Ionad Taighde nua do Mhic Léinn le hoscailt ag LYIT

Ionad Taighde nua do Mhic Léinn le hoscailt ag LYIT

News, Student News, Staff News / Déardaoin 29 Deireadh Fómhair 2020

Áthas ar LYIT a fhógairt go bhfuil ionad taighde nua do mhic léinn le hoscailt – Ionad Taighde William C Campbell

Tá áthas ar LYIT a fhógairt go bhfuil ionad taighde nua do mhic léinn críochnaithe ar champas Leitir Ceanainn.   

Ba í Mary Daly, Bainisteoir Eastát LYIT, agus a foireann a chríochnaigh le déanaí ionad taighde nua do mhic léinn ag CoLab (gorlann LYIT).  Thosaigh an tionscadal dar luach €660,000 i mí na Samhna 2019 agus críochnaíodh é i mí Mhárta 2020.  Dá thoradh seo tá láthair inrochtana ardchaighdeáin 340m2, le spás le haghaidh 60 mac léinn taighde ar dhá urlár.  Tá 60 taisceadán aonair, both príobháideach agus dhá sheomra cruinnithe le haghaidh ochtair le háiseanna físchomhdhála.  Ba é Terence Ponsonby an conraitheoir. 

Tá Uachtarán LYIT, Paul Hannigan, an-áthasach faoi na háiseanna nua.  Dúirt sé: “Tosaíocht lárnach straitéiseach againn is ea an taighde, atá ag teacht le Plean Straitéiseach LYIT, an Straitéis Taighde, an gníomhú againn le tionscal idir réigiúnach agus náisiúnta, agus an dul chun cinn againn um stádas Ollscoile Teicneolaíochta i dteannta le GMIT agus IT Sligeach”.
 
"Fáiltíonn LYIT ach go háirithe roimh bhunú in 2018 Chiste Taighde HE/FET ag an Roinn Oideachais agus Scileanna. Áisíonn an maoiniú bliantúil seo, bunaithe ar fheidhmíocht, cur chuige straitéiseach maidir le hinfheistíocht ag institiúidí sa réimse taighde agus nuálaíochta”. 
 
Imeasc an dul chun cinn ag LYIT a thacaigh an maoiniú seo, tá Oifig Taighde, leis an Dr Pádraig Gallagher mar Cheann Taighde agus Nuálaíochta, agus an Dr Tara Doherty mar Oifigeach um Thacú Taighde.  Le trí bliana anuas, tá a dhá oiread mac léinn taighde ag LYIT i mbun céimeanna Máistir agus PhD. 

Is as Ráth Mealtain don Ollamh William C Campbell a bhuaigh Duais Nobel um Leigheas in 2015; cheadaigh sé a ainm a lua leis an ionad nua taighde do mhic léinn ag LYIT, ar a ngairmfear Ionad Taighde William C Campbell. 

Tá LYIT ag súil le fáilte a chur roimh Simon Harris TD, Aire um Breisoideachas & Ardoideachas, Taighde, Nuálaíocht agus Eolaíocht, chun an t-ionad a oscailt.  

LYIT, GMIT agus IT Sligeach – ag obair le chéile um Ollscoil Teicneolaíochta in Iarthar agus Iar-Thuaisceart Éireann.


An nuacht is déanaí

Imeachtaí