Fógraíonn ITLC a ceathrú Scéim Gaeilge

Fógraíonn ITLC a ceathrú Scéim Gaeilge

News, Student News, Staff News / Dé Céadaoin 13 Eanáir 2021

"Tá ról le himirt ag an Institiúid ina cionroinnt chultúrtha don cheantar agus tá an scéim nua seo mar chuid de sin."

Tá scéim nua ullmhaithe ag Institiúid Teicneolaíochta Leitir Ceanainn (LYIT) ar mhaithe le húsáid na Gaeilge a spreagadh ar a campas.  Ullmhaíodh an scéim, a bhí faofa le déanaí ag an Aire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, faoi Alt 15 d’Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003.

Cuireadh grinnphróiseas comhairliúcháin agus comhoibríochta i gcrích agus as sin tháinig moltaí chun cinn ar mhaithe le tuilleadh feabhsuithe a dhéanamh ar sholáthar seirbhísí trí mheán na Gaeilge ar an champas sna trí bliana amach romhainn, de réir Acht na dTeangacha Oifigiúla, 2003.  Beidh tionchar nach beag ag na forálacha atá leagtha síos sa scéim nua ar idirbheartaíochtaí na hInstitiúide lena custaiméirí inmheánacha agus seachtracha go léir. 

Agus í ag caint ar na moltaí, bhí an méid seo a leanas le rá ag Rachel Akkoç, comhordaitheoir na scéime san Institiúid: “Tá mé dóchasach go gcomhlíonfaidh an Institiúid a cuid oibleagáidí faoin gceathrú scéim seo. Aithníonn LYIT cé chomh tábhachtach is atá sé freastal ar phobal labhartha na Gaeilge agus tá sé ar intinn againn a chinntiú go mbeidh seirbhís ar fáil do dhuine ar bith ar mhaith leo a ngnó leis an Institiúid a dhéanamh trí mheán na Gaeilge.” 

Thréaslaigh Uachtarán na hInstitiúide, Paul Hannigan, le Rachel as ucht an scéim nua a bheith curtha i gcrích aici agus dúirt sé:  “Tá ceann de na Gaeltachtaí is mó in Éirinn i nDún na nGall.  Tá ról le himirt ag an Institiúid ina cionroinnt chultúrtha don cheantar agus tá an scéim nua seo mar chuid de sin.  Tá sé iontach tábhachtach go gcuirfeadh an Institiúid úsáid na Gaeilge chun tosaigh ar fud an champais agus go dtabharfaí spreagadh do bhaill foirne/mhic léinn ar mian leo Gaeilge a labhairt mar a gcéad teanga.  Tá an tiomantas seo mar chuid lárnach de Phlean Straitéiseach na hInstitiúide.”

Tá cóip de scéim nua na hInstitiúide Teicneolaíochta le feiceáil anseo.


An nuacht is déanaí

Imeachtaí