Is é LYIT ceann amháin de dhá cheann déag d'iarratasóirí a fuair maoiniú do thionscadal mara

Is é LYIT ceann amháin de dhá cheann déag d'iarratasóirí a fuair maoiniú do thionscadal mara

News, Staff News / Dé hAoine 6 Nollaig 2019

Fógraíonn na hAirí Humphreys agus McHugh maoiniú rialtais €4.6m tríd an Chiste Cnuasaithe Teicneolaíochta Réigiúin

Inniu (6/12/19), roimh chruinniú speisialta Rialtais um phostanna i mBaile Átha Troim, Co. Na Mí, d’fhógair an tAire Gnó, Fiontair & Nuálaíochta, Heather Humphreys TD, agus an tAire Oideachais & Scileanna, Joe McHugh TD, torthaí an Chiste Cnuasaithe Teicneolaíochta Réigiúin, an chéad chiste iomaíoch bhliantúil dá leithéid. 

Tugann an ciste €4.6 milliún bealach um ghníomhú idir an earnáil fiontair agus na hinstitiúidí acadúla réigiúin – na hInstitiúidí Teicneolaíochta (IT) agus Ollscoileanna Teicneolaíochta (OT) - Institutes of Technology (IoT) and Technological Universities (TU) – chun táirgiúlacht agus iomaíochas a ghríosadh ar fud na réigiún.  

Tá an ciste ailínithe leis an gcreat Future Jobs Ireland agus leis na Pleananna Réigiúin Fiontair le tógáil ar nearta gnó réigiúin agus tacú le gnóthais easpórtála a leathnú. 

Roghnaíodh 12 iarratasóir trí dhianphróiseas luachála a bhí bunaithe ar chritéir, ar a raibh suntas tionscadail um nuálaíocht. 

Trí chnuasú féadfaidh IT agus OT comhnascadh a dhéanamh le mionghnóthais agus le corparáidí ilnáisiúnta ar bhealach straitéiseach maidir le réimsí comhspéise, chomh maith le leathnú ar a réimsí oideachais agus taighde ina gceantair féin. Tá ról tábhachtach ag IT agus ag OT um chuidiú le comhlachtaí freagairt ar na dúshláin atá rompu maidir le scileanna agus a gcumas um leathnú ins na margaí idirnáisiúnta.

Tacóidh agus spreagfaidh na tionscadail cnuasú in iliomad réimsí – Déantús Troscáin, Mara, Sláinte Nasctha, Tionscal 4.0, Tógáil, Ard-dhéantús, Cibearshlándáil, Innealtóireacht, Bitheacnamaíocht, Teicneolaíocht Leighis agus Teicneolaíocht Talamhaíochta. 

Imeasc na n-iarratasóirí a bhfuil maoiniú faighte acu faoin chiste iomaíoch tá: 

  • Institiúid Teicneolaíochta Leitir Ceanainn
  • Institiúid Teicneolaíochta Dhún Dealgan
  • Institiúid Teicneolaíochta, Sligeach
  • Institiúid Teicneolaíochta, Trá Lí.

Dúirt an tAire Humphreys: “Is tosaíocht lárnach ag an Rialtas comhoibriú idir lucht ceannais tionscail agus Institiúidí Ardoideachais a neartú, um a chinntiú go mbeidh forbairt chothrom réigiúin againn.”  

“Tá an maoiniú ag teacht go mór le príomhaidhmeanna Future Jobs Ireland, a mbeidh cnuasú mar théama lárnach ann in 2020. Cuimsíonn sé tionscadail a ghlacann le nuálaíocht agus athrú teicneolaíochta, a fheabhsaíonn táirgiúlacht mionghnóthais, a chuidíonn leis an mbonn scileanna againn a thógáil agus a chuidíonn leis an aistriú chuig eacnamaíocht ísealcharbónach. Cinntíonn an maoiniú nuálaíoch seo go gcoinneoimid iomaíochas um fhás agus bláthú in eacnamaíocht domhanda atá ag athrú go tapa.” 

Dúirt an tAire McHugh: “Tá an-fhonn orm tuilleadh roghanna réigiúin a fheiceáil le haghaidh lucht fágála scoile. Tá líon mór daoine ins na gnóthais againne atá cumasach, eolasach agus oilte agus tá fonn orthu an chéad ghlún eile a thabhairt ar aghaidh. Tá maoiniú na gcnuas seo riachtanach chun na comhpháirtíochtaí a dhaingniú agus deiseanna a chruthú do mhic léinn bealach gairme a phleanáil agus do ghnóthais fiontraíocha leathnú.”     

Dúirt Jerry Moloney, Stiúrthóir Réigiúin, Fiontraíocht Éireann, a riarann an Ciste thar ceann na Roinne: “Nuair a fhoilsigh Fiontraíocht Éireann an straitéis Powering the Regions i mbliana, chuireamar an-bhéim ar thionscadail chomhoibritheacha ardchaighdeáin a tharraingt, agus an cumas acu cnuasaigh ráthúla a chruthú.” 

“Is próiseas iomaíoch é seo, agus tháinig mórán tograí spéisiúla tionscadail ó na hInstitiúidí Teicneolaíochta agus Ollscoileanna Teicneolaíochta ar fud na tíre.  Tá na Foirne Freagartha Réigiúin againn sásta go rachaidh na tionscadail a fógraíodh inniu ar aghaidh chun nuálaíocht ins na réigiúin a spreagadh agus cur le cumas gnóthas áitiúil a gcuid gnó a leathnú ins na margaí domhanda agus cnuasaigh a chruthú ins na hearnála lárnacha seo.” 


An nuacht is déanaí

Imeachtaí