An Scoil Innealtóireachta mar láthair do Chruinniú Pháirtnéirí Erasmus

An Scoil Innealtóireachta mar láthair do Chruinniú Pháirtnéirí Erasmus

News, Student News, Staff News / Dé Máirt 5 Márta 2019

Ar an Déardaoin 28 Feabhra bhí Scoil Innealtóireachta LYIT mar láthair cruinnithe ag an Tionscadal um Innealtóireacht Matamaitice Ar Líne (EngiMath), a mhaoiníonn Erasmus KA2. Tháinig ionadaithe ó Ollscoileanna agus ó Choláistí Polaiteicnice – an Phortaingéil, an Spáinn, an Eastóin, an Rómáin agus an Pholainn – chuig LYIT chun breathnú ar cheisteanna maidir le múineadh matamaitice, teagasc comhroinnte agus modhanna measúnaithe do mhic léinn innealtóireachta.

Le linn an chruinnithe bhí dianphlé ar sholáthar na matamaitice in Ollscoileanna ar fud na hEorpa, agus ar na héagsúlachtaí cultúrtha agus náisiúnta sa chlár matamaitice innealtóireachta. Dúirt Ken Brown, Léachtóir Innealtóireachta ag LYIT, go bhfeidhmeoidh an chomhpháirtíocht seo na ceachtanna ó anailís riachtanais chomhpháirtíochta maidir le cúrsa ar líne a fhorbairt bunaithe ar théamaí lárnacha matamaitice a roghnaíodh. “Tabharfar cuireadh do mhic léinn páirt a ghlacadh i gclár idirghníomhach matamaitice, trí mheán teicneolaíochta, mar chuid de chomórtas a chríochnóidh sa Phortaingéil. Is aidhm don chomórtas matamaitice deis a thabhairt do mhic léinn innealtóireachta obair i dteannta le mic léinn eile AE ar bhealach bríoch. Tá taighde ar bun freisin ag an gcomhpháirtíocht maidir le samhaltú matamaitice innealtóireachta san aois digiteach chun plé mac léinn a bhreisiú”.

Tugann an tionscadal seo léiriú nua ar na spásanna foghlama san innealtóireacht chun an taithí oideachais a shaibhriú. Táimid ag súil go mór le torthaí an chomórtais.  

Teideal

Ó chlé:  Joanna Cymerman, Vlad Bocanet, Anna Cellmer, Filomena Soares, Eugenio Bravo, Cristina Feniser, Ana Paula Lopes, Gerry Kelly, Anne Uukkivi, Oksana Labanova, Marina Latonina, Javier Bilbao, Ken Brown.


An nuacht is déanaí

Imeachtaí