Acht na dTeangacha Oifigiúla

Síníodh Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 ina dhlí ar 14 Iúil 2003.  Is é an tAcht seo an chéad phíosa reachtaíochta ina leagtar síos próiseas pleanála reachtúil chun a chinntiú go gcuirfear seirbhísí ar fáil sa Ghaeilge.

Is é príomhchuspóir an Achta ná soláthar níos mó de sheirbhísí i nGaeilge a chur ar fáil ón seirbhís phoiblí ar chaighdeán níos airde.  Bainfear é seo amach go príomha trí dhualgas reachtúil a chur ar Ranna Stáit agus ar chomhlachtaí poiblí a leithéid de sheirbhísí a sholáthar ar bhealach comhtháite trí chreat pleanála reachtúil, ar a dtugtar "scéim" a bheidh le hathnuachan gach trí bliana le haontú an Aire agus ceann an chomhlachta phoiblí i gceist. Fanfaidh na scéimeanna i bhfeidhm ar feadh tréimhse trí bliana agus ina dhiaidh sin caithfear iad a athnuachan. Úsáidfear an próiseas seo chun feabhas suntasach chéimiúil a bhaint amach, thar tréimhse, ar leibhéal na seirbhísí trí Ghaeilge a chuirfear ar fáil.

D’fhoilsigh Institiúid Teicneolaíochta Leitir Ceanainn an doiciméad dá céad scéim faoin Acht sa bhliain 2007, a dara scéim sa bhliain 2012, a tríú scéim sa bhliain 2015, agus tá an ceathrú scéim faoin Acht daingnithe ag an Aire Stáit sa Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán anois. Beidh an scéim reatha i bhfeidhm ar feadh tréimhse trí bliana ón 21 Nollaig 2020, nó go mbeidh scéim nua daingnithe.

Le breathnú ar ár scéimeanna teanga, cliceáil ar:

Is féidir tuilleadh eolais i ndáil le hAcht na dTeangacha Oifigiúla a fháil ag www.coimisineir.ie.

Is é gaeilge@lyit.ie ár seoladh ríomhphoist i gcomhair fiosrúchán i nGaeilge.