Cruinniú an Chomhchoiste um Fheidhmiú Chomhaontú Aoine an Chéasta

Cruinniú an Chomhchoiste um Fheidhmiú Chomhaontú Aoine an Chéasta

News, Student News, Staff News / Dé Luain 23 Samhain 2020

Déanann Uachtarán LYIT cur i láthair ar son an Bhraisle Trasteorann

Ag cruinniú fíorúil an Chomhchoiste um Fheidhmiú Chomhaontú Aoine an Chéasta, rinne Uachtarán LYIT, Paul Hannigan, i dteannta leis an Ollamh Malachy O’Neill, Propast Champas Mhig Aoidh, Ollscoil Uladh, an ráiteas oscailte ar son an Bhraisle Trasteorann.    

Imeasc na n-ábhar faoi chaibidil bhí forbairt agus cothú ar na hearnála breisoideachais agus ardoideachais trasteorann agus, i gcomhthéacs LYIT, stádas ollscoile teicneolaíochta a chur chun cinn.

Cuimsíonn an Braisle Breisoideachais agus Ardoideachais Trasteorann: Ollscoil Uladh (UU), Institiúid Teicneolaíochta Leitir Ceanainn (LYIT), Coláiste Réigiúin an Iar-Thuaiscirt (NWRC), agus Bord Oideachais agus Oiliúna Dhún na nGall (ETB).  Ba é an Chomhpháirtíocht um Fhorbairt Straitéiseach an Iar-Thuaiscirt (NWSGP), arna threorú ag Comhairle Ceantair Chathair Dhoire agus an tSratha Bháin agus Comhairle Contae Dhún na nGall, a chuir tús leis an gcomhpháirtíocht seo i mí Feabhra 2018. Is struchtúr ar leith idirdhlínseach é NWSGP, faoi thacú an dá Rialtas tríd an Chomhairle Aireachta Thuaidh/Theas.

Bhí áthas ar an Uas Hannigan an ráiteas oscailte a thabhairt: “Is toradh é an comhaontú seo ar bhlianta fada comhoibríochta idir na soláthróirí san earnáil oideachais - LYIT, UU, NWRC agus ETB - agus é mar aidhm acu cuidiú le mic léinn atá ag cónaí agus ag staidéar sa Réigiún Cathrach Thiar-Thuaidh maidir le rochtain ar bhreisoideachas agus ardoideachas”. 

“Tá na comhpháirtithe tionscadail geallta um thacú le gníomhaíocht a chuirfidh le pleanáil agus eagrú níos fearr ar chláir, tairiscintí difriúla a cheadú, tionchar níos mó as comhoibriú agus comhsheirbhísí a fhorbairt, díriú níos cinnte ar bhealaí um dhul chun cinn ag mic léinn agus cur chuige comhordaithe maidir le fiontar agus páirtithe leasmhara ar leibhéal an réigiúin”. 

Dúirt an tUas Hannigan go bhfuil deiseanna móra um fhorbairt ins na blianta atá romhainn, in ainneoin tionchair na Breatimeachta ar chúrsaí oideachais sa réigiún: “Tá deiseanna spreagúla um chomhoibriú san oideachas tríúleibhéal i Réigiún Cathrach an Iar-Thuaiscirt amach anseo. Tá tionscadail suntasacha ag teacht chun cinn i nDoire agus sa tSrath Bán, gealltanais ó Rialtas na hÉireann maidir le tacú breise um chomhoibriú ardoideachais agus taighde trasteorann leis an gComhaontú New Decade New Approach, forbairt ar Champas Mhig Aoidh Ollscoil Uladh maraon le Scoil Leighis atá le hoscailt i mí Lúnasa 2021, agus forbairt dar luach €20 milliún ag LYIT”.

"Chomh maith leis sin, tacaíonn an comhaontú le gluaiseacht trasteorann mac léinn a áisiú, leanúint le comhoibriú a théann chun tairbhe na n-institiúidí agus na mac léinn, agus comhoibriú trasteorann maidir le teagasc agus foghlaim a áisiú”. 

“I bPlean Straitéiseach LYIT 2019-2023 dearbhaítear go bhfuil an Institiúid ag lorg comhpháirtithe a chuireann luach linn, a leathnaíonn an réimse againn nó a thapaíonn gníomhaíochtaí tá ar bun againn cheana. Baineann tábhacht straitéiseach leis an mBraisle Trasteorann maidir le LYIT agus tá ról lárnach aige maidir le stádas Ollscoile Teicneolaíochta a bhaint amach i gcomhar le IT Sligeach agus GMIT.  Tuigeann ár gcomhpháirtithe sa Bhraisle Trasteorann na dúshláin a éiríonn on Bhreatimeacht; tugann an Braisle seo deiseanna um chomhordú níos fearr maidir le freagairt ar na dúshláin seo san earnáil breisoideachais agus ardoideachais i réigiún trasteorann an Iar-Thuaiscirt”. 

“Tá ailíniú suntasach leanúnach ar bun san tionscadal seo ó síníodh an Meamram Tuisceana i mí Feabhra 2018; ní raibh greim iomlán ar impleachtaí na Breatimeachta an tráth úd agus ní raibh institiúidí Chomhaontú Aoine an Chéasta – an Fheidhmíocht, an Tionól agus an Chomhairle Aireachta Thuaidh-Theas – ag oibriú mar a bhí beartaithe. Is maith é freisin an tAonad um Oileán Comhroinnte a sheol An Taoiseach le déanaí maidir le dul chun cinn ag saothar an Bhraisle Trasteorann". 

“Tá aird náisiúnta agus idirnáisiúnta araon ar thionchar na Breatimeachta amach anseo ar an réigiún trasteorann Thiar-Thuaidh, an réigiún trasteorann is mó atá nasctha ar an oileán seo, agus cuireann sé seo le tábhacht shaothair an Bhraisle Trasteorann um Breisoideachas agus Ardoideachas”.

“Is mian liom buíochas a ghabháil as an gcuireadh um chur i láthair ag an gcruinniú agus as an dtacú leanúnach ag Seanadóirí, Teachtaí Dála, Comhaltaí Tionóil agus Feisirí Parlaiminte don obair atá ar siúl ag an mBraisle,” a dúirt an tUas Hannigan. 
 
Cliceáil anseo chun Cruinniú 19/11/20 an Chomhchoiste um Fheidhmiú Chomhaontú Aoine an Chéasta a fheiceáil. 


An nuacht is déanaí

Imeachtaí