about-top.jpg

Saol Mac Léinn

Séiplíneacht

Fáilte chuig leathanach shuíomh gréasáin na Séiplíneachta san LYIT.

Conas is féidir linn cuidiú leat?

Is céim iontach tábachtach i do shaol é an lá a chuireann tú tús le do chuid staidéir i Leitir Ceanainn. Do mhórán, ciallaíonn sé gurb é seo an chéad uair riamh a bheidh siad ag fágáil an bhaile, a gcuid cairde agus na háiteanna is fearr aithne acu orthu. Cé gur am iontach spreagúil é agus go bhfuil tú ag tnúth le cairde úra a dhéanamh agus a bheith níos neamhspleách, tig leis a bheith deacair, agus fiú uaigneach, do roinnt mac léinn a bheith ag tosú sa choláiste agus ag dul i dtaithí ar shaol úrnua. Tá na Séiplínigh ar fáil agus breá toilteanach cuidiú leat i ndóigh ar bith a bhfuil sé ar a gcumas.

Tá an tAth. Seán Ó Buaidhe (An Eaglais Chaitliceach), Teil 074 91 25182/074 91 86830 lánaimseartha agus ar fáil ar an champas gach uile lá.
A tOir. William McCully An Eaglais Phreispitéireach), Teil: 074 91 29956
An tOir. Stewart Wright (Eaglais na Éireann), Teil: 074 91 22573

Ofrálann muid an tseirbhís seo a leanas

Tá an tseirbhís seo dírithe ar an mhac léinn, ag leanúint ar aghaidh ó shaol an bhaile agus an teaghlaigh, le haird faoi leith ar bhreoiteacht, bás agus caillteanas. Pléann na Séiplínigh leis na mic léinn le hurraim agus dínit i gcónaí i ngach uile chás, cibé laistigh nó lasmuigh den Institiúid atá i gceist. Tá na Séiplínigh rannpháirteach sa líonra de sheirbhísí comhairleoireachta agus beidh lúcháir orthu éisteacht le hábhair imní na mac léinn agus comhairle a thabhairt nó iad a chur ar aghaidh go dtí sainseirbhísí eile nuair is gá. Tá fáilte roimh mhic léinn a theacht isteach agus a gcomhrá a dhéanamh go cairdiúil neamhfhoirmeálta.

Déantar Aifreann a cheiliúradh ag 10.30 r.n. gach uile mhaidin in Aireagal Cholm Cille, atá suite ar chúl siopa an Aontais in aice le hoifig na Scoile Gnó. Fógrófar amanna Aifrinn agus imeachtaí eile taobh le hAireagal Cholm Cille agus ar chláir na bhfógraí. Tá Aireagal Cholm Cille oscailte do chách. Is áit urnaithe é, is tearmann é, áit chiúin i measc driopás agus callán shaol an choláiste. Tá fáilte roimh gach uile bhall de phobal an choláiste a theacht isteach agus a scíth a ligint ar feadh tamaill.

Conas teagmháil a dhéanamh agus muid a aimsiú

Tá an tAth. Seán Ó Buaidhe, Séiplíneach an Choláiste, lonnaithe sa Dánlann i Seomraí Seirbhísí na Mac Léinn agus tá sé ar fáil i rith na bliana acadúla; tá fáil ar na séiplínigh eile trí choinne a dhéanamh leo. 

An tAth. Seán Ó Buaidhe 
Séiplíneach an Choláiste
Institiúid Teicneolaíochta Leitir Ceanainn
Bóthar an Chalaidh
Leitir Ceanainn
Co Dhún na nGall
(t) +35374 9186830
(fón póca) 087 9141606
(e) rory.brady@lyit.ie

NASCANNA ÚSÁIDEACHA:
Catholic Diocese of Raphoe
Church of Ireland - Parish of Conwal
Presbyterian Church - Youth Section
Appleseeds

Updated: Tue, 03 Apr 2012 14:54:09 BST

Cuardaigh

Cuardaigh eolairí foirne & nuacht