Saol Mac Léinn
Seirbhís Chomhairleoireachta
Is céim mhór í tosú i gcoláiste ar bith; tá mórán le gnóthú agat ach tá mórán dúshlán romhat chomh maith. Tig le comhairleoireacht cuidiú leat i ngach cineál deacracht, idir acadúil agus pearsanta. D’fhéadfadh rud éigin tromchúiseach a bheith ag cur isteach ort le blianta fada nó b’fhéidir gur rud éigin beag a tharla ar na mallaibh atá ag déanamh imní duit. B’fhéidir nach bhfuil a fhios agat i gceart cad í an fhadhb ach nach bhfuil tú in ann an lámh in uachtar a fháil ar an deacracht.
Is féidir linne cuidiú leat a dheimhniú cad é go díreach atá ag cur isteach ort agus smaoineamh ar cad é a ba chóir a dhéanamh le é a réiteach. Ná bíodh faitíos ort fáil i dteagmháil linn nuair atá cás éigeándála i gceist. Tabharfar tús áite do chásanna éigeandála agus déanfar iad a phlé láithreach bonn.
CÉN FÁTH GO RACHFÁ AR LORG COMHAIRLEOIREACHTA
Appointments
Confidentiality
Information for Staff
What you say about us
Frequently Asked Questions
Self Help
Complaints Procedure
Conas teagmháil a dhéanamh linn agus muid a aimsiú
Tá Comhairleoir na Mac Léinn, Marian McNulty, lonnaithe sa Dánlann i rannán na Seirbhísí Mac Léinn.
Marian McNulty
Comhairleoir
Institiúid Teicneolaíochta Leitir Ceanainn
Bóthar an Chalaidh
Leitir Ceanainn
Co Dhún na nGall
(t) +35374 9186817
(fón póca) +35387 9555266
(ríomhphost) marian.mcnulty@lyit.ie
(ríomhphost) counselling@lyit.ie
Oifig Fáilte Sheirbhísí na Mac Léinn +35374 9186855.
NASCANNA ÚSÁIDEACHA:
www.studentdepression.org


