about-top.jpg

Bealaí Solúbtha chun Ardoideachais

Cuireann LYIT iliomad bealaí ar fáil chun teacht ar Ardoideachas.

Flexible Higher Education_Sep12Tá réimse leathan de chúrsaí solúbtha páirt-aimseartha/lán-aimseartha agus roghanna ag LYIT do dhaoine gur mian leo cur le scileanna, filleadh ar an oideachas nó rud éigin nua a fhoghlaim. I mbliana tá níos mó cúrsaí ná riamh ar ábhair shuimiúla mar Luathchúram Leanaí, Margaíocht agus fiú Sínis. Mar sin, más ag cuimhneamh ar leanúint le staidéar atá tú, is cinnte go bhfuil cúrsa ag LYIT a oireann duit.

Is mar seo a leanas atá na cúrsaí roinnte: Springboard, Cnuasach Creidiúna agus Deimhniúchán Ábhar (ACCS) agus Oideachas Leanúnach.

Tá cúrsaí Springboard dírithe ar dhaoine atá dífhostaithe, gur mian leo a gcuid íocaíochtaí leasa shóisialaigh a choimeád le linn dóibh filleadh ar oideachas. Tá líon teoranta áiteanna ar fáil ar na cúrsaí seo a leanas: Ard-Dioplóma Ealaíon i dTeicneolaíochtaí Seirbhísí Airgeadais,  MSc i mBainistiú Nuálaíochta agus Taighde Feidhmeach, MSc i gCleachtas Margaíochta, agus MSc Eolaíochta sa Ríomhaireacht le Forbairt Feidhmeanna Fiontar. Chun breis eolais a fháil tabhair cuairt ar  Springboard  nó seol r-phost chuig  springboard@lyit.ie.

Tugann ACCS deis duit clárú ar chúrsaí reatha lánaimseartha ar fud an choláiste agus staidéar páirt-aimseartha a dhéanamh ar bhealach a oireann duit. Sa chaoi seo is féidir le mic léinn modúl ar bith ar chúrsa ar leith a leanúint agus teastas a bhaint amach nuair a chríochnaítear an modúl go sásúil. Féach na cúrsaí seo a leanas: Gnó, Dearadh agus Meáin Chruthaitheacha, Turasóireacht agus Fáilteachas, agus Altranas.

Dóibh siúd atá ag féachaint ar rud éigin nua a fhoghlaim, tá flúirse cúrsaí tráthnóna páirt-aimseartha ag LYIT in ábhair shuimiúla mar iad seo: Fealsúnacht, Luathchúram Leanaí, Sláinte agus Staidéir Shóisialta, Dearadh Gréasáin, agus Sínis. Chun breis eolais a fháil déan teagmháil le Peter ag 074 9186063 nó tabhair cuairt ar  Continuing Education.

Dáiríre, seo é an t-am is fearr chun tabhairt faoi ardoideachas solúbtha ag LYIT; tosaíonn formhór na gcúrsaí i mí Mheán Fómhair, mar sin téigh i dteagmháil linn inniu.

UIMHREACHA ÁISIÚLA TEILEAFÓIN

Springboard: Colm ag 074 9186177
Oideachas Leanúnach: Peter ag 074 9186063
ACCS - Gnó, Dearadh agus Meáin Chruthaitheacha: Rory ag 074 9186210
ACCS - Turasóireacht agus Fáilteachas: Donna ag 074 9186613
ACCS - Altranas: Aisling ag 074 9186308



Tue, 11 Sep 2012 12:28:00 BST

Nuacht & Imeachtaí

Tuilleadh sa mhír seo

Cuardaigh

Cuardaigh eolairí foirne & nuacht