LYIT páirteach i scéim um dheontais chaipitil dar luach €10m

LYIT páirteach i scéim um dheontais chaipitil dar luach €10m

News, Staff News / Dé Máirt 10 Nollaig 2019

Fógraíonn na hAirí McHugh agus Mitchell O’Connor scéim um dheontais chaipitil dar luach €10m le haghaidh institiúidí teicneolaíochta agus Ollscoil Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath

Inniu (10/12/19) d’fhógair an tAire Oideachais agus Scileanna, Joe McHugh TD, agus an tAire Stáit um Ardoideachas, Mary Mitchell O’Connor TD, maoiniú €10 milliún de dheontais chaipitil le haghaidh institiúidí teicneolaíochta agus Ollscoil Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath.

Tá an infheistíocht seo á déanamh faoi Project Ireland 2040 don bhliain acadúil reatha; caithfear an t-airgead ar mhionoibreacha agus feabhsuithe riachtanacha bonneagair. 

Leithdháiltear an ciste €10m ar bhonn líon na mac léinn. 

Gheobhaidh LYIT €590,000, i gcomparáid le breis agus €2 mhilliún ag OT Bhaile Átha Cliath, áit a bhfuil a naoi n-oiread mac léinn. 

Dúirt an tAire McHugh: “Is infheistíocht tosaíochta í seo ag an Rialtas faoi Project Ireland 2040. Cuidíonn sé leis na hinstitiúidí mionoibreacha feabhsaithe ar champas a dhéanamh agus trealamh níos fearr a cheannach.”

“Cuireann sé freisin leis an mórfheistíocht ar shaoráidí ardoideachais; tá €2.2 billiún le caitheamh ar fud na hearnála sa thréimhse 2018-27 ar fhoirgnimh nua, agus ar shaotharlanna agus áiteanna foghlama nua. Féadfaidh na hinstitiúidí teicneolaíochta feidhm a bhaint as an maoiniú seo um oibreacha athchóirithe, uasghrádú TF, feabhsuithe sláinte agus sábháilteachta a dhéanamh agus éifeachtaí fuinnimh a fheabhsú.”

Dúirt an tAire Mitchell O’Connor: “Tá an Rialtas geallta um thacú le cáilíocht agus feabhas san earnáil oideachais teicneolaíochta. Cuireann an deontas caipitil a fhógraítear inniu leis an gCiste Trasfhoirmithe Ollscoile Teicneolaíochta dar luach €90 milliún a fógraíodh i mBuiséad 2020. Tugann sé deis do na hinstitiúidí aghaidh a thabhairt ar thosaíochtaí práinneacha caipitil atá acu.”  

“Bhí tionchar suntasach ar fhorbairt champais ag babhtaí eile na scéime seo cheana féin. Mar shampla, uasghrádú ar shaotharlanna, trealamh nua TFC, soilsiú fuinneamhéifeachtach agus athchóiriú de réir riachtanas na mac léinn agus na mball foirne.”  

Cuirfear an maoiniú €10 milliún ar fáil chuig na hinstitiúidí tríd an Udarás um Ardoideachas (HEA). 

Tá athbhreithniú ar an scéim dhéabhlóidithe deontais, atá ag feidhmiú ar an leibhéal reatha le sé bliain anuas, ar bun ag an HEA i gcomhairle leis an earnáil. Beidh sé seo mar bhonn eolais leis an gcur chuige um dheontais caipitil le haghaidh mionoibreacha agus trealaimh amach anseo, agus infheistíocht Rialtas san earnáil dá leanúint faoi Project Ireland 2040.


An nuacht is déanaí

Imeachtaí