Cuireann LYIT fáilte roimh iarratais ar scoláireachtaí Chúram Sláinte Thiar Thuaidh Optum le haghaidh 2021/22
Tá lúchair ar IT Leitir Ceanainn a fhógairt go bhfuil an Scéim Sláinte Scoláireactaí Optum oscailte don bhliain acadúil 2021/22 agus cuirtear fáilte roimh iarratais. Glacfar le hiarratais go dtí an Aoine, 28 Bealtaine 2021.
Ta án bhilleog eolais, foirm iarratais agus teimpléad téistiméireachta faoi iamh: https://www.lyit.ie/Student-Life/Students-Services-Support/Financial-Support-Scholarships.
Moltar go láidir d’iarrthóirí dul fríd liosta ainmnithe na gcúrsaí le cinntiú go bhfuil a cúrsa/chúrsa roghnaithe ar an liosta ainmnithe.
Tá próiseas digiteach á éascú i mbliana fosta agus glacfar le roimhphoist agus scannadh/ griangraf den fhoirm comhlánaithe, nó, is féidir an fhoirm iarratais a sheoladh sa phost chuig: Nodlaig Ní Bhrollaigh, Optum Ireland, Windy Hall Campus, Leitir Ceanainn.
Ní mór don Phríomhoide athbhreithniú a dhéanamh ar an foirm iarratais comhlánaithe roimh an teimpléad téistiméireachta a líonadh amach.
Is doiciméad rúnda é an téistiméireacht agus ní mór don phríomhoide scannadh den téistiméireacht a chur díreach chuig nodlaig.brolly@optum.com roimh an dáta druidim.
Má tá aon cheist agat, téigh i dteagmháil le nodlaig.brolly@optum.com