about-top.jpg

Saol Mac Léinn

Gairmeacha Beatha

Fáilte chuig Oifig na nGairmeacha Beatha san LYIT. Is í Oifig na nGairmeacha Beatha an príomhphointe teagmhála dóibh seo a leanas:

  • Mic léinn agus céimithe gur spéis leo a ngairm bheatha a phleanáil agus a fhorbairt.
  • Fostóirí a bhfuil suim acu céimithe a earcú.
  • Eolas fá fhostaíocht do chéimithe agus treochtaí an mhargaidh.

Conas is féidir linn cuidiú leat?

Eolas a fháil fá na roghanna difriúla do ghairm bheatha a bhaineann le mo chéim 
Ag glacadh briseadh i ndiaidh céim a fháil 
Tuilleadh eolais a fháil fá iarratais agus agallaimh 
Eolas a fháil fá oideachas iarchéime agus oideachas gairmiúil 
Is fostóir mise agus tá spéis agam i socrúcháin oibre do mhic léinn nó céimithe  

Cad is féidir leat a bheith ag súil uainne

Tig leat a bheith cinnte go dtabharfar seirbhís chairdiúil éifeachtach duit. Pléifear le rud ar bith a innseoidh tú dúinn go hiomlán faoi rún. Tabharfar freagra ar fhiosrúcháin teileafóin laistigh de dhá lá oibre agus ar fhiosrúcháin ríomhphoist laistigh de thrí lá oibre.

Bíonn Oifig na nGairmeacha Beatha oscailte ó Luan go hAoine le linn uaireanta oifige. Bíonn seirbhís ‘buail isteach’ ar fáil gach maidin ón 10.00r.n. go dtí 12 meán lae i gcomhair fiosrúcháin thapa agus trí choinne ag amanna eile. Tig leat coinne a dhéanamh ach glao a chur ar Oifig na nGairmeacha Beatha ag an uimhir 074 918 6812, teachtaireacht ghairid agus uimhir theagmhála a fhágáil, nó trí ghlao a chur ar an fháilteoir in oifig na seirbhísí mac léinn ag an uimhir 074 918 6855.

Fáiltíonn an oifig seo roimh fhiosrúcháin i nGaeilge.

Conas teagmháil a dhéanamh linn agus muid a aimsiú

Tá Oifig na nGairmeacha Beatha lonnaithe thuas staighre sa Dánlann i seomraí na Seirbhísí Mac Léinn.

Catherine Lyster
Oifigeach na nGairmeacha Beatha
Institiúid Teicneolaíochta Leitir Ceanainn
Bóthar an Chalaidh
Leitir Ceanainn
Co Dhún na nGall
(t) +35374 9186812
(ríomhphost) catherine.lyster@lyit.ie
(ríomhphost) careers@lyit.ie
Oifig Fáilte Sheirbhísí na Mac Léinn +35374 9186855+35374 9186855

NASCANNA ÚSÁIDEACHA
 

Careers Brief
Grad Destination Report 2009  
www.gradireland.ie
www.prospects.ac.uk
www.profilingforsuccess.com
www.skillsireland.ie
www.ibec.ie/gradlink

Updated: Fri, 09 Dec 2011 13:47:02 GMT

Cuardaigh

Cuardaigh eolairí foirne & nuacht