about-top.jpg

Taighde & Nuáil

Taighde

Le cúig bliana anuas, tá leathnú tagtha ar fhoinsí maoiniúcháin taighde d’earnáil na nInstitiúidí Teicneolaíochta, rud a chiallaíonn go bhfuil deiseanna i bhfad níos fearr ar fáil don LYIT le dhul san iomaíocht agus maoiniúchán taighde a chinntiú agus a fháil.

Tá siad seo a leanas i measc na bhfoinsí ar éirigh leis an LYIT maoiniú a fháil uatha sna cúig bliana deireanacha:

  • An Earnáil um Thaighde Teicneolaiochta (Sraith 1, 2 agus 3)
  • Fiontar Éireann (Dearbháin Nuálaíochta, Comhpháirtíochtaí Nuálaíochta, An Clár um Fheabhsú Taighde Fheidhmigh)
  • Comhairle Taighde na hÉireann um Eolaíocht, Innealtóireacht agus Theicneolaíocht (IRCSET).

Díríonn cuid taighde an LYIT ar théamaí a bhfuil ábharthacht agus tionchar réigiúnach acu. Lena chois sin, tugann siad léargas ar láidreachtaí agus cruthúnas oibre na hInstitiúide go nuige seo agus, fosta, cuireann siad le taighde agus gníomhaíochtaí forbartha a bhfuil institiúidí tríú leibhéal eile ina mbun.

Faoi choinne tuilleadh eolais, déan teagmháil le:

Bernie Carlin
Oifig Forbraíochta
Institiúid Teicneolaíochta Leitir Ceanainn
Bóthar an Chalaidh
Leitir Ceanainn
Co Dhún na nGall
(t) +35374 9186065 
(e) berni.mcveigh@lyit.ie

 

Updated: Tue, 21 Sep 2010 11:09:41 BST

Cuardaigh

Cuardaigh eolairí foirne & nuacht