Maoiniú spóirt €98,000 le haghaidh LYIT

Maoiniú spóirt €98,000 le haghaidh LYIT

News, Student News, Staff News / Déardaoin 21 Samhain 2019

D’fhógair an tAire maoiniú um threalamh nua spóirt le haghaidh LYIT

D’fhógair an tAire Oideachais agus Scileanna, Joe McHugh TD, maoiniú €98,000 um threalamh nua traenála le haghaidh LYIT.

Dúirt an tAire: “Is spreagadh mór é seo le haghaidh LYIT, chun trealamh nua traenála a sholáthar do na foirne, clubanna, cumainn agus mic léinn a úsáideann na háiseanna seo. Cuideoidh sé leo siúd atá páirteach i gcúrsaí spóirt agus spreagfaidh sé breis daoine traenáil a dhéanamh.” 

D’fháiltigh Paul Hannigan, Uachtarán LYIT, roimhe seo: “Spreagadh mór don cheantar é seo; tá an halla traenála ar fáil do mhic léinn, do bhaill foirne agus don phobal níos leithne. Is tráthúil a tharla sé, óir seolfar an feachtas tacaíochta  20x20 againn Dé Luain seo chugainn. Tionscnamh náisiúnta é seo chun páirtíocht ban a mhéadú faoi 20% in 2020. Tá clár leathan spóirt ag LYIT a ritheann ar feadh na bliana ar fad, ina bhfuil CLG, Iomáint, Sacar, Badmantan agus Cispheil.” 

Bronnadh maoiniú freisin ar Scoil Royal & Prior agus ar Chlub Hacaí Ráth Bhoth. Creideann an tAire McHugh “go bhfuil hacaí i mbarr réime faoi láthair; tá foireann na mban ag dul ó neart go neart, agus imreoirí ar fud na tíre ag teacht le chéile chun an léine glas a chaitheamh agus aghaidh acu ar Oilimpeacha Tokyo 2020”.


An nuacht is déanaí

Imeachtaí