Saol Mac Léinn
Sports at LYIT
Tá áiseanna spóirt agus caitheamh aimsire lonnaithe san ionad ilfheidhmeach ar an champas (An Dánlann). Ar na háiseanna áirítear -
- Halla spóirt/áis imeachtaí mór nua-aoiseach, 28m x 32m, le suíocháin chúisíneacha fhargáin le haghaidh 344.
- Tá suíocháin bhreise ar fáil le haghaidh suas le 1100 duine.
- Tá áiléar féachana os cionn an halla.
- Tá láthair nua folláine coirp le haerchóiriú agus trealamh den scoth - 7 muileann coise, 6 rothar, 5 fheiste oiliúna croise, 3 inneall rámhaíochta agus réimse tromán (inneall agus saor).
- Seomraí gléasta atá glan agus fairsing
- Caifitéire
- Classes
- Facebook - LYIT Sports Centre
Is ball cleamhnaithe é LyIT de CUSAI (Comhairle na Riarthóirí Spóirt Ollscoile in Éirinn); ghlac LyIT páirt i gCluichí Mac Léinn an Domhain - Beijing (2001), Daegu (2003) agus Istanbul (2005). Roghnaíodh mic léinn agus baill foirne mar chuid de na toscaireachtaí seo agus bhíodar páirteach maidir leis na foirne a ullmhú agus a roghnú.
Scoláireachtaí Spóirt
Ar bhonn aonair faigheann cuid de na mic léinn ata ag staidéar go lán aimseartha scoláireachtaí spóirt ón institiúid. Bronnadh na scoláireachtaí is déanaí i mí Feabhra 2010. Déanann grúpa laistigh den institiúid na scoláireachtaí seo, a bhronntar ar mhic léinn a ghnóthaigh aitheantas spóirt nó a cheaptar an cumas a bheith iontu aitheantas spóirt a ghnóthú, a mheas. Tá sé tábhachtach go dtuigfeadh iarratasóirí ar Scoláireachtaí Spóirt, sa chéad áit, go gcaithfeadh siad a bheith cláraithe mar mhac léinn lán aimseartha den Institiúid, agus an fhoirm iarratais chuí a chomhlánú chomh luath agus atá sé ar fáil i seimeastar 2 den fhéilire acadúil. Ní cóir do mhic léinn reatha dara leibhéal iarratas a dhéanamh go dtí go mbíonn siad cláraithe agus ag freastal ar an Institiúid ar feadh seimeastair iomlán amháin ar a laghad. Tabharfaidh an painéal roghnaithe aird ar rannpháirtíocht spóirt an iarratasóra, dílseacht an iarratasóra don fhoireann institiúide ina bhfuil siad páirteach agus, ar deireadh, saothar sásúil acadúil sa chlár staidéir acu. Tá an tInstitiúid ag súil le raon na scoláireachtaí spóirt a fhorbairt ins na blianta atá romhainn. I mbliana, chun clár na scoláireachtaí spóirt a chur chun cinn, d’eisigh Roinn na Seirbhísí Mac Léinn san institiúid preasráiteas agus paca eolais chuig na scoileanna dara leibhéal as ar tháinig an 11 mhac léinn a ghnóthaigh scoláireachtaí spóirt. I ngach cás, tugadh eolas don Phríomhoide agus don Treoirchomhairleoir san scoil dara leibhéal maidir le dul chun cinn an mhic léinn ón scoil sin. Féachadh ar an tionscnamh sin mar spreagadh i dtreo na mac léinn eile nach raibh cinneadh déanta acu fós maidir lena mbealach acadúil feasta; bheadh dóchas ann go spreagfadh an seans ar mhaoiniú breise a fháil ón chlár Scoláireachtaí Spóirt iad chun deis a thapú ar choláiste tríú leibhéal a roghnú.
Déanann foireann an Ionaid Spóirt na háiseanna spóirt agus an clár caitheamh aimsire (imeachtaí & ranganna) a stiúradh. Riarann an tOifigeach Spóirt agus an tOifigeach Seirbhísí Mac Léinn na clubanna spóirt agus an clár scoláireachtaí. Ar na clubanna spóirt atá ar bun laistigh den Institiúid áirítear iad seo a leanas -
- Lúthchleasa
- Badmantan
- Cispheil
- Dreapadóireacht
- Iomáint
- Rugbaí
- Cnocadóireacht
- Peil Ghaelach (fir & mná)
- Sacar (fir & mná)
- Eitpheil
- Cosdornáil
- Friosbaí
Tugtar spreagadh agus tacaíocht maidir le rannpháirtíocht aonair i roinnt eile cúrsaí spóirt chomh maith.
Tá fáilte roimh chách ón phobal agus teacht acu ar na háiseanna uile ins An Dánlann.
Clár Caitheamh Aimsire
- Tá cláir aclaíochta dírithe ar dhaoine aonair chomh maith le comhairle ar leith ar fáil ó bhaill foirne cáilithe.
- Clár éagsúil caitheamh aimsire – atá ar oscailt do mhic léinn agus don phobal, a chuimsíonn (2009/10):
- Aeróbaic Céime 50/50
- Cleachtadh Coirp
- Spin Fit
- Cleachtadh Cuarda
- Rince
- Yoga
- Traenáil Phearsanta
- Club Snámh
- Club Bogshodair
- Imeachtaí agus Cóisir Lá Breithe do Pháistí
- Campa Samhraidh do Pháistí
Uaireanta ar Oscailt
- Tréimhse Téarma
- Luan 8.30 - 21.30
- Máirt 8.45 - 21.30
- Céadaoin 8.45 - 21.30
- Déardaoin 8.45 - 21.30
- Aoine 8.45 - 20.00
- Satharn 10.00 - 14.00 (tréimhse téarma amháin)
Tabhair faoi deara led thoil go bhfuil amanna druidte níos luaithe i mí an Mheithimh, mí Iúil agus mí Lúnasa.
Tharlódh ná beadh an halla ar fáil ar feadh tréimhsí áirithe le linn na bliana acadúla mar gheall ar riachtanais na hInstitiúide – déan fiosrú led thoil.
Chun tuilleadh eolais a fháil, déan teagmháil led thoil le:
Helen Kennedy
Bainisteoir – Ionad Spóirt
Institiúid Teicneolaíochta Leitir Ceanainn
Bóthar an Chalaidh
Leitir Ceanainn
Co Dhún na nGall
(t) +35374 9186868
(e) Helen.Kennedy@lyit.ie
Riarachán agus Fáiltiú +35374 9186818.
Patsy McGonagle
Oifigeach Spóirt
Patsy.mcgonagle@lyit.ie


