An seachtú turas draíochtach go Párthas ag grúpa Gaisce an LYIT.
Eispéireas iontach – is mór an tionchar a bhíonn ag Urraim agus Cineáltas ar dhaoine
Uair amháin eile, chaith meitheal ón LYIT, in éineacht leis na léachtóirí Florence Blake agus Paul O'Sullivan, coicís i rith an tsamhraidh i bpáirt iargúlta den Téalainn ag obair le pobal Ghairdín Pharthais. Tá an pobal seo go léir, idir mhná, fhir agus páistí, ag fulaingt le VEID/SEIF, agus ní amháin go gcaithfidh siad déileáil lena n-aicíd ach caithfidh siad fosta déileáil le dídhiúltú óna bpobail féin.
Is í seo an seachtú bliain a chuaigh oibrithe deonacha ón LYIT go dtí An Téalainn ar mhaithe le hoibriú ar an tionscadal ‘Gairdín Pharthais’. Le linn an ama sin, thug Florence agus Paul níos mó ná 100 mac léinn, atá i bhfách lena nDámhachtain Óir ó Ghaisce a bhaint amach, go dtí An Téalainn. Tá sé mar aidhm ag Gaisce aos óg na hÉireann a spreagadh le dúshlán a chur rompu féin a bhuíochas d’obair dheonach, d’obair mheithle agus de chumarsáid le chéile.
I mbliana, ba é an tionscadal a bhí i gceist ná cuidiú le hatógáil na dtionscadal a scriosadh de bharr na dtuillte i mí Mheán an Fhómhair seo caite. Go hádhúil, ní dhearnadh damáiste de na tithe cónaithe; ach sciob na tuillte leo linnte na bhfroganna agus cróite na gcearc. Ar an tséala sin, thosaigh meitheal Ghaisce ar atógáil na beirte i gcuideachta pobail na háite.
‘Seo a leanas a bhí le rá ag Florence faoin dóigh a raibh rudaí agus faoin toradh a tháinig as an saothar. “Bhí gach uile dhuine ag obair go han-chrua faoi ghrian an-the na Téalainne san am is teo den bhliain. Bhí triúr mac léinn sa mheitheal a bhí chomh tógtha sin le cineáltas agus láidreacht na ndaoine ansin, gur shocraigh siad a theacht ar ais in 2012. Ba thuras thar a bheith luachmhar a bhí ann.”
Ní hobair chrua a bhí ann i rith an ama; fuarthas cuid mhaith spraoi amach as chomh maith. Bhain an grúpa ón LYIT sult mór as béile blasta amuigh faoin aer agus siamsaíocht ó na páistí mar bhuíochas ar son a saothar.
Bhí an méid seo a leanas le rá ag Caitríona Kelly, duine de na mic léinn a chuaigh go dtí An Téalainn: "Eispéireas iontach a bhí ann. Bhí sé thar a bheith sásúil an togra iomlán a fheiceáil nuair a bhí sé críochnaithe, ó thiomsú airgid i Leitir Ceanainn go dtí a bheith ag tógáil feirmeacha frog agus éisc sa Téalainn. Obair chrua a bhí ann ach bhí neart cuideachta againn fosta agus chomhoibrigh muid go maith mar mheitheal. Bhí an mhuintir atá ina gcónaí i nGairdín Pharthais chomh buíoch sin gur chuir sé ola ar ár gcroí. Dar liom, san iomlán, gur eispéireas a bhí ann a d’oscail mo chuid súl agus tá mé ag tnúth lena dhéanamh arís.”
“Chruinnigh na mic léinn an t-airgead do na hábhair agus do na costais taistil i nDún na nGall i dtús báire. Cé go bhfuil muid ábalta ár gcuid saothar a thabhairt saor in aisce, níl sé ar chumas an phobail seo bunábhair a cheannach, ábhair macasamhail sreangra, péint, bloic agus araile. Mar sin de, bhí sé fíorthábhachtach go raibh airgead againn don ábhar tógála,” a mhínigh Florence, duine d’eagraitheoirí an turais.
“Bhí áthas orthu go raibh muid ansin le cabhair a thabhairt dóibh ach níos tábhachtaí ná sin, bhain siad sochar as comharthaí simplí a léirigh comhurraim, leithéidí buidéal uisce a roinnt le chéile, comhrá a dhéanamh leo agus barróg a thabhairt dóibh.”
Teideal an Ghrianghraif:
Mic Léinn ón LYIT a thaisteal go dtí An Téalainn mar oibrithe deonacha ar mhaithe le cabhair phraiticiúil a thairiscint do phobal atá go léir ag fulgaint ó VEID/SEIF.
Ó chlé: Michelle Long, Riadh Egan, Jennifer King, Florence Blake, Katy Murphy.
Ó chlé ar cúl: Catriona Kelly, Paul O'Sullivan, Kevin Durran, Brian McElwaine, Aoife Mangan, Brid McElhinney, Anna O'Donnell, Conor Boyd, Kim Bradley agus San.
NASCANNA ÚSÁIDEACHA
Thu, 06 Sep 2012 14:59:00 BST


