Mic léinn Faisin LYIT i gCraobhchomórtas Nuálaíochta Faisean Éireann: Mac léinn Dearthóra na Bliana 2018

Mic léinn Faisin LYIT i gCraobhchomórtas Nuálaíochta Faisean Éireann: Mac léinn Dearthóra na Bliana 2018

News, Student News, Staff News / Dé Máirt 20 Márta 2018

Ar an Déardaoin 22 Márta, beidh triúr mac léinn Faisin LYIT -  Niamh Porter (Ráth Bhoth), Amy Devlin (Conmhaigh) agus Helen Murray (Dún Fionnachaidh) páirteach i gCraobhchomórtas Nuálaíochta Faisean Éireann: Mac léinn Dearthóra na Bliana 2018.  Comórtas faoi ardmheas é seo do mhic léinn ó choláistí faisin ar fud na hÉireann, ina léirítear saothar cruthaitheach ó na dearthóirí is nuálaí in Éirinn. Is deis é do dhearthóirí óga atá ag teacht chun cinn a gcuid saothair a thaispeáint don phobal.

Thug Niamh, Amy agus Helen freagra ar thogra a iarr orthu stíl a dhearadh um éadaí le caitheamh i gceann deich mbliana amach anseo. Ba cheart don dearadh freagairt do stíleanna saoil an todhchaí, bunaithe ar fhíricí eolaíochta seachas ficsean eolaíoch. Is léir gur chuadar i bhfeidhm ar na moltóirí; beidh siad le feiceáil leis na hiomaitheoirí eile ar an iris GALWAYnow chomh maith le cláracha raidio agus teilifíse. Dúirt Helen Murray, "bhí cuid mhaith diansaothair i gceist, ach is deis é d’ainm a chur amach os comhair an tsaoil agus nasc a chruthú le comórtas gradamúil. Tugann sé deis freisin mar mhac léinn dearthóra triail a bhaint as cur chuige nua maidir le dearthaí”.

Seo an dara bhliain ag Niamh an craobhchomórtas a bhaint amach; dúirt sí, “Tá áthas orm an seans eile a fháil sa chomórtas. Anuraidh bhíos beagán cúramach leis na dearthaí agam, ach i mbliana tá muinín níos mó agam asam féin agus bhíos sásta trialacha nua a bhaint. Beidh áthas orm filleadh ar Ghaillimh chun mo chuid saothair a fheiceáil ar taispeáint – bíonn oíche iontach againn ann!”

Roghnóidh na moltóirí buaiteoir amháin ar oíche na hócáide, trí bhalóid rúnda. Fógrófar an buaiteoir ag na Gradaim Nuálaíochta Faisin san Óstán Galmount, Gaillimh. Tabharfar breithiúnas ar na dearthóirí maidir le nuálaíocht, iomláine dearaidh agus rogha ábhar.

Tá an cúrsa BA sa bhFaisean le Cothú sa tríú bhliain ag LYIT agus cheana féin tá torthaí le feiceáil maidir le luach scileanna agus sainchumais na gcéimithe. Is aidhm don chúrsa mic léinn a ullmhú um fhostaíocht nó um ghairm dearthóra.  

Dúirt Sharon Maxwell, Léachtóir Faisin LYIT, “Táim fíorbhródúil as na dearthóirí, tá a gcuid saothair an-fheiceálach ar fad. Seo an dara bhliain go bhfuil mic léinn againne páirteach sa chomórtas seo. Is é an príomhardán do mhic léinn faisin in Éirinn agus iad in iomaíocht le mic léinn ó choláistí faisin eile in Éirinn”. 

Go n-éirí le gach duine atá páirteach sa chraobhchomórtas! Má tá suim agat i ngairm fhasin, féach an BA sa bhFaisean le Cothú (LY447). 

 


An nuacht is déanaí

Imeachtaí