Wir sprechen Deutsch ins na Cealla Beaga!
Cuidíonn céimithe ón Scoil Turasóireachta le Dún na nGall chun barr a bhaint as stopanna cúrsála.
Le linn don Long Chúrsála Ghearmánach Amadea, le Phoenix Reisen, a bheith ar stopadh ins na Cealla Beaga, tugadh cuireadh ar bord do ghrúpa foirne acadúla ó Scoil Turasóireachta LYIT. Tharla an chuairt i gcomhthráth le téarma nua cúrsaí atá ar fáil sa scoil, áit a rinneadh athchóiriú ar na cláir uile i mbliana, ar a n-áirítear an príomhchúrsa turasóireachta – Turasóireacht Cheann Scríbe le Margaíocht.
Ag dul ar bord dóibh, chas an grúpa ar Ann McHugh agus Moya McHugh, céimithe ó na cláir thurasóireachta atá anois ag obair le Coiste Fáilte Cúrsála na Cealla Beaga.
Treoraíodh an grúpa foirne ar chuairt ar fud na loinge, chuig na cábáin, na bialanna, na tábhairní agus na háiseanna siamsaíochta, agus freisin chuig áiteannaná bíonn teacht ag an phobal orthu, mar an phríomhchistin. Fuaireadar tuiscint bhreise ar thionscal ná feictear de ghnáth ach ó radharc an turasóra.
Thosaigh an Amadea ar a thuras ó Bremerhaven in iarthuaisceart na Gearmáine, áit a bhfuil Ollscoil Eolaíochtaí Feidhmeacha a chuireann Clár um Bainistiú Turasóireachta Cúrsála ar fáil. Chuaigh mic léinn ó Scoil Turasóireachta na Cealla Beaga go Bremerhaven mar chuid den tionscnamh Erasmus um Staidéar Thar Lear.
Míníonn Ciarán ó hAnnracháin, Ceann Roinne, “Is gné thábhachtach den ard-oideachas líonraí a thógáil agus comhoibriú le coláistí eile san Eoraip; leanaimid leis seo i dtreo is go leathnóidh na mic léinn agcuardach fostaíochta, sa bhaile agus i gcéin. Cuidíonn an cur chuige seo le na chinntiú go mbeidh siad ullamh um réimsí leathan gairme i dtionscal atá ag fás agus ag éagsúlú.”
Cois cé, chas an grúpa foirne LYIT le 3 chéimí atá anois ag obair mar threoraithe cáilithe turais. Bhíodar ag fáiltiú roimh na turasóirí Gearmánacha ar theacht i dtír dóibh agus á gcur ar an eolas maidir le turasanna bus chuig Gleann Colmcille, Gleann Bheatha agus
baile Dhún na nGall. Tugann na treoraithe, maraonleis na tiománaithe cóiste agus gach duine atá páirteach, seirbhís den scoth do na comhlachtaí cúrsála a roghnaíonn na Cealla Beaga mar áitstoptha, a bhfuil a líon ag dul i méid i gcónaí. Deir Ciarán ó hAnnracháin, Ceann Roinne, “Cuireann sé ina luí orainn chomh tábhachtach is atá sé oideachas agus oiliúint turasóireachta den scoth a bheith ar fáil in iardheisceart Dhún na nGall.Bhí sé fíor-shásúil bualadh leis na céimithe ar an long agus cuid eile de na mic léinn againn a fheiceáil ag obair, ag fáiltiú roimh na turasóirí Gearmánacha.”
Tháinig eolas suntasach ar ghairmí san turasóireacht chúrsála as an chuairt seo, ach léirigh sé freisin tábhacht na turasóireachta maidir le fostaíocht sa réigiún. “Iarracht foirne go deimhin a bhí ann.”
Teidil na bpictiúr:
Pictiúr #1: Fáilte Conallach. Tugann Moya McHugh agus Anne McHugh faisnéis turasóireachta ar bord an Amadea.
Pictiúr #2: Foireann Scoil Turasóireachta LYIT lena dtreoraí (Mireille) ar dheic an Amadea, agus radharc úrnua acu ar Chuan na Cealla Beaga. (Tá an Scoil Turasóireachta ar chúl.)
Pictiúr #3: Cuir aithne ar Dhún na nGall seo againne. Buaileann Ciara Quinlan (ar chlé) agus Moragh Canney (ar dheis), Léachtóirí ag an Scoil Turasóireachta, le céimithe agus Treoraithe Turais Ute Daly, Patsy McNulty agus Máiréad McNulty, agus iad ag ullmhú chun turasóirí ón Amadea a threorú trí iardheisceart Dhún na nGall.
Thu, 27 Sep 2012 09:51:00 BST


