Cúrsaí Gaeilge san LYIT

Cúrsaí Lánaimseartha

Níl aon chúrsaí Gaeilge lánaimseartha ar fáil faoi láthair in LYIT.

Gaeilge mar mhodúl roghnach i gcláir lánaimseartha

Ofráiltear Gaeilge mar mhodúl roghnach/miondámhachtain do mhic léinn ar chúrsaí sonracha sa Scoil Ghnó.

Is féidir le mic léinn lánaimseartha Gaeilge a ghlacadh mar mhodúl ann féin ar chláir áirithe san Institiúid.  Cuireann na modúil seo deis ar fáil do mhic léinn lánaimseartha a gcumas sa Ghaeilge a fheabhsú faoi chreat modúlúcháin/seimeastraithe.

Gaeilge sa Chlár d’Oideachas Leantach

Faoi láthair, tá an Institiúid ag comhoibriú le NUIG (Ollscoil na Gaillimhe) chun cúrsa dar teideal Dioplóma sa Ghaeilge a sholáthar ar champas Leitir Ceanainn.  Féach www.acadamh.ie le haghaidh tuilleadh eolais.

Mar chuid dár gClár d’Oideachas Leantach, déantar cúrsaí oíche i gComhrá Gaeilge a thairiscint i mí Mheán Fómhair gach bliain. Tá reáchtáil na gcúrsaí seo ag brath ar líon dóthanach daoine iarratas a dhéanamh orthu.

Labhraímis Gaeilge

Úsáideann an cúrsa seo modhanna cumarsáide (gan gramadach fhoirmeálta ar bith) chun ábaltacht bhunúsach a thabhairt d’fhoglaimeoirí i léamh, scríobh, éisteacht agus labhairt na Gaeilge fá ghnáth-imeachtaí laethúla. Níl réamheolas ar bith ag teastáil.

Labhraímis Tuilleadh Gaeilge

Tá an cúrsa seo fóirsteanach d’fhoghlaimeoirí a d’fhreastail ar leibhéal 1 agus atá i bhfách lena gcuid scileanna labhartha agus éisteachta a fhorbairt ar mhaithe le líofacht agus muinín a fheabhsú.

Faoi choinne tuilleadh eolais, gabh i dteagmháil le Peter Dobson ag an uimhir +353 (0)74 918 6063 nó le ríomhphost chuig peter.dobson@lyit.ie. 

Cúrsaí In-tí do Bhaill Foirne an LYIT

San am i láthair, tá an Teastas Eorpach na Gaeilge á thairiscint ag cúig leibhéal do bhaill foirne na hInstitiúide. Is córas scrúdaithe d’fhoghlaimeoirí fásta na Gaeilge é TEG, atá nasctha leis an Comhchreat Tagartha na hEorpa um Theangacha (Comhairle na hEorpa, 2001). Déanann na scrúduithe teisteáil ar na ceithre scileanna seo a leanas: Labhairt, Tuiscint Éisteachta, Tuiscint Léitheoireachta agus Scríobh.

I láthair na huaire, tá na Leibhéil seo a leanas á dtairiscint do bhaill foirne an LYIT:

A1 - Bonnleibhéal Íochtarach (Dearbh-fhoghlaimeoirí)
A2 - Bonnleibhéal Uachtarach
B1 - Meánleibhéal Íochtarach
B2 - Meánleibhéal Uachtarach
C1 - Ardleibhéal.

Má tá tuilleadh eolais de dhíth ort, gabh i dteagmháil le Rachel Akkoç ag an uimhir (0)74 918 6803 nó gabh go dtí  www.teg.ie.