt dó maidir le tús áite LYIT ins an treoir, dúirt Paul Hannigan, Uachtarán, “Is tráthúil é gur rangaíodh an Institiúid chomh hard san ins an Sunday Times Guide agus sinn ag teacht aniar as blianta duanéiseacha an chúlaithe agus ag tabhairt aghaidh ar an todhchaí le muinín. D’oibrigh foireann LYIT go dian le blianta anuas chun tairbhe na hInstitiúide a chinntiú in ainneoin na timpeallachta lasmuigh. Leanann mic léinn orthu ag roghnú LYIT sa chéad áit acu agus i mbliana tá méadú ar an líon mac léinn atá ag dul isteach sa chéad bhliain ann.” 

“Ta áthas orainn gur thug an Sunday Times suntas do na himeachtaí mac léinn againn i mbliana, mar chreidimid gur gné é seo a dhifreálann sinn ó institiúidí eile. Is í seo an tríú hócáid a léiríodh LYIT chomh hard ins an rangú.” 

Treisíonn caidreamh trasteorann na hInstitiúide, le Coláiste Réigiúin an Iar-Thuaiscirt agus le hOllscoil Uladh, rochtain ar ardoideachas, nuálaíocht agus cruthú postanna. Imeasc nithe eile, tá méadú suntasach ar líon na mac léinn ó Thuaisceart Éireann ag LYIT le trí bliana anuas. 

Tairgeann an Institiúid MA Foghlama agus Teagaisc a léiríonn an tosaíocht a thugann LYIT don ábhar seo. Tá cáilíocht teagaisc ag breis agus leath den fhoireann acadúil, i gcomparáid le 30% trí bliana ó shin. Bhain an pobal leathan oideachais sa réigiún tairbhe ón chlár seo freisin. 

Is féidir an tiomantas um an taithí foghlama a fheabhsú a fheiceáil ón saothar ag LYIT maidir le foghlaim ó na mic léinn. D’eirigh go han-mhaith le LYIT ins an Irish Survey of Student Engagement (ISSE), le ráta freagartha 34% in 2016-17, i gcoinne ráta náisiúnta 27%.  Dúirt 86% de na mic léinn go roghnódh siad LYIT arís dá mbeidís ag tosú ar staidéir as an nua, i gcomparáid le ráta náisiúnta 82%. Léirigh 88% a dtaithí mar mhic léinn mar ‘sármhaith’ nó ‘maith’ i gcomparáid le ráta náisiúnta 83%. 

Mar thoradh ar scéim rannpháirtíochta mac léinn a tosaíodh in 2016, tháinig méadú 66% ar ghníomhaíochtaí ag cruinnithe den chomhairle teachtaí ranga. 

Ag labhairt dó faoin chéad chéim eile forbartha ag LYIT, deir Paul Hannigan, “Tá an Institiúid anois ar tí chéim nua um phleanáil straitéiseach a ghlacadh agus léireoidh sé seo dul chun cinn na hInstitiúide go ceann cúig bliana romhainn amach. Tá LYIT uaillmhianach maidir le dul chun cinn amach anseo agus tugaimid aghaidh go muiníneach ar na haidhmeanna againn a bhaint amach le tacaíocht iomlán ón fhoireann, ó na mic léinn agus óna páirtithe leasmhara.” 


An nuacht is déanaí

Imeachtaí