about-top.jpg

Saol Mac Léinn

Seirbhís Leighis & Sláinte

Fáilte chuig leathanach gréasáin na Seirbhíse Sláinte in Institiúid Teicneolaíochta Leitir Ceanainn.

Ofrálann muid an tseirbhís seo a leanas

Tá seirbhís iomlán leighis ar fáil saor in aisce do na mic léinn go léir atá cláraithe agus cuirtear béim ar chothú sláinte. Bíonn dochtúir agus banaltra lánaimseartha ar fáil sa lialann gach lá.

Cé muidne

Déanann dhá dhochtúir sealaíocht sa lialann le linn na seachtaine; siad sin an Dr. Mary Mc Fadden agus an Dr. David Khavia, chomh maith le banaltra cláraithe lánaimseartha, Hannah Glackin.

Cad is féidir leat a bheith ag súil uainne

Tá an t-eolas go léir a chuireann an dochtúir nó an bhanaltra ar fáil go hiomlán rúnda agus ní chuirtear an t-eolas sin in iúl do dhuine ar bith eile gan cead an mhic léinn atá i gceist. Coinnítear iomlán na dtaifead ar líonra do féin nach bhfuil ceangailte isteach sa phríomhchóras. Tá cógas coisctheach agus scagthástáil ar fáil fosta.

Cad a bheidh muidne ag súil uaitse

Bain an tairbhe is fearr as an tseirbhís trí bheith in am do do choinne nó, mura bhfuil tú ábalta a theacht, trí theagmháil a dhéanamh leis an fháilteoir do Sheirbhísí Mac Léinn chun an coinne a chur ar ceal. Má tá tinneas fadtéarmach ar bith ort agus go bhfuil gá le monatóireacht nó cabhair leighis rialta, ba chóir duit clárú leis an tseirbhís leighis chomh luath agus is féidir, le do thoil.

Clúdach Éigeandála

Cuirtear clúdach lasmuigh de na gnáthuaireanta ar fáil mar a leanas:

NowDOC - Teileafón 1850 400 911:
Uaireanta ar oscailt: meán lae Dé Sathairn, i rith an lae Dé Domhnaigh agus Laethe Saoire Bainc. Deireadh seachtaine: 6 i.n. go 8 r.n. Beidh ar mhic léinn nach bhfuil cárta leighis acu íoc ar son seirbhíse an NowDOC.

Lialann an Dr McFadden - Teileafón 074 91 29393:
Clúdach éigeandála, 8 r.n.-9 r.n. agus 5 i.n.-6 i.n. Luan - Aoine.

Tá an dochtúir agus altra an Choláiste lonnaithe in Ionad Leighis an Choláiste ar an chéad urlár sa Dánlann, i seomraí na Seirbhísí Mac Léinn. Tá córais i bhfeidhm do choinní ach tabharfar aire i gcónaí do chás éigeandála. Faigh i dteagmháil leis an fháilteoir do Sheirbhísí Mac Léinn chun coinne a chur in áirithe. Chomh maith leis sin, is féidir teagmháil a dhéanamh lenár seirbhís le ríomhphost ach cuimhnigh, le do thoil, gurb í an Institiúid úinéir na ríomhphost agus dá bhrí sin níl rúndacht ag baint leo.

An tIonad Leighis
Institiúid Teicneolaíochta Leitir Ceanainn
Bóthar an Chalaidh
Leitir Ceanainn
Co Dhún na nGall
(t) +35374 9186855
(e) hannah.glackin@lyit.ie
(e) medical@lyit.ie
Oifig Fáilte Sheirbhísí na Mac Léinn +35374 9186855

NASCANNA ÚSÁIDEACHA

Ceisteanna Coitianta 
SLÁINTE TAISTIL 

www.patient.co.uk
www.hse.ie
www.meningitis-trust.ie
www.thinkcontraception.ie

 

 

 

 

Updated: Tue, 03 Apr 2012 14:45:27 BST

Cuardaigh

Cuardaigh eolairí foirne & nuacht