Cionroinnt €5.7m do Chomhaontas Chonnacht-Uladh (LYIT, GMIT agus IT Sligeach) faoi Mhaoiniú Trasfhoirmithe le haghaidh Ollscoileanna Teicneolaíochta

Cionroinnt €5.7m do Chomhaontas Chonnacht-Uladh (LYIT, GMIT agus IT Sligeach) faoi Mhaoiniú Trasfhoirmithe le haghaidh Ollscoileanna Teicneolaíochta

News, Student News, Staff News / Dé hAoine 9 Deireadh Fómhair 2020

Fáilte croíúil ó Uachtaráin CCU

Cuireann Uachtaráin institiúidí CCU - Paul Hannigan (LYIT), Dr Orla Flynn (GMIT), agus Dr Brendan McCormack (IT Sligeach) – fáilte croíúil roimh mhaoiniú €5.7m faoi Chiste Trasfhoirmithe Ollscoile Teicneolaíochta UAO (TUTF) agus CCU ag obair chun OT a chruthú in Iarthar agus Iar-Thuaisceart Éireann. 

Is cuid é seo de phacáiste €34.33m a d’fhógair an tAire um Breisoideachas & Ardoideachas, Taighde, Nuálaíocht agus Eolaíocht, Simon Harris TD, mar chuidiú leis na hInstitiúidí Ardoideachais um stádas Ollscoile Teicneolaíochta a bhaint amach. 

Dúirt an tAire Harris: “Is gealltanas lárnach sa Chlár Rialtais é Ollscoileanna Teicneolaíochta a chruthú; cuirfidh sé sin le tosaíochtaí náisiúnta maidir le rochtain ar ardoideachas agus ar theagasc agus foghlaim bunaithe ar thaighde, chomh maith le tacú le fiontar agus forbairt réigiúnach”. 

“Mar gheall ar infheistíocht Rialtais €34.33m i mbliana agus €90m le linn saolré an Chiste, bunófar Ollscoileanna Teicneolaíochta ar fud na réigiún uile, um chuspóirí straitéiseacha náisiúnta a sholáthar de réir tuarascála TURN. Rachaidh an infheistíocht seo chun tairbhe na réigiún, na bpobal agus na tíre ar bhonn idirnáisiúnta”. 

Dúirt Paul Hannigan, Uachtarán LYIT: “Tá áthas orainn an tacú seo a fháil; tá sé riachtanach um ullmhú aighneachta againn agus cuirimid fáilte roimh an treisiú seo ón UAO agus ón rialtas”. 

Dúirt an Dr Orla Flynn, Uachtarán GMIT: “Tá comhpháirtithe CCU ag obair go dian le chéile chun iarratas um stádas Ollscoile Teicneolaíochta a ullmhú agus neartóidh an maoiniú seo an dul chun cinn. Táimid dírithe ar an dúshlán freastal ar riachtanais oideachais an réigiúin agus gníomhú le páirtithe leasmhara, inmheánach agus seachtrach araon, mar chuid den phróiseas seo.” 

Ghabh an Dr Brendan McCormack buíochas leis an Aire Harris, an UAO agus an Roinn as a dtacú leanúnach: "Is vóta muiníne san CCU é an maoiniú seo, agus sinn ag leanúint orainn um Ollscoil Teicneolaíochta a chruthú le haghaidh an iarthair agus an iar-thuaiscirt. Leis an maoiniú seo is cinnte go dtiocfaidh an fhís seo i gcrích in 2021".

“Is teist an maoiniú breise seo chun tacú le hOllscoil Teicneolaíochta a fhorbairt san Iarthar/Iar-Thuaisceart ar thionchar ó OT ar an réigiún agus ar an gcomhoibriú idir na hinstitiúidí chun an ollscoil a chur i gcrích”, a dúirt an Dr Seán Duffy, Ceann Feidhme Tionscadail, CCU. 

Beidh an OT nua le haghaidh an Iarthair agus an Iar-Thuaiscirt ar cheann de na hollscoileanna ilchampais is mó ar an oileán. Tabharfaidh sé le chéile mic léinn, fiontar agus pobail ar fud réigiúin ar leith ar imeall na hEorpa ina bhfuil pobal tuaithe scaipthe den chuid is mó. 

Leathnófar deiseanna foghlama agus rochtain ar ardoideachas trí chláir réamhchéime go leibhéal dochtúra a thairiscint, chun réimse iomlán timpeallachtaí foghlama a sholáthar, ar champas, ar líne agus cianda (soláthar measctha san áireamh le linn Covid-19) chomh maith le rochtain ar theicneolaíochtaí atá ag teacht chun cinn. 

Leanfaidh an OT nua le comhpháirtíochtaí comhoibrithe le hinstitiúidí breisoideachais agus ardoideachais agus le heagraíochtaí ins na hearnála poiblí agus príobháideacha ar fud an réigiúin, chomh maith le teagasc bunaithe ar thaighde a sholáthar do gach foghlaimeoir. 

Mar OT ar scála, cáilíocht agus tionchar, beidh deiseanna iontacha fostaíochta ag céimithe ón OT nua in Éirinn agus thar lear. 

Um breis eolais ar CCU féach www.cualliance.ie


An nuacht is déanaí

Imeachtaí