Lá Bronnta LYIT

Lá Bronnta LYIT

News, Student News, Staff News / Dé hAoine 22 Eanáir 2021

Ag Teacht le Chéile go Fíorúil

Bhí 2020 ar cheann de na blianta ba dhúshlánaí agus ba dheacra le haghaidh mhic léinn breisoideachais agus ardoideachais. Is mó dúshlán a tháinig roimh na mic léinn ar an mbealach, go háirithe an t-aistriú chuig teagasc agus foghlaim ar líne i mí Mhárta 2020. 

Chaith mórán mac léinn ag LYIT míonna deireanacha a gcuid staidéar ag nascadh go fíorúil agus ag plé ar líne lena gcairde agus leis na léachtóirí ar ardáin fíorúla. Ag druidim dúinn leis an Athbhliain, tá na srianta fós i bhfeidhm agus i mbliana, beidh cuma difriúil ar Lá Bronnta LYIT le haghaidh ‘Rang 2020’.  

Is go fíorúil agus ar líne a bheidh Lá Bronnta LYIT inniu (Dé hAoine 22 Eanáir).

Beidh ceithre shearmanas bronnta ar Lá Bronnta LYIT 2020:  

•    Seisiún 1:  10 am – An Scoil Gnó
•    Seisiún 2:  12 pm – An Scoil Innealtóireachta 
•    Seisiún 3:  1 pm – An Scoil Eolaíochta
•    Seisiún 4:  3 pm – An Scoil Turasóireachta

Ar Lá Bronnta 2020, bronnfar céimeanna ar bhreis agus 1,000 mac léinn ó LYIT.  Meastar go mbeidh céimithe LYIT ar fud na hÉireann agus ar fud an domhain ag féachaint ar shearmanais na bliana seo ar líne. 

Dúirt Paul Hannigan, Uachtarán LYIT, “I mbliana, is mó dúshlán a bhí le sárú ag mic léinn agus céimithe LYIT. De ghnáth, bheadh fáilte roimh na mílte mac léinn, a muintir agus a gcairde ar champais LYIT ar an Lá Bronnta. Mar gheall ar shrianta Covid-19, bhí orainn athruithe a dhéanamh an tráth dúshlánach seo. Is mian liom diansaothar, cur chuige agus tiomantas na mac léinn go nuige seo a admháil. Is céim thábhachtach ar do thuras acadúil an lá seo agus guím ar ‘Rang 2020’ gach rath amach anseo.”  

Más céimí LYIT thú inniu, bí cinnte do phictiúir agus do scéalta a roinnt díreach chuig meáin shóisialta LYIT, ar Instagram - tag @lyitofficial, ar Facebook – tag @Letterkenny Institute of Technology agus ar Twitter – tag @LYIT.


An nuacht is déanaí

Imeachtaí