Scéalta Mac Léinn

  • » Ag Sábháil Beathaí – céim i ndiaidh céime

    Ag Sábháil Beathaí – céim i ndiaidh céime

    Student Story 1.jpg Ba dhócha gur rogha staidéir soiléir é, ach, mar ábhar iontais, níl mórán taighde déanta sa réimse ‘éigeandáil’ nó an bealach ina dtagann daoine le chéile ar chinn staighre i bhfoirgnimh le linn aslonnaithe i ndóiteán. Is é seo go díreach a bhfuil Marie Melly ag déanamh iniúchta air, go háirithe an chaoi inar féidir le cinn staighre, bealaí isteach chuig staighrí agus leagan amach staighrí cuidiú nó bac a chur agus aslonnú ar siúl i ndóiteán. Cuirtear fáilte roimh an staidéar seo, má chuirtear san áireamh go bhfaigheann thart ar 50 duine bás in Éirinn gach bliain de bharr dóiteán i bhfoirgnimh agus go bhfaightear bás ó ionanálú deataigh taobh istigh de chúpla nóiméad.

    Le tubaistí ar nós 9/11 tá aslonnú ó dhóiteáin ina ábhar le próifíl i bhfad níos airde. Deir Marie, “Tá taighde mór déanta ar dhearadh na staighrí agus na staighrí éalaithe ach tá níos lú déanta ar an iompar a thiteann amach nuair a thagann grúpaí le chéile ar chinn staighre agus ar staighre i gcúinse éigeandála. Tugaimid ‘iompar urraime’ air seo agus d’fhéadfadh tionchar dearfach nó diúltach a bheith aige ar an mbealach inar féidir le daoine aslonnú a dhéanamh go tapa agus go sábháilte ó fhoirgneamh.”

    Leanann sí ar aghaidh a rá, “Mar shampla, má tá doras suite ag breathnú díreach os comhair staighre, bheadh tionchar aige seo cé acu an ligeann daoine nó mura ligeann daoine do dhaoine atá ag teacht ina n-aghaidh dul ar aghaidh nó ‘plódú achrannach’ a chruthú. Ach dá mbeadh an doras suite ar thaobh an staighre tá seans ann go mbeadh sé seo ina chuidiú níos mó chun ligean dóibh dul ar aghaidh – ‘urraim’. Chomh maith leis sin d’fhéadfadh tionchar a bheith ag méid agus cruth an chinn staighre ar ghluaiseacht agus luas an aslonnaithe. Dar ndóigh, i ndóiteán, is é an ghluaiseacht an rud is tábhachtaí. Mar sin, tá ríthábhacht le rud ar bith atá in ann cur leis seo ar an staighre agus ceann staighre i bhfoirgneamh.”

    Beidh sraith tástálacha breathnóireachta ar bun ag Marie, an chéad cheann ar bun i Londain i bhfoirgneamh le 19 n-urlár áit nach mbeidh aon réamh-rabhadh tugtha do na háititheoirí. “Cuirfimid isteach ceamaraí chun breathnóireacht a dhéanamh ar an iompar agus monatóireacht a dhéanamh ar a dtarlaíonn. Is é seo an t-aon bhealach chun breathnú ar an gcaoi ina n-iompraíonn daoine iad féin agus ina n-aithnítear réimsí ar leith ina bhfuil fadhbanna nó a chabhraíonn leis an mbogadh agus leis an ngluaiseacht,” a deir Marie. “Leanfaimid ina dhiaidh sin le ceistiúchán agus anailís domhain, agus uaidh seo féadaimid moltaí a dhéanamh.”

    Ba mhac léinn lánfhásta in Institiúid Teicneolaíochta Leitir Ceanainn í Marie, áit a ndearna sí staidéar ar Staidéir Tógála agus ansin bhain sí céim onóracha amach i dTeicneolaíocht Sábháilteachta ó Dhóiteán. Tá sí mar léachtóir anois go páirtaimseartha in Institiúid Teicneolaíochta Leitir Ceanainn. Deir Marie, “Ba chónascadh nádúrtha é leis an dá chéim a bhain mé amach, an bealach ina bhfuil tionchar ag foirgneamh agus struchtúr ar an mbealach ina n-iompraíonn daoine iad féin le linn cúrsaí a d’fhéadfadh a bheith bagrach don bheatha. Leis na torthaí a aimsítear d’fhéadfaí go mbeadh foirgnimh níos sábháilte.”

    Cén fáth ar roghnaigh sí Tógáil agus Sábháilteacht ó Dhóiteán, mar sin? “Bhí spéis agam i gcónaí i ndearadh agus tógáil foirgneamh. D’imigh mé ar aghaidh ansin chun staidéar a dhéanamh ar Innealtóireacht Sábháilteachta ó Dhóiteán toisc gur disciplín dearaidh atá ag forbairt, le líon mór deiseanna fostaíochta ann. Chomh maith leis sin tá Institiúid Teicneolaíochta Leitir Ceanainn chun tosaigh sa réimse Innealtóireachta Sábháilteachta ó Dhóiteán ag an tríú leibhéal i bPoblacht na hÉireann agus is áisiúil an rud é go bhfuilim lonnaithe anseo.”

    Is iad na teagascóirí atá ag an Dr. Paddy Lennon agus Ruth Lennon, a ndeir sí fúthu gur thacaíocht mhór iad, “Coinníonn an bheirt díobh mé ag obair agus déanann siad deimhin de go dtógaim gach gné san áireamh. Tá sé ríthábhachtach i dtionscadal mar seo go gcuirtear gach mionsonra san áireamh. Fuair mé spreagadh mór uathu.” Tá súil ag Marie go mbeidh ionchur ag a cuid torthaí a thagann chun cinn sa dearadh a éascaíonn aslonnú i bhfoirgnimh fheidhmiúla. “Mar, má chabhraíonn sé seo le beathaí a shábháil, is fiú go mór é.”

    Agallamh curtha i mí na Feabhra 2009.

  • » Ag aimsiú leighis, cill i ndiaidh cille

    The devil is in the detail - finding a cure, cell by cell

    Student Story 2.jpgIs galar uath-imdhíonachta ainsealach é airtríteas réamatóideach ina bhféadfadh damáiste leanúnach ar na hailt a bheith i gceist; cuireann sé isteach ar 2% den daonra beagnach (mná go príomhúil) in Éirinn.

    Tá Gráinne Quinn agus Vicki Wallace, a bhain céimeanna Onóracha san Eolaíocht Bhith-anailíseach ó Institiúid Teicneolaíochta Leitir Ceanainn, ag déanamh staidéir ar na bealaí athlastacha a bhaineann le hairtríteas réamatóideach. Is iad seo na chéad staidéir den chineál seo in Institiúid Teicneolaíochta Leitir Ceanainn, ina bhfuil cealla daonna príomhúla ó othair le hairtríteas réamatóideach in úsáid.

    An ghné ar a bhfuil Gráinne ag díriú ná an mhíchothromaíocht idir bás na gceall agus fás iomarcach na gceall san airtríteas réamatóideach. “An sprioc atá ann ná chun iniúchadh a dhéanamh ar phríomhrialaitheoirí phróiseas an ghalair agus na straitéisí teiripeacha a d’fhéadfadh a bheith ann a aithint.”

    Chaith Gráinne tréimhse san Astráil mar theicneoir cógaisíochta agus chinn sí filleadh ar Bhealach Féich níos mó ná 6 bliana ó shin. “Bhí mé ag iarraidh leanúint ar aghaidh agus staidéar a dhéanamh i nDún na nGall agus thairg an coláiste bealach dom chun é seo a dhéanamh. A luaithe agus a bhí mo chéim onóracha bainte amach agam, ba dheis iontach é an tionscadal seo chun mo scileanna taighde a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt sa réimse seo. Is tionscadal an-spéisiúil é seo,” a deir sí. Tá bliain amháin taighde curtha i gcrích ag Gráinne agus críochnóidh sí a cuid staidéar i mbliana.

    Tá áiseanna den scoth ag an gcoláiste. Leanann sí léi a rá, “Bhogamar le déanaí chuig saotharlann nua-athchóirithe le seomra tiomnaithe do shaothráin cheall agus trealamh den scoth.”

    Tá Vicki ag breathnú ar fhine próitéiní a bhfuil baint aige le hairtríteas réamatóideach. “Tá próitéiní ann atá pró-athlastach sa ghlalar agus tá cinn eile atá frith-athlastach. Tá staidéar á dhéanamh agam ar idirghníomhú na bpróitéiní seo agus an tionchar a bhíonn acu ar fhorbairt an airtrítis réamatóidigh. Tá súil agam, sa chaoi seo, na meicníochtaí a bhaineann le forbairt an ghalair a aimsiú. Nílim ach díreach tosaithe, mar sin beidh mé ag leanúint ar aghaidh ar feadh 2 bhliana.”

    Is as Carnone, Ráth Bhoth, do Vicki agus bhí sé ag obair ar dtús ar feadh cúpla bliain i dtréidliacht agus le déanaí rinne sí taithí oibre i saotharlann den Roinn Talmhaíochta; leis seo bhí an eolaíochta mar an chéad rogha di.

    Tá sí an-díograiseach, “Is dúshlán é an staidéar seo ach tá sé an-taitneamhach. Is maith an rud é a bheith ar an eolas go bhféadfadh an taighde a úsáid chun cuidiú le leigheas a aimsiú do ghalar díblithe.

    Déanann an bheirt chéimithe tagairt don spreagadh agus cúnamh a fuair siad óna maoirseoirí, an Dr. Joanne Gallagher, Institiúid Teicneolaíochta Leitir Ceanainn, agus an Dr. Evelyn Murphy, An Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath. “Ba chabhair mhór iad, ní hamháin agus sinn á dtreorú, ach lena chinntiú go bhfuil fáil againn ar áiseanna saotharlainne den scoth..”

    Is mian le Vicki agus Grainne leanúint ar aghaidh agus dul chuig leibhéal PhD ina gcuid staidéar amach anseo.

    Agallamh curtha i mí na Feabhra 2009.

  • » Comhaontas Ostarach-Polannach ag Institiúid Teicneolaíochta Leitir Ceanainn

    Comhaontas Ostarach-Polannach ag Institiúid Teicneolaíochta Leitir Ceanainn

    Student Story 3.jpg Tá beirt chéimithe idirnáisiúnta ag Institiúid Teicneolaíochta Leitir Ceanainn, Markus Korbel agus Piotr Ksiazak, ag obair le chéile ar bhealaí chun monatóireacht a dhéanamh go cianda ar tháirgí luachmhara a stóráil ar nós fola, ar féidir a scriosadh go héasca trí na hathruithe a tharlaíonn sa teocht.

    Seans go bhfuil sé cosúil le rud éigin ó ‘Mission Impossible’, ach, tá an céimithe seo a fiosrú go saothrach faoin mbealach inar féidir líonraí braiteoirí gan sreang a úsáid chun breathnóireacht chianda a dhéanamh ar an teocht, agus a bheith mar “feighlithe cliste” d’earraí ardluacha stórála. Tá impleachtaí móra ann don tionscadal do na hearnálacha míochaine agus bia.

    Agus cur síos á dhéanamh ar an staidéar, deir Markus, a bhfuil dhá Mháistreacht aige, ceann amháin sa Teicneolaíocht agus Bainistíocht Idirlín agus ceann san Innealtóireacht Slándála ón Ollscoil FH-Joanneum, an Ostair, “Go bunúsach cuirtear monatóir isteach i reoiteoir nó i gcoimeádán a sheolann sonraí chuig an eagraíocht, déantar iad seo a phróiseáil agus breathnaítear orthu ar líne. Tá líon mór ospidéal ina bhfuil acmhainní ríthábhachtacha ar nós soláthar fola i reoiteoirí; is féidir leis an mbraiteoir athrú sa teocht a aimsiú má bhriseann an reoiteoir agus foláireamh láithreach a thabhairt go cianda don ospidéal. Táimid ag breathnú anois ar an bhfeidhmiúlacht a leathnú amach chuig gléas soghluaiste áit ar féidir an fhaisnéis a fháil san fhíor-am le hamharcíomhánna.”

    Tá iniúchadh á dhéanamh freisin ag na céimithe ar an gcéad ghlúin eile den bhogearra seo atá in ann tuilleadh mionsonraí a chur ar fáil, eg, tíopa fola agus an méid atá fágtha. De réir Piotr Ksiazak, céimí sa ríomhghnó ón Ollscoil Tráchtála agus Dlí, Vársá a bhain céim onóracha amach le déanaí sa Ríomhaireacht Fheidhmeach ó Insitiúid Teicneolaíochta Leitir Ceanainn, “Ní teicneolaíocht nua atá ann; tá sé thart le tamall. Go deimhin tá tú in ann é a fheiceáil i siopaí éadaí sna clibeanna atá ann chun cosc a chur ar an ngoid. Is é atá beartaithe againn ná chun é a thabhairt chuig an gcéad chéim eile chun na méideanna, cainníochtaí ar leith agus faisnéis ar na táirgí (ar nós an dáta éaga) a dhearbhú le go mbeidh sé níos inúsáidte d’eagraíochtaí.”

    Agus míniú breise á thabhairt, deir Markus, “Tá iniúchadh á dhéanamh againn ar theicneolaíochtaí aitheanta radaimhinicíochta, a úsáideann ardmhinicíochtaí nó ísealmhinicíochtaí chun sonraí a tharchur. Ach, tá mórcheisteanna leis an dá cheann; is féidir ardmhinicíocht a léamh ó fhad réasúnta agus is féidir le miotal agus leachtanna na léamha a chur as riocht. Tá ísealmhinicíocht in ann léamh a dhéanamh trí leachtanna go han-mhaith ach tá raon faid beag agus teoranta i gceist. Dá bhrí sin ba mhaith linn bealaí a aimsiú chun é seo a réiteach. Táimid ag breathnú ar “seilfeanna cliste” a bheadh in ann gníomhú mar bhraiteoirí agus a fheidhmeoidh go maith do leachtanna agus raonta beaga.”

    Cén fáth, mar sin, ar shocraigh Markus taighde a dhéanamh ag Institiúid Teicneolaíochta Leitir Ceanainn? “Ba bhreá liom i gcónaí staidéar a dhéanamh thar lear agus tá muinín agam i mo chuid Béarla, mar sin bhí Éire mar cheann amháin de na spriocthíortha a bhí roghnaithe agam. Bhí mé i dteagmháil go rialta maidir leis an gclár staidéir idirnáisiúnta Erasmus agus le Billy Farrelly in Institiúid Teicneolaíochta Leitir Ceanainn. Agus nuair a tháinig an deis taighde chun cinn shocraigh mé glacadh leis. Ba thaithí an-mhaith é agus an-dúshlánach. Chomh maith leis sin toisc go raibh staidéar déanta agam ar chúrsaí slándála bhí mé in ann mo chuid scileanna a chur i bhfeidhm leis an tionscadal seo.”

    Tá forbairt déanta ag Piotr cheana féin ar fheidhmchlár mapála soghluaiste leithleach d’Institiúid Teicneolaíochta Leitir Ceanainn do mhic léinn nua i mbliana mar sin ní haon rud nua é dó a bheith ag baint trial as teicneolaíocht shoghluaiste a chur in oiriúint chun críocha praiticiúla. Cén fáth ar roghnaigh sé an tionscadal seo? “Bhí an-spéis agam i líonraí agus ní raibh sé i gceist agam go dtabharfainn tacaíocht amháin dóibh. Bhí mé ag iarraidh a bheith rannpháirteach i gcomhtháthú na dteicneolaíochtaí líonraithe nua, gléasanna soghluaiste agus gan sreang san áireamh. Leis an tionscadal seo tá deis agam obair a dhéanamh i réimse atá úrnua; tá sé ag athrú an t-am ar fad go háirithe ó thaobh na slándála de. Taitníonn sé liom go bhfuil sé praiticiúil agus go réitítear fadhbanna. Tá sé dian ach is fiú go mór é.

    Deir an bheirt go bhfuil an tacaíocht ón teagascóir William Farrelly ar fheabhas agus gur campas maith é Institiúid Teicneolaíochta Leitir Ceanainn. Rinne Piotr cinneadh comhfhiosach chun fanacht i ndiaidh a chéim a bheith bainte amach aige. “Tá trealamh an-nua-aoiseach anseo agus úsáid gléasanna nua-aimseartha sa choláiste. Tá sé an éasca teacht ar na léachtóirí agus is difear mór é seo i gcomparáid le Vársá, áit a bhfuil sé i bhfad níos foirmiúla.”

    Tá Markus ag súil lena dtionscadal a fheiceáil curtha i ngníomh, “An rud arbh fhearr domsa ná na torthaí a fheiceáil agus na líonraí braiteoirí in úsáid i gcúinsí den fhíorshaol agus aiseolas a fháil.”

    Dúirt Piotr ag an deireadh, “Ba chóir go mbeadh torthaí againn taobh istigh de 6 mhí. Tá iniúchadh á dhéanamh againn cheana féin i samplaí de phacáistí forbartha teicneolaíochtaí aitheanta radaimhinicíochta. Amach anseo fásfaidh an tionscal seo go hollmhór.”

    Agallamh curtha i mí na Feabhra 2009.

  • » Ag dul ag iascaireacht chun deis nua a chruthú

    Ag dul ag iascaireacht chun deis nua a chruthú

    Student Story 4.jpg Thabharfaí maithiúnas duit mura mbeadh sceitimíní ort mar gheall ar fhotháirgí éisc, ach do Julia Wilson, is paisean laethúil é di. Tá Julia mar chuid den ghrúpa taighde CAMBio in Institiúid Teicneolaíochta Leitir Ceanainn agus tá taighde ar bun chun iniúchadh a dhéanamh an bhfuil comhábhair (coscairí ACE) i bhfotháirgí cuachma agus ronnaigh a d’fhéadfadh brú fola a ísliú agus (coscairí PEP) a d’fhéadfadh an dímheabhair a laghdú. Má aimsítear na comhábhair seo sna ronnaigh nó sna cuachmaí nó ina bhfotháirgí, an chéad chéim eile a d’fhéadfadh a bheith ann ná ‘bianna feidhmiúla’ a fhorbairt cosúil le deochanna le colaistéaról a ísliú, a d’fhéadfadh cuidiú le brú fola a laghdú nó an mheabhair a choimeád. “Tá sé an-chostasach fotháirgí éisc a dhiúscairt. Dá bhféadfaí iad a úsáid ar bhealach dearfach d’fhéadfaí tús a chur le tionscal iomlán nua,” a deir Julia. Tá an tionscadal turgamhach seo á dhéanamh le comhoibriú ó Chuideachta Dhún na nGall Earagail Éisc Teoranta agus i gcomhar le hIonad Taighde Bia na Cloiche Léithe de Theagasc, Corcaigh.

    Níl anseo ach ceann amháin de na staidéir taighde úrnua atá ar bun ag Institiúid Teicneolaíochta Leitir Ceanainn agus tá sé mar chuid den straitéis iomlán chun tabhairt faoi na fíordhúshláin tionscail atá ann trí thaighde a dhéanamh. Creideann John Andy Bonar, Ceannasaí ar an bhForbairt, nach mór go mbeadh an nuálaíocht bainteach le cuideachtaí chun deiseanna amach anseo a dhaingniú. “Tá iarracht mhór déanta againn chun tionscadail a chur ar bun a bhféadfadh fíorthairbhe a bheith acu ar thionscail éagsúla. An aidhm atá againn ná chun leanúint ar aghaidh agus tógáil ar an rath atá againn trí thuilleadh tascanna taighde a gnóthú in 2009. Tá an acmhainn agus na céimithe ardchaighdeáin againn.”

    Is é Earagail Éisc Teoranta an chuideachta atá lonnaithe i nGaeltacht Dhún na nGall is lena bhfuil an coláiste ag comhoibriú ar an staidéar seo. Tugann Aodh Ó Domhnaill, an Stiúrthóir Bainistíochta, míniú faoin mbealach inar tharla seo, a rá, “Ag Earagail, táimid ag díriú go leanúnach ar fhorbairt táirgí lena n-áirítear an fhéidearthacht atá ann chun luach a chur ar ár bhfotháirgí. Mar chuid den phróiseas leanúnach, táimid ag obair le Julia agus a foireann in Institiúid Teicneolaíochta Leitir Ceanainn chun na réitigh a d’fhéadfadh a bheith ann a fhorbairt, agus, má éiríonn leo, d’fhéadfadh tairbhí a bheith ann don Earnáil Bhia Mara ar an iomlán. Sa chaoi ina bhful rudaí faoi láthair, ní mór go leanfadh an fócas ar fhorbairt na Nasc Tionscail leis na hInstitiúidí Acadúla chun an fhéidearthacht ar na táirgí bunaithe ar an easpórtáil a fhorbairt.”

    Níl anseo ach sampla amháin den bhealach ina bhfuil Institiúid Teicneolaíochta Leitir Ceanainn ag dul i ngleic leis an tionscal áitiúil d’fhonn réitigh a d’fhéadfadh a bheith nuálach agus úrnua a fháil ar shaincheisteanna casta.

    Tá Julia an-díograiseach maidir leis an tionscadal, “Nílimid ach díreach tosaithe, agus is topaic an-ábhartha agus an-spreagúil é ar leibhéil éagsúla.” Is mac léinn lánfhásta é Julia a thosaigh ag déanamh staidéir ar an Eolaíocht Anailíseach in Institiúid Teicneolaíochta Leitir Ceanainn chun céim a bhaint amach agus d’fhill sí ar Institiúid Teicneolaíochta Leitir Ceanainn chun staidéar a dhéanamh ar an Eolaíocht Bhithanailíseach nuair a bhain sí céim amach ann anuraidh. “Bhí mé i gcónaí fiosrach agus ba bhreá liom tuilleadh a fhoghlaim. Nuair a d’éirigh liom taithí a fháil sa tionscal chinn mé gur chóir dom filleadh ar an gcoláiste chun tuilleadh staidéar a dhéanamh leis an aidhm chun an treo ina raibh mé ag dul ó thaobh gairme de a athrú. An rogha soiléir ba ea Institiúid Teicneolaíochta Leitir Ceanainn.”

    Agus staidéar á dhéanamh aici in Institiúid Teicneolaíochta Leitir Ceanainn chuir sí spéis i dtaighde eolaíochta a dhéanamh. “Bhí ríméad orm nuair a glacadh liom ar an gclár, is é seo an rud ar mian liom a dhéanamh. Is fiú go mór obair a dhéanamh sa réimse seo agus má aimsímid go bhfuil coscairí ACE agus PEP i bhfotháirgí éisc d’fhéadfadh deis ollmhór a bheith ann le hobair a dhéanamh amach anseo. Is rud mór é a bheith ar an eolas go bhféadfadh difríocht mhór a bheith ina bhfuilimid ag déanamh taighde air.”

    Beidh an Dr. Brian Carney agus an Dr. Maria Hayes mar theagascóirí Julia ar an staidéar agus tá alt athbhreithnithe á scríobh aici sa réimse seo agus tá súil aici é a fhoilsiú i mblian.

    Agallamh curtha i mí na Feabhra 2009.

  • » An córas á dhífhabhtú

    An córas á dhífhabhtú

    Student Story 5.jpg Sa lá atá inniu ann, má dhéantar gnó gan suíomh Gréasáin tá sé cosúil le siopa a oscailt gan doras tosaigh. Mar sin féin, d’fhás an Gréasán go heaspónantúil le 10 mbliana anuas, agus tógadh líon mór suíomhanna Gréasáin trí úsáid a bhaint as bogearraí nó ‘ailtireacht’ nár thuar na milliúin úsáideoirí atá air inniu nó éagsúlacht na bhfeidhmchlár. Is é sin an fáth a bhfuil James Molloy ag déanamh iniúchta ar bhealaí chun feabhas a chur ar fheidhmíocht agus iontaofacht na suíomhanna Gréasáin a dhéanann r-thráchtáil. De réir James, “Má tá dearadh láidir bogearraí mar thaca ar shuíomh Gréasáin gnó laghdófar na fabhtanna laistigh de shuíomh Gréasáin agus beidh úsáid an tsuímh i bhfad níos furasta le húsáid. Go bunúsach, leis seo, sábhálfaidh gnóthais mórán ama agus airgid agus iad ag réiteach fadhbanna nó ag cothabháil an tsuímh.”

    Leanann sé leis a rá, “Ní ‘bróisiúir’ éighníomhacha iad Suíomhanna Gréasáin a thuilleadh do ghnóthais chun díol a dhéanamh ar líne, ach is iad an phríomhuirlis anois chun gnó a dhéanamh, eg, eBay, Google. etc. Breathnaigh ar an mbealach inar ghin Obama i bhfad níos mó airgid tríd an ngréasáin seachas trí bhronntóirí traidisiúnta. Mar sin tá sé tábhachtach go dtógtar struchtúr/bunúis na suíomhanna Gréasáin ar dhearadh maith. Má thuairteálann an suíomh Gréasáin ciallaíonn sé sin go gclisfeadh an gnóthas.”

    Bhain James céim Onóracha amach sa Ríomhaireacht Fheidhmeach ó Institiúid Teicneolaíochta Leitir Ceanainn agus bhí dúil aige taithí a fháil i ndearadh bogearraí. Deir sé, “Ní éiríonn le níos mó ná 60% de na tionscadail dearaidh bogearraí uile dul ar aghaidh chuig an gcéad chéim eile de bharr droch-ailtireachta. Sa taighde seo tá súil agam tábhacht úsáid na bpatrún dearaidh a aithint agus an bealach ina mbainfidh gnóthais tairbhe astu.”

    Ghlac sé bliain chun taisteal timpeall na hAstráile sular fhill sé ar Dhún na nGall. Deir sé, “Cé gur mhothaigh mé é dian agus mé ag filleadh ar an gcoláiste, chreid mé leis an gcor chun donais eacnamaíoch reatha gur smaoineamh maith é dul chun cinn a dhéanamh i gcúrsaí oideachais. Leis an gcúrsa nua seo atá á thairiscint ag Institiúid Teicneolaíochta Leitir Ceanainn cuirfear le mo chuid scileanna dearaidh bogearraí agus soláthófar deiseanna maithe don todhchaí.” Is í an léachtóir Ruth Lennon atá mar mhaoirseoir ar an taighde seo.

    Deir James, faoi dheireadh na 2 bhliana, go mbeidh liosta cuimsitheach de phatrúin nó ailtireachtaí dearaidh atá mar an dea-chleachtas don r-thráchtáil aige agus go gcuirfear na patrúin seo i bhfeidhm i suíomh Gréasáin oibre. “Tá an Gréasán ag athrú an t-am ar fad. Tá sé tábhachtach do shuíomh Gréasáin a bheith bunaithe ar bhogearraí láidre atá in ann é chosaint agus cur lena fheidhmiúlacht. Tá an dearadh bogearraí an-chostasach agus is féidir go nglacfaidh sé achar fada chun é a fhorbairt. Tá líon mór cuideachtaí nach ndéanann infheistiú ann ag an tús.” Mar thoradh air seo, tá súil ag James go mbeidh luach tráchtála ag a chuid torthaí ar chúrsaí gnó agus tionscail.

    Agallamh curtha i mí na Feabhra 2009.

  • » An Chruthaitheacht á Cosaint ar an nGréasán

     

    Protecting Creativity on the Web

     

    Student Story 6.jpg Roghnaigh Stefan Riegler, mac léinn ar an teileachumarsáid agus na meáin ón Ostair, Institiúid Teicneolaíochta Leitir Ceanainn chun leanúint lena chuid staidéar san íomháú agus sa ghrianghrafadóireacht. Mar chéimí d’Ollscoil na nEolaíochtaí Feidhmeacha St Pölten, tá iniúchadh á dhéanamh ag Stefan ar an gcaoi le modh nua a fhorbairt le faisnéis a chur i bhfolach laistigh d’íomhá chun úinéireacht an téacs, an cheoil, an scannáin agus na healaíne a chosaint. De ghnáth cuirtear comharthaí uisce i bhfolach in íomhánna ar bhealach nach gcuireann siad isteach ar an íomhá chun an lorgaireacht a sheachaint. “Tá líon mór modhanna ann cheana féin ach tá difríocht mhór iontu ó thaobh éifeachtachta,” a deir Stefan. “Tá súil agam a bheith in ann comhartha uisce digiteach a chur ar fáil a chosnóidh bunchruthaitheacht an úinéara agus úsáid na híomhá. Cailltear airgead mór gach bliain de bharr úsáide neamhdhlíthiúla íomhánna digiteacha sa ghrianghrafadóireacht. Tá sé an-deacair monatóireacht a dhéanamh ón nGréasán. Cé go bhfuil modhanna éagsúla ann cheana féin, d’fhéadfaí feabhas a dhéanamh an t-am ar fad.”

    Is bealach é comhartha nó cóipcheart digiteach don tionscnóir chun úsáid na híomhá ar an idirlíon a chosaint. Gearrtar íomhánna tráchtála de réir líon na húsáide agus is bealach traidisiúnta é an comhartha uisce ar an íomhá chun cosc a chur ar úsáid nach bhfuil íoctha. Cailltear na milliúin gach bliain le húsáid neamhdhlíthiúil íomhánna digiteacha.

    Is é atá i gceist le cuid mhór de thaighde Stefan ná athbhreithniú liteartha ar chórais comharthaí uisce digiteacha atá ann cheana féin, na cinn is déanaí san áireamh, “Tá sé ag athrú an t-am ar fad, leis an nGréasán ag éirí níos sofaisticiúla go digiteach ní mór do na modhanna chun an t-ábhar cruthaitheach a chosaint éirí níos sofaisticiúla freisin.” a deir Stefan, “Faoi láthair tá buntáistí agus míbhuntáistí gach modha á meas agam. Ina dhiaidh sin beidh mé ag breathnú ar chomhartha uisce digiteach nua a fhorbairt chun féachaint an bhfuil sé in ann ionsaithe reatha atá aitheanta agus ionsaithe amach anseo a chomhrac.”

    Na maoirseoirí atá ag Stefan in Institiúid Teicneolaíochta Leitir Ceanainn ar an staidéar seo ná Karen Bailey agus an Dr. Mark Leeney, a thug an-chuid spreagtha agus comhairle praiticiúla dó. Deir sé, “Tá a fhios acu i ndáiríre a bhfuil siad ag caint faoi agus thug siad an-chabhair dom.”

    Tá Stefan ag obair ar an mbogearra agus tá súil aige feabhas a chur ar na córais comharthaí uisce digiteacha atá amuigh ansin. “Is meascán an-spéisiúil de ríomhchlárú bogearraí agus íomhánna, agus tá éagsúlacht mhór ann dá bhrí sin. Chomh maith leis sin tá íoslódáil digiteach neamhdhlíthiúil ag éirí i bhfad níos mó sofaisticiúla, mar sin ní mór duit a choinneáil suas chun dáta.”

    Agus é ag caint faoin thaithí go dtí seo i nDún na nGall, “Difríocht amháin faoi Institiúid Teicneolaíochta Leitir Ceanainn ná go bhfuil sé beagáinín níos mó ná m’ollscoil san Ostair, mar sin ghlac sé tamall orm socrú isteach ann. Tá áiseanna den scoth anseo agus iad chomh nua-aimseartha sin. Agus aithne agam ar i bhfad níos mó daoine agus ar an áit anois, tá súil agam níos mó den chontae a fheiceáil i mbliana.”

    Tá súil ag Stefan an staidéar a chur i gcrích taobh istigh de 2 bhliain.

    Agallamh curtha i mí na Feabhra 2009.

  • » Seanchoincheap ag baint úsáide as uirlisí nua

     

     

    Seanchoincheap ag baint úsáide as uirlisí nua

    Student Story 7.jpg Líon na ndaoine a bhí ag baint úsáide as an leathanbhanda in 2007 ba ea 373 milliún agus réamh-mheastar go bpléascfaidh sé seo go 1 bhilliún faoi 2012 (Olausson, 2007). Ar bharr air sin, beidh úsáid na suíomhanna líonraithe sóisialta ar nós Bebo agus Facebook mar chuid lárnach cumarsáide an ghnáthshaoil. Tá an feiniméan seo in úsáid cheana féin ag an nglúin níos aosta i líonraí ina bhfuil nideog i gceist agus tá gnólachtaí ag baint úsáid níos minice as na suíomhanna seo thar réimse leathan gníomhaíochtaí margaíochta idir athbhreithniú margaíochta agus fhorbairt táirgí nua.

    An bhfuil margóirí in ann suíomhanna líonraithe a úsáid go héifeachtach? De réir Sarah Diffley, céimí Staidéar Gnó d’Institiúid Teicneolaíochta Leitir Ceanainn, atá ag déanamh taighde sa réimse seo, “Tá siad, ach gan na modhanna margaíochta traidisiúnta a úsáid. Baineann daoine úsáid as na suíomhanna seo mar chuid dá ngrúpa, déanann siad cinneadh faoi na daoine atá san áireamh agus déanann siad cinneadh faoi na fógraí a bhaineann leo. Tá an chumhacht i lámha an tomhaltóra. Ní mór do mhargóirí iad féin a chruthú go bhfuil tábhacht agus brí leo nó ní bhreathnóidh na tomhaltóirí ar an teachtaireacht atá acu. Ní oibreoidh na heiseamláirí traidisiúnta fógraíochta agus margaíochta sa spás seo.” a deir sí agus í ag leanúint ar aghaidh, “Go dtí seo níor bhain cuideachtaí Éireannacha mórán úsáid as suíomhanna líonraithe sóisialta. Agus dá bhrí sin, is mian liom a fháil amach faoin mbealach ina n-iompraíonn tomhaltóirí iad féin ar na suíomhanna seo agus a aimsiú cad a bheidh ar mhargóirí a dhéanamh chun dul i ngleic agus i ndoimhneacht leis an gcaidreamh leis na tomhaltóirí seo. Ba mhaith liom a fháil amach faoin mbealach inar féidir linn na suíomhanna líonraithe sóisialta a chomhtháthú go rathúil isteach sa straitéis mhargaíochta.”

    Tá athbhreithniú ar an líon uileghabhálach de shuíomhanna líonraithe sóisialta curtha i gcrích ag Sarah cheana féin a spreag í chun an fócas atá aici a leathnú amach chuig iompar an tomhaltóra ar líne. “Tá sé an-spéisiúil, iompraíonn daoine iad féin go héagsúil ar líne i gcomparáid leis an ‘saol dáiríre’, baineann cúrsaí aoise go mór leis ach tá daoine ag dul ar líne go bunúsach chun caidreamh a bhunú agus a choimeád. Níl na suíomhanna seo teoranta do dhaoine óga amháin a thuilleadh. Tá líon méadaithe d’úsáideoirí atá níos aosta ag baint úsáide as na suíomhanna seo mar bhealach le cumarsáid a dhéanamh le daoine eile ar bhonn sóisialta agus gairmiúil.”

    Cúis amháin ar roghnaigh Sarah an t-ábhar seo, taobh amuigh de bheith ina leantóir díograiseach de Facebook, ná toisc nach bhfuil mórán staidéar déanta ar úsáid Éireannach de shuíomhanna líonraithe sóisialta agus tá beagán díobh a bhreathnaíonn ar ghrúpaí eile seachas mic léinn coláiste. “B’shin an spreagadh a bhí agam. Tá an réimse ag bogadh ar aghaidh chomh sciobtha sin, tá sé ag athrú an t-am ar fad. D’fhoghlaim mé a lán faoi iompar an tomhaltóra. Creidim sa todhchaí, go mbeidh suíomhanna líonraithe sóisialta níos lárnaí ní hamháin ó thaobh peirspictíochta sóisialta de ach mar phríomh-mhodh cumarsáide laistigh de chúrsaí gnó. Agus na glúine óga ag dul isteach san fhórsa saothair tabharfaidh siad leo an t-ionchas agus an spreagadh chun na huirlisí seo a úsáid ní hamháin mar mheicníocht chumarsáide shóisialta ach mar mheicníocht chumarsáide ghnó”.

    Beidh fócasghrúpaí agus agallamh á reáchtáil ag Sarah chun a fháil amach faoin gcaoi agus faoin gcúis a n-úsáideann daoine na suíomhanna líonraithe sóisialta seo agus chun an bealach a aimsiú inar féidir tionchar a bheith ag margóirí ar an suíomhanna seo. Chomh maith leis sin, déanfaidh Sarah iniúchadh freisin ar an mbealach ina n-úsáideann gnólachtaí líonrú sóisialta agus ar an mbealach ina neartaítear agus ina scriostar brandaí leis na líonraí seo. Na maoirseoirí ar an staidéar is ea Billy Bennett agus James ag Institiúid Teicneolaíochta Leitir Ceanainn agus Peter Kawalek, Scoil Ghnó Mhanchain.

    Tá Billy Bennett, Ceannasaí na Scoile Gnó, ag súil le toradh an staidéir, “Léiríonn an taighde nuálach sna Meáin Shóisialta oiriúint straitéiseach le Straitéis Taighde Institiúid Teicneolaíochta Leitir Ceanainn agus is é ceann amháin de na príomhthéamaí taighde sa Scoil Ghnó. Is fianaise bhreise iad na cláir mháistreachta taighde atá maoinithe de chultúr taighde atá ag fás laistigh den Institiúid. Tá céimithe anois in ann rogha a dhéanamh ó na cláir mháistreachta taighde chomh maith leis an tsraith de na cúig chlár Máistreachta múinte.”

    Sa todhchaí an é nach mbeidh aon teagmháil daonna ann? “Is seanchoincheap é an líonrú sóisialta atá ag baint úsáide as uirlisí nua,” a deir Sarah. “Baineann sé le caidrimh ach i spás éagsúil. Is i lámha na dtomhaltóirí atá an smacht iomlán, beidh ar an margóir oibriú go dian le go dtabharfaí aird orthu, le bheith ábhartha agus le go dtaitneoidh siad le daoine eile. Is é sin an fáth go mbeidh ar ghnólachtaí a chinntiú go bhfuil páirt níos mó ag na tomhaltóirí, trína fháil amach cad atá de dhíth ar dhaoine i dtáirgí, seirbhísí agus conas ar mian leo cumarsáid a dhéanamh leo, más mian leo go ndéanfaí cumarsáid leo ar chor ar bith. Go bunúsach tá athrú bun os cionn á dhéanamh ar an margaíocht a aithnímid.”

    Agallamh curtha i mí na Feabhra 2009.

Scéalta Mac Léinn

Tuilleadh sa mhír seo

Cuardaigh

Cuardaigh eolairí foirne & nuacht