An Dr Lynn Ramsey mar Chathaoirleach ar an bhFóram Náisiúnta

An Dr Lynn Ramsey mar Chathaoirleach ar an bhFóram Náisiúnta

News, Student News, Staff News / Dé Céadaoin 3 Aibreán 2019

Fógraíonn an HEA cathaoirleach nua ar an bhfóram náisiúnta

De thoradh ar phróiseas iomaíoch, d’fhógair an tÚdarás um Ard-Oideachas go bhfuil an Dr Lynn Ramsey ceaptha mar Chathaoirleach nua ar an bhFóram Náisiúnta um Neartú Teagaisc & Foghlama san Ard-Oideachas (an Fóram Náisiúnta). 

Is í an Dr Ramsey an Comhordaitheoir Teagaisc & Foghlama ag LYIT, an Bainisteoir Cláir do Chnuasach Ard-Oideachais an Iarthair & Iar-Thuaiscirt, agus comhalta Boird den Údarás um Ard-Oideachas. Mar Chathaoirleach, beidh sí freagrach as Bord an Fhóraim Náisiúnta a threorú agus éifeacht i ngach gné dá ról a chinntiú ag tabhairt aghaidh ar a chéim nua straitéiseach 2019-21. 

Tugann an Dr Ramsey sáreolas ar pholasaí náisiúnta agus idirnáisiúnta chuig a ról nua. Tá Máistreacht san Oideachas (Bainistíocht agus Cinnireacht) aici ó Choláiste na Tríonóide Baile Átha Cliath, agus PhD aici ó Ollscoil Ghlaschú. Díríonn a cuid saothair ar fhorbairt straitéiseach teagaisc agus foghlama agus comhordú pholasaí náisiúnta ins na hinstitiúidí ardoideachais; imeasc a réimsí taighde tá polasaí ardoideachais, gníomhú le mic léinn, cinnireacht agus comhionannas. 

Dúirt Cathaoirleach an HEA, Michael Horgan: “Ar son comhaltaí uile Bhoird an HEA, is áthas liom fáiltiú roimh an Dr Ramsey chuig an ról seo. Beidh tacaíocht iomlán aici ó Bhord agus ó Fheidhmeannacht an HEA agus í ag treorú an Fhóraim Náisiúnta sa dara chéim forbartha, leis an taithí leathan atá aici maidir le bainistíocht, teagasc agus taighde in institiúidí ardoideachais in Éirinn, in Albain agus i dTuaisceart Éireann. “ 

Thréaslaigh an tAire um Ard-Oideachas Mary Mitchell O’Connor leis an Dr Ramsey, ag rá: “Is leibhéal barrfeabhais é an Fóram Náisiúnta, ar bhonn náisiúnta, chun tacú leis na moltaí ón Straitéis Náisiúnta um Ard-Oideachas go 2030 a chur i bhfeidhm maidir le ról teagaisc na n-institiúidí ardoideachais.  Is rogha den scoth í an Dr Ramsey mar Chathaoirleach ar an bhFóram Náisiúnta, a bhainfidh tairbhe as an saineolas speisialta atá aici ar pholasaí um ardoideachas, idir náisiúnta agus idirnáisiúnta.” 

Thréaslaigh Uachtarán LYIT, Paul Hannigan, leis an Dr Ramsey ar son gach duine ag LYIT agus ghuí sé gach rath uirthi sa ról nua aici. 

Dúirt an Dr Ramsey: “Tá áthas orm an deis seo a fháil mar Chathaoirleach ar an bhFóram Náisiúnta. Go luath seolfar plean straitéiseach uaillmhianach atá bunaithe ar phróiseas leathan comhairliúcháin, inar ghníomhaigh an Fóram le mic léinn, múinteoirí, taighdeoirí agus treoraithe ar fud na hearnála ardoideachais in Éirinn. Treoraíonn an Fóram Náisiúnta neartú teagaisc agus foghlama don earnáil ar fad. Táim ag tnúth go mór le bheith ag obair leis an mBord chun leanúint le forbairt chuimsitheach faisnéise a chumasaíonn ráthú na mac léinn.” 

Is é an Fóram Náisiúnta an dream náisiúnta atá freagrach as treorú agus comhairliú maidir le neartú teagaisc agus foghlama ardoideachais in Éirinn. I gcomhpháirtíocht le mic léinn, baill foirne agus treoraithe ardoideachais in Éirinn, oibríonn an Fóram Náisiúnta chun cultúr a fhorbairt atá cuimsitheach, comhoibritheach agus nuálaíoch agus a bhaineann an chuid is fearr as tionchar foghlama do na mic léinn uile.  Tá an Fóram Náisiúnta molta ag Grúpa Ardleibhéal Choimisiúin na hEorpa ar Nua-aoisiú an Ard-Oideachais; luaitear an Fóram Náisiúnta mar shampla den ‘chleachtas is fearr’ maidir le tacú rialtais a sholáthar um neartú teagaisc agus foghlama san ardoideachas, agus moltar go gcuirfear an múnla seo i bhfeidhm ar an leibhéal Eorpach. 


An nuacht is déanaí

Imeachtaí